Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Baineann an pointe atá á dhéanamh agam leis an socrú idir an chomhairle chontae agus an farantóir. De réir mar a thuigim, bhí éileamh ann ón bhfarantóir go mbeadh íocaíocht de saghas éigin ar fáil ón Roinn le haghaidh mí Eanáir, mí Feabhra agus leath de mhí an Mhárta an bhliain seo chugainn. Níor mhaith liom méid na híocaíochta a phlé nó dul isteach sna mionsonraí. Má tá airgead i gceist, agus tuigim go bhfuil, ba cheart don Roinn dóthain airgid a chur ar fáil a chinnteoidh gur táillí de €10 agus €6 a bheidh i gceist. Ní cheart go mbeadh an Roinn taobh thiar den doras ó thaobh airgead a chur ar fáil nuair atá iarracht á déanamh a chinntiú go ngearrfar a leithéid de tháillí. Tá sé éasca a thomhas cé mhéad a chosnódh sé sin don bhfarantóir, ós rud é go bhfuil a fhios againn cé mhéad oileánach a théann isteach is amach go dtí na hoileáin áirithe seo. Bunaithe ar na figiúirí atá tugtha ag an bhfanatóir, ceapaim go gcosnódh an difríocht idir na táillí mar atá siad agus na táillí laghdaithe atá molta agam thart ar €29,000. Má tá airgead á íoc ag an Roinn, ba cheart go mbeadh na táillí laghdaithe mar choinníoill. Beidh ar an Roinn tuilleadh airgid a chur ar an mbord más gá. Bhí orainn é sin a dhéanamh i gcásanna na hoileáin eile. Dá mbeadh cead ag na farantóirí a rogha de tháillí a ghearradh, bheadh an fordheontas níos lú ach bheadh na hoileánaigh ag íoc níos mó. Caithfidh an córas nua tosnú ar an 4 Eanáir seo chugainn. Níl aon mhaith a rá go socrófar arís é. Is ceist airgid é seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.