Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Buiséad 2016 don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

2:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Beidh mise sciobtha mar tá sé ag éirí déanach. Scríobhann an tAire litir, a réitíonn an stiúrthóir dó, chuig Údarás na Gaeltachta a leagan amach cé ar a chaithfear an t-airgead an bhliain dar gcionn agus bíonn treoracha áirid ag baint leis. An bhfuil i gceist treoir a thabhairt sa litir sin go gcaithfear an €250,000 breise a chuirfear ar fáil le haghaidh na gcomharchumann Gaeltachta ar na comharchumainn Ghaeltachta agus eagraíochtaí pobalbhunaithe atá ann faoi láthair le nach ndéanann an t-údarás aon rud eile leis an airgead seachas an rud a fréamhú é? Fuair an tAire Stáit an t-airgead ar chúis áirid. An bhfuil sé i gceist aige a chinntiú sa litir a chuirfear ar fáil don údarás go gcaithfeadh an t-údarás an t-airgead ar an rud a bhí i gceist ag an Aire Stáit nuair a bhfuair sé an t-airgead?

Molaim go scríobhfadh an coiste seo chuig an Aire, an Teachta Zappone, maidir leis na hionaid tacaíochta teaghlaigh agus an fhadhb faoi leith atá acu a d'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir le breis ama le go mbeidh siad in ann foireann oilte a bheith acu san ionad tacaíochta teaghlaigh le cáilíochtaí FETAC leibhéal 5 acu. Tá na daoine atá ag obair ann ar an gcúrsa FETAC leibhéal 5 ach ní bheidh an cúrsa críochnaithe an 1 Eanáir an bhliain seo chugainn. Sílim go dtógfaidh sé sé mhí breise. Molaim go scríobhfadh an coiste seo chuig an Aire, an Teachta Zappone, ag iarraidh sé mhí breise sula gcuirfí an coinníoll sin i bhfeidhm de bharr nach féidir leo dul amach ar an margadh oscailte agus daoine a earcú mar caithfidh Gaeilge a bheith ag na daoine chomh maith le cáilíocht i gcúram leanaí.

Ar an gcéad dul síos, molaim an tAire Stáit go hard. Bhí mé ag moladh é seo nuair a chas muid le chéile i mí an Mheithimh. Dúirt mé go mbeadh easpa caiteachais i gcodanna den Roinn. Mhol mé ag an am go ndéanfaí iomrascáil leis an airgead agus go gcaithfí an oiread den airgead sin agus a bhféadfaí roimh deireadh na bliana ar thograí a bhí aibí. B'fhéidir go gcuireann sé mearbhall ar chuid de na hionadaithe poiblí anseo ach ní chuireann sé aon mhearbhall ormsa. Bhí dhá rogha ag an Aire Stáit: é a chur ar ais chuig an Státciste nó é a chaitheamh. Má tá an tAire Stáit in ann bronntanas a thabhairt d'aon eagraíocht a bhfuil, mar a déarfá, dliteanais aibí acu, deirim leis, "Coinnigh ort agus déan é." Tá mé cinnte go raibh Údarás na Gaeltachta thar a bheith buíoch don €2 mhilliún a bhfuair sé roimh an Nollaig. Bíonn rudaí eile a d'íoctaí amach. Mar shampla, d'íoc an tAire Stáit amach ar fhiacha ar ché Inis Meáin agus ar Inis Oírr agus mar sin de. Rinne mé amach anseo cheana féin nach gcaithfidh Leader an méid airgid atá leagtha amach dó an bhliain seo chugainn. Deirim leis an Aire Stáit a lámh a shín amach go sciobtha chuig an Aire in aice leis agus an oiread den airgead sin agus is féidir leis a fháil chun é a chaitheamh ar an nGaeltacht agus ar na hoileáin chomh luath agus is féidir leis.

É sin ráite, creidim go mba cheart go mbeadh ar a laghad buiséad €3 mhilliún nó €4 mhilliún in aghaidh na bliana d'infreastruchtúr ar na hoileáin. Tá a fhios ag an Aire Stáit é féin é, mar tá sé tar éis cuairt a thabhairt go go leor de na hoileáin agus casadh le go leor de na hoileánaigh, go mbeidh riachtanais caipitil i gcónaí ar oileáin maidir le céanna, bóithre agus rudaí mar sin. Chomh maith leis sin, má tá an tAire Stáit ag iarraidh go dtógfar rudaí ar nós ionad sláinte agus mar sin de, is iontach mar a oibríonn an chomhmhaoiniú. Tuigeann an stiúrthóir atá in aice leis an Aire Stáit é seo mar bhí sé ann nuair a tosaíodh ar an obair seo ar fad i bhfad siar nuair a thugadh na hoileáin isteach faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí ag an am. Tuigeann sé go n-éiríonn linn go leor rudaí a chur chun cinn le heagraíochtaí eile - mar shampla, an HSE - ar na hoileáin trí chomhmhaoiniú a chur ar fáil. Déarfaidís otherwise nach raibh an daonra ann agus nárbh fhiú an caiteachas caiptil an tairbhe agus mar sin de.

Bheadh mise ag moladh go dteastódh €1.4 mhilliún do thograí caipitil Gaeilge agus Gaeltachta. Theastódh dáiríre go leanúnach €5 mhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad le clár ceart a chur i bhfeidhm. Theastódh €4 mhilliún ar oileáin ar a laghad do chéanna, bóithre, tograí beaga agus mar sin de agus go mbeadh clár tograí beaga ann chuile bliain. Tá gá leis sin freisin fós. Bheadh mise ag rá gur chóir go mbeadh €8 milliún, €9 milliún nó €10 milliún ann do caipitil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin. An bhliain seo, ta bealach ag na hAirí le teacht anair aduaidh air. Níl sé sa Revised Estimates ach beidh an tAire Stáit in ann an t-airgead a fháil ó Leader mar ní chaithfidh Leader an t-airgead atá leagtha amach dó an bhliain seo chugainn. Creid uaimse é go mbeidh mé ag caint faoi seo in Aibreán agus i Meitheamh ach caithfidh sé tosú luath sa bhliain mar ní féidir, mar a deirim, an t-airgead a chaitheamh mura bhfuil na tograí réidh.

Bhíomar ag caint faoi bhuaine agus bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag caint faoi bhuaine don airgead don Fhoras Teanga. An rud dar liomsa a dhéanfadh buan é ná dá mbeadh comhmhaoiniú ar fáil ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh. Tá sé i bhfad níos deacra don Rialtas ó Dheas a tharraingt as mar d'fhéadfadh an tAire Stáit dul chuig an Aire Airgeadais agus chuig an Aire Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe ag rá go bhfuil comhmhaoiniú i gceist anseo agus má tharraingíonn muide siar an t-airgead, tharraingeodh an Feidhmeannas siar an t-airgead. Creidim féin gurb é eochair na ceiste seo ná é a chur ina luí ar na húdaráis ó Thuaidh an comhmhaoiniú a chur ar fáil.

Molaim go scríobhfadh muid chuig an cathaoirleach ar an gcoiste cultúir, ealaíon agus fóillíochta sa bhFeidhmeannas ó Thuaidh agus chuig an Aire airgeadais ó Thuaidh. Fear atá ina Ghaeilgeoir dílis agus fear a bhfuil an-mheas agam air. Molaim go scríobhfadh muid chuig an bheirt acu sin ag rá go bhfuilimid an-sásta go bhfuil an Rialtas seo ag cur airgid breise ar fáil ach go mba iontach an rud é dá bhfeicfaidís siúd bealach le comhmhaoiniú a chur ar fáil le buaine a thabhairt don airgead seo. Ní bheadh sé buan más rud é gur thug an Rialtas ó Dheas é gan an Rialtas ó Thuaidh á thabhairt. Is é bunús an tsocraithe buan a rinneadh nuair a bunaíodh an Foras Teanga ná go mbeadh comhmhaoiniú ann. Bhí trí in aghaidh a haon ó Thuaidh ó thaobh an Gníomhaireacht Ultaise agus vice versa, trí in aghaidh a haon, ó thaobh an Rialtais ó Dheas. Tá eochair na ceiste sin i lámh an Aire Stáit ar bhealach. Creidim go mba cheart dúinn litir an-laidir a scríobh ag tacú go mór go mbeadh an comhmhaoiniú ar fáil.

Má éiríonn linn é sin a bhaint amach, beidh sé i bhfad níos éasca don Aire Stáit dul chuig an Aire, an Teachta Donohoe, nó pé duine eile a bheidh ann mar Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhliain seo chugainn, agus a rá go bhfuil comh-mhaoiniú i gceist anseo. Tá na Tuaisceartaigh in ann a gcuid siúd a chur ar fáil agus fág ann é. Tá mé cinnte dearfach sa chomhthéacs sin go n-éireoidh leis an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.