Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 February 2017

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

Equal Status (Admission to Schools) Bill 2016: Discussion

4:00 pm

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Tá sé sin ceart go leor. Gabhann an Foras Pátrunachta buíochas leis an gcoiste as ucht an cuireadh ár seasamh agus ár dtuairimí i leith na ceiste fíorthábhachtaí seo dár mbunscoileanna agus dár meánscoileanna a chur faoi bhráid an choiste agus a phlé. Fáiltíonn an Foras Pátrúnachta roimh chóras iontrála a chinnteodh uileghabhálacht, oscailteacht agus trédhearcacht, córas a d’fhéadfadh muintir na tíre a bheith muiníneach as. Is bunchlocha an Bhille iad na prionsabail sin.

Is cúis imní don Fhoras Pátrúnachta nach bhfuil suntas tugtha sa Bhille seo ná i ráitis an Aire le déanaí don gcomhthéacs ar leith ina fheidhmíonn Gaelscoileanna i gcoitinne agus na scoileanna faoinár bpátrúnacht go háirithe. Ní fheictear dúinn go mbeidh sé de chead ag scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt do pháistí atá á dtógáil trí Ghaeilge, bíodh sí mar theanga teaghlaigh nó mar theanga tuismitheora nó caomhnóra amháin, nó tosaíocht a thabhairt do dhaltaí atá ag aistriú ó bhunscoil lán-Ghaeilge go meánscoil lán-Ghaeilge ach oiread. Maímid go mba chóir aitheantas a thabhairt do seo sa Bhille. Tuigim go bhfuilimid á phlé i leith abhantrach, ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach na pointí seo a ardú maidir le páistí atá á thógáil le Gaeilge chomh maith céanna.

An cúlra a bhaineann le seo ná go nglactar faoi láthair le gach iarrthóir i gcás gach ceann dár scoileanna a bhfuil spás iontu, agus leanfar leis an gcleachtas sin. Mar a thagair Seamus Mulconry dó níos túisce, is easpa soláthair atá mar fhadhb bhunúsach leis an gceist seo. De bharr easpa soláthair i roinnt ceantar, áfach, tá sé dosheachanta go bhfuil ró-éileamh i roinnt dár scoileanna. Cruthaíonn sé míshastacht i measc tuismitheoirí nach féidir leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil dá bpáistí agus téann sé i gcoinne ár mbeartais shonraithe oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach dalta sa tír a roghnaíonn é agus ár scoileanna a bheith uileghabháilte agus oscailte.

Creidimid mar sin gur chuid mhór den réiteach ná breis scoileanna agus breis scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú ionas go mbeidh fáil ag páistí na tíre ar an gcineál oideachais seo. Tá tacaíocht tras-pháirtí ann do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Creidimid gur croílár chur i bhfeidhm na straitéise sin í an Ghaelscolaíocht. Ní mór don Bhille seo an straitéis a thacú agus a laidriú.

Maidir leis an gceist faoi pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, feidhmíonn scoileanna lán-Ghaeilge chun oideachas a chur ar fáil, go bunúsach, chun pobal Gaeilge a fhorbairt agus chun freastal ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Is mionlach an-bheag iad na teaghlaigh lán-Ghaeilge laistigh den chóras oideachais lán-Ghaeilge. Suim de 3% atá i gceist. Tá sé an-dúshlánach páistí a thógáil le Gaeilge gan na tacaíochtaí cuí a bheith ar fáil ón Stát. Léirítear trí thaighde gur cheann de na tacaíochtaí is tábhachtaí do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge é an córas oideachais.

Cuireann oideachas lán-Ghaeilge le cumas Gaeilge agus Béarla an pháiste atá á thógáil sa mhionteanga, is é sin, an Ghaeilge. Léiríonn taighde nach bhfuil sé seo fíor má tá ar an bpáiste sin freastal ar scoil Bhéarla. Dá bhrí sin, tá sé de dhualgas orainn áit a sholáthar don pháiste seo. Dátheangachas suimitheach seachas dealaitheach atá uainn. Tacaíonn páistí ó theaghlaigh lán-Ghaeilge le pobal na scoile uile tríd a líofacht, a n-úsáid nádúrtha den teanga agus trí léiriú beo do na páistí eile gur rud nádúrtha í an teanga a thabhairt i ngach gné dá saoil. Spreagann siad agus tacaíonn siad le na páistí eile.

Feidhmionn scoileanna an Fhorais Phátrúnachta i gcomhthéacs ar leith sa chuí is go soláthraíonn siad éagsúlacht chultúrtha agus teanga trí mhean na teanga mar aon le héagsulacht shainspioraid, beag beann ar aicme, creideamh, eitneacht nó ceantar tríd ár gcóras tumoideachais. Feicfidh daltaí gur rud nádúrtha é dóibh féin, dá scoileanna agus dá dteaghlaigh a bheith mar chuid de shochaí Ghaeilge agus Ghaelach.

Chun oideachas lán-Ghaeilge den scoth a sholáthar, chun pobal Gaeilge a fhorbairt agus chun freastal ar theaghlaigh lán-Ghaeilge, feictear dúinn gur riachtanach na céimeanna a leanas: i gcás na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil ró-éileamh orthu, go mbeidh sé de cheart acu tosaíocht a thabhairt do phaistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh acu agus an critéar seo a chur ina mbeartas iontrála; agus i gcás meánscoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil ró-éileamh orthu, go mbeidh sé de chead acu tosaíocht a thabhairt do phaistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh nó do pháistí atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Mar sin, iarraimid ar an gcoiste dul i gcion ar leasú agus ar chur i bhfeidhm an Bhille seo sa chuí is go mbeidh cead ag scoil lán-Ghaeilge critéir a thugann tosaíocht do pháistí a bhfuil Gaeilge acu a leagan amach agus iad a chur i bhfeidhm sa chás go mbíonn ró-éileamh ar an scoil.

Is cosaint bhunúsach é seo ar an gcóras tumoideachais agus rud a chinnteoidh inmhearteach na teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.