Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Community Development: Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí cur i láthair cuimsitheach againn maidir leis an gclár Leader agus na comhlachtaí páirtnéireachta áirid atá luaite ag Comhar na nOileán agus West Cork Development Partnership. Is léir go raibh éagothroime maidir le cur i bhfeidhm an chláir Leader agus na comhlachtaí a roghnaíodh leis an gclár Leader a chur i bhfeidhm an t-am seo. Tá sé ag dul ó mheabhair ó dhaoine cén fáth nár tugadh cead na hoileáin ar fad a chur isteach faoi phacáiste amháin faoi scáth Comhar Leader nó gur fágadh an creatlach sin mar a bhí roimhe seo. Bhí sé ag oibriú go maith.

An cás a cuireadh os ár gcomhair ná go bhfuil na hoileáin an-difriúil do na comhlachtaí atá ag feidhmiú ar an mórthír. Tá comhaontaithe, de réir mar a thuigeann muid, idir Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Contae Chiarraí, Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Comhairle Contae Dhún na nGall maidir leis an gclár Leader ar na hoileáin eile, ach bhí deacrachtaí i gcás Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus an chaoi ar leagadh amach na ceantair agus líon na gcomhlachtaí a bheadh ábalta cur isteach ar an gclár Leader.

Tá ceisteanna go leor le freagairt faoi sin. Bunaithe ar dhaonra, i gcontaetha ar nós Contae Chorcaí is cosúil go raibh cead trí limistéar Leader a bheith ann ach i gcás Chontae na Gaillimhe dúradh nach mbeadh i gceist ach limistéar amháin agus pacáiste amháin. An bhfuil sé sin ag luí leis na treoirlínte atá tagtha ón Eoraip? Thuig mise, bunaithe ar an daonra a bheadh i gContae na Gaillimhe, go gcaitheadh ar a laghad dhá limistéar Leader a bheith roghnaithe. Tuigeann muid gur lean cásanna cúirte maidir le sin ó thaobh an social inclusion and community activation programme, SICAP, agus go gcuireann se sin isteach ar an trí chomhlacht a bhí ag feidhmiú sa gceantar. Is iad sin Galway Rural Development, FORUM Connemara agus Comhar na nOileán. Fiú ag an bpointe seo, nach bhfuil sé ciallmhar go mbreathnófaí ar athbhreithniú a dhéanamh ar leagan amach na gcomhlachtaí Leader agus Comhar na nOileán a fhágáil i mbun na gcúraimí sin ar na hoileáin?

Tá an cineál togra a bhíonn ar bun ar na hoileáin an-difriúil de na tograí a bheadh ar bun ar an mórthír. Tá an-obair déanta ag Comhar na nOileán thar na blianta ar na hoileáin éagsúla. Tá saineolas maidir leis na riachtanais sin bailithe ag Comhar na nOileán thar na blianta. I ndáiríre, an cás a chuireadar os ár gcomhair ná go mbeidh cúlú iomlán i ndáiríre ar na seirbhísí a bheidh ar fáil. Is cuma cé chomh maith is a bheadh comhlacht ar an mórthír, ní bheadh an tuiscint ann agus ní bheadh an foireann lonnaithe ag an gcomhlacht ar na hoileáin in ann déileáil leis an gceist ar fad.

An glacann an Aire leis gur déanadh éagóir iomlán ar Chomhar na nOileán i leagan amach an chláir nua Leader? An bhfuil sí sásta athbhreithniú a dhéanamh ar an leagan amach sin? An féidir cás eisceachtúil a dhéanamh arís do Chomhar na nOileán, buiséad faoi leith a thabhairt dó agus treoir a thabhairt dá réir don Roinn agus don chomhairle contae eisceach a dhéanamh do Comhar na nOileán sa gcás seo ar fad?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.