Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

2:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ba mhaith liomsa moladh a thabhairt don obair atá ar bun. Luaigh Bríd Ní Chongóile gradam Uí Ógartaigh agus mar sin de. Is maith ann iad. Tá dhá rud thar a bheith feiceálach déanta ag Gaillimh le Gaeilge. Is iad sin comharthaíocht ar shiopaí agus in áiteanna ar fud an bhaile agus logainmneacha. Tá siad thar a bheith feiceálach. Tá go leor de na logainmneacha i nGaillimh anois i nGaeilge amháin. An rud atá spéisiúil ná go dtagann go leor daoine isteach i m'oifigse nach ó bhunadh na hÉireann iad ar chor ar bith. Teifigh agus dreamanna eile ó fud fad an domhain atá iontu. Níl fadhb ar bith acu le hainm Gaeilge, mar nach mbíonn fadhb againne nuair a théann muid thar sáile glacadh le hainmneacha atá i bhFraincis sa Fhrainc agus mar sin de. Is eiseamláir í Gaillimh gur féidir ainmneacha Gaeilge a úsáid ar institiúidí, ar eastáit agus ar bhóithre agus nach mbíonn fadhb ag an bpobal eachtrannach déileáil leo. Is mó de fhadhb a bhíonn ag roinnt daoine atá in éadan na Gaeilge in Éirinn glacadh le na hainmneacha Gaeilge le hais na n-eachtrannach.

Molaim an obair atá ar bun ag Gaillimh le Gaeilge. Tá cúpla buncheist agam. Tá sé thar cinn gur bhronnadh stádas ar Ghaillimh le Gaeilge. Céard a chiallaíonn stádas muna bhfuil plean agus comhoibriú ó na mór-institiúidí chun an stádas sin a dhéanamh fírinneach?

An bhfuil sé i gceist plean comhtháite a réiteach i gcomhairle leis an mbardas, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an ollscoil agus na scoileanna, mar thús, chun an Ghaeilge a chur chun chun ó thaobh eolais de i dtosach báire agus ansin úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa gcathair agus sa gceantar timpeall air? Nó, é an gur díreach stádas atá ann?

Caithfidh mise a rá gur cuireadh na bailte seirbhíse Gaeilge nó Gaeltachta isteach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar go raibh sé molta sa staidéar teangeolaíochta. Bhí mé mar Aire ag an am agus bhí amhras áirid agam faoi. Scaití, an dream is mó atá in éadan na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus tá sé seo aitheanta go stairiúil, ná an dream is deireanaí a thréig í, agus is iad sin an dream is giorra don Ghaeltacht go tíreolaíoch. Chreid mé ag an am nárbh fhiú stádas a bhronnadh muna raibh stádas tuillte. Bhí sé i gceist agam i gcónaí crítéir fíor-láidir a leagadh síos sula bhféadfadh éinne dul ar thóir an ainmniúcháin sin agus go gcaitheadh na bailte sin a chruthú go mbeidis ina mbailte seirbhíse Gaeilge agus Gaeltachta sula mbeadh an teideal sin acu. Nuair a bhronnadh an stádas ó Roinn na Gaeltachta agus an stádas ón mbardas ar chathair na Gaillimhe, an raibh aon rud leagtha síos go gcaitheadh an chathair a dhéanamh le sin a thuilleadh?

Agus iar-uachtarán Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, Dr. Iggy Ó Muircheartaigh, mar fhinné anseo, is údar fíor-dhíoma é dom go bhfuil i gceist ag an ollscoil gan déanamh cinnte go mbeidh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile den choláiste. Ó 1929 i leith, tá rath agus forbairt tar éis teacht ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Ní raibh uachtarán gan Ghaeilge ar an gcoláiste sin riamh ó shin i leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.