Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Cathracha Dátheangacha: Gaillimh le Gaeilge

2:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. I dtosach báire, táim an-shásta go bhfuil an deis againn comhghairdeachas a dhéanamh le Gaillimh le Gaeilge as an obair éachtach atá deanta acu le 30 bliain. Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil sé 30 bliain ar an bhfód. Tá fios agam ar an obair a dhéanann siad ó lá go lá le foireann an-bheag agus daoine an-díograsacha atá ag plé leis an rud ar fad. Tá ard-mholadh tuillte acu as an méid sin agus is eiseamláir iontach iad do bhailte eile timpeall na tíre. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh siad sampla Ghaillimh le Gaeilge a leanúint.

Cén difríocht atá feicthe ag na finnéithe in úsáid na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe le 30 bliain anuas? Nílim ag tagairt díreach don obair a dhéanann Gaillimh le Gaeilge, ach ag caint go ginearálta atá mé. Cá bhfuilimid ag dul, dar le na finnéithe? Tá go leor cainte faoi Gaillimh 2020. Luaigh Bríd Ní Chongóile cuid de na sonraí ina ráiteas oscailte. Cé as a dtiocfaidh an t-airgead do na rudaí atá siad ag iarraidh a dhéanamh? An bhfuil aon tuairimí acu ag an bpointe seo? An bhfuil siad ag déanamh iarratais ar eagraíochtaí éagsúla, nó cá bhfeiceann siad an pota óir a bhaineann le Gaillimh 2020?

Céard a chiallaíonn an stádas dátheangach go praiticiúil? An rud é atá díreach ar pháipéar, nó an bhfuil aon bhunús praiticiúil i ndáiríre píre don dream nach mbeadh chomh dearfach sin faoi, b'fhéidir? Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, táimid ag déanamh tuairisce faoi sin. Is dócha go bhfuil sé fíor-thábhachtach. I ndáiríre, céard é meas na bhfinnéithe ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag an bpointe seo? An bhfuil siad sásta nó mí-shásta leis? An bhfuil sé á chur i bhfeidhm mar is ceart? Ar mhaith leo rudaí eile a fheiceáil déanta? Cad iad na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis?

Luadh méadú ar mhaoiniú. Céard atá i gceist le sin? Ní ceist airgid amháin atá ann, ach ceist acmhainní. Daoine, acmhainní, áiseanna agus mar sin de. Céard a theastaíonn uaidh Gaillimh le Gaeilge go mbeadh sé in ann a obair a dhéanamh níos fearr arís? De réir mar a thuigim, níl aon ról ag Gaillimh le Gaeilge sa gcontae ach an oiread. An bhfuil aon chaint go mbeadh ról ag Gaillimh le Gaeilge ar fud an chontae nó an bhfuil sé teoranta don chathair amháin?

Tá ceist amháin atá achrannach go leor maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is iad sin na ceantracha Gaeltachta sa gcathair. Táim ag caint ar Thír Oileáin, Mionlach, Cnoc na Cathrach agus áiteanna mar sin. Déarfadh daoine nach Gaeltachtaí i ndáiríre iad sin níos mó agus gur cur i gcéill ar fad é a bheith ag rá gur cheantair Gaeltachta iad. Agus Gaillimh le Gaeilge ag comhoibriú leis an gcomhairle cathrach agus an cumann tráchtála, céard atá siad in ann a dhéanamh chun ceantair Gaeltachta a dhéanamh astu sin? An bhfuil an cath caillte? An bhfuil aon dóchas ann dóibh? Ó thaobh na straitéise agus na hacmhainní teoranta atá Roinn na Gaeltachta de, an ceart dúinn a bheith ag díriú ar na fíor-cheantracha Gaeltachta seachas na ceantracha uirbeacha?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.