Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Equal Status (Admission to Schools) Bill 2016: Discussion

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

An dtuigfeadh aon duine mé, áfach? An bhfuil siad in ann cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge? Leanfaidh mé ar aghaidh as Gaeilge, má tá sé sin ceart go leor. An bhfuil? Okay.

Díreach ag labhairt mar gheall ar abhantrach scoileanna agus an cheist a ardaíodh ansin, go stairiúil nuair a bunaíodh scoileanna lán-Ghaeilge ní raibh dóthain acu ann agus bhí siad ag glacadh páistí ó abhantrach níos leithne ná na paróistí mar a bhí. Tá sé sin ag feidhmiú go maith do roinnt scoileanna go dtí go dtagann brú ar na scoileanna seo go háitiúil. An pointe a déanaim ansin ná nach mbeinn ag tacú, b'fhéidir, má tá aon rialacha á leagan síos atá an-righin. Caitheadh solúbthacht a bheith i gceist ann mar gheall ar an gceist sin go bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ag glacadh le páistí ó cheantair níos leithne.

Tá contúirt ag baint leis. Tuigim go bhfuil 300 ceantar pleanála - ceapaim gurb é sin an uimhir - aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Nuair a bhíonn An Foras Pátrúnachta agus na pátrúin eile ag déanamh iarratais ar scoileanna nua a bhunú, lorgaíonn muid léiriúchán tacaíochta ó thuismitheoirí sna ceantair sin. Tá bealach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun déileáil leis seo nach bhfeileann an abhantrach nó an catchment area go minic. Mar shampla, rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar scoil a bhunú i Marino i nDroim Conrach an bhliain seo caite. Tuigeann muid ar fad i gcathair ar nós Baile Átha Cliath, agus i gcathracha eile, nach bhfuil mórán difir idir Marino i nDroim Conrach, Glas Naíon agus na ceantair sin. Tiománann tuismitheoirí suas agus fágann siad páistí ar scoil. Fuair An Foras Pátrúnachta 733 léiriúchán tacaíochta ó thuismitheoirí don scoil a bhí muid ag iarraidh a bhunú. Léiríonn 733 léiriúchán ó thuismitheoirí go mba cheart go mbeadh scoil lán-Ghaeilge bunaithe sa cheantar sin. An cinneadh a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna, áfach, mar gheall b'fhéidir go raibh cuid acu ar an taobh eile den bhóthar i nGlas Naíon agus ní ar an taobh seo, ná go raibh siad taobh amuigh den abhantrach. Caithfimid a bheith cúramach nach bhfuil srian á chur ar sholáthar scoileanna. Tagann an rud seo ar ais arís go soláthar agus dóthain scoileanna a bheith ann den chineál áirithe atá á lorg. Dá mbeadh muid ag dul síos an bóthar catchment area a bheith ann, bheadh mé ag rá, "bíodh Gaelscoil i ngach catchment area chun freastal ar na páistí sna ceantair". Deirim sin mar níl sé sin ann mar atá sé i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.