Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Is é seo an dara am agamsa an cur i láthair céanna a chloisteáil mar tá mé ar an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna. Molaim na finnéithe as cé chomh cuimistheach is atá an obair atá déanta acu ó thaobh an cur i láthair. Tá sé thar barr. Seasaim leis na cearta atá siad i mbun cuartú agus seasann muid mar pháirtí leis na héilimh atá acu.

Téann sé seo go croí an scéil ó thaobh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh maith céanna ó thaobh cén chaoi a bhfuilimid leis an nGaeilge a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Caithfidh an teaghlach a bheith lárnach sa rud ar fad agus caithfear tacaíocht a thabairt do na teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Is údar díoma inniu go bhfuilimid ag cloisteáil go bhfuil deacrachtaí ag tuismitheoirí na Gaeltachta ó thaobh a bheith ag iarraidh tacú le clanna le Gaeilge agus le teaghlaigh le Gaeilge ar acmhainní gann. Tá na finnéithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus níl tobar na Gaeilge timpeall orthu mar atá de bhuntáiste againn sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá a gcás i bhfad níos deacra ó thaobh sheachadadh na Gaeilge don chéad ghlúin eile. Dá bhrí sin, déanann sé seo iomlán céille. Ní hamháin go bhfuil sé ar mhaithe lena bpáistí féin ach tá sé ar mhaithe leis na páistí eile ar fad atá sna ranganna go mbeadh an cainteoir dúchais istigh sa rang. Tá siad mar eiseamláir agus mar shampla den dea-theanga a bheidh siadsan ag seachadadh don chéad ghlúin eile.

Gan dabht, tá gaol agus caidrimh tábhachtach ó thaobh ról na naíonraí Gaelacha. B'fhéidir go ndéarfaidh na finnéithe rud éigin faoin gceangal sin chomh maith.

Ní hamháin go bhfuilimid ag caint ar a bheith ag dul ó bhunscoil go meánscoil. Tá cuid mhaith de na páistí ag freastal ar naíonraí Gaelacha agus mar sin de. Go deimhin, tá iníon liom féin agus bhí comhrá againn an tseachtain seo caite. Bhí sí ag naíonra lán-Ghaeilge, ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge agus anois tá sí ag fáil a hoideachas tríú leibhéal trí mheán an Bhéarla. Tá sí ag déanamh go breá agus éireoidh léi ach faigheann siad na hábhair níos deacra mar gheall go bhfuil siad á múineadh trí Bhéarla ná mar a bhí cheana agus sin duine go raibh an Ghaeilge mar bhuntáiste aici tríd an bpróiseas ar fad. Mar sin, sílim go ndéanfadh sé iomlán céille. Tuigtear dom ó bheith ar an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna - obviously ní féidir liom labhairt thar ceann an choiste go fóill - go mbeidh tuarascáil á réiteach agus sílim go mbeidh sé ina hacmhainn láidir dá dtiocfadh ráiteas láidir ón gcomhchoiste seo go bhfuilimid ag tacú leis na héilimh seo.

Maidir leis an bhfeachtas féin, cén chaoi a bhfuil na finnéithe le dul i gceann na polaiteoirí trasna na dTithe anseo agus trasna na páirtithe éagsúla? An bhfuil dea-thoil ann? An bhfuil tacaíocht láidir nó tacaíocht lag ag an ngrúpa? Céard is gá dúinn a dhéanamh le tacú leis na finnéithe ó thaobh na héilimh atá acu? Ó mo thaobh-se de, déanann sé iomlán céille go ndéanfaí na leasuithe áirithe seo. Ba mhaith liom go mbeadh an comhchoiste seo in ann ráiteas láidir a chur amach ag tacú leis an éileamh atá siad ag déanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.