Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Aodhán Mac Cormaic as a bheith ceaptha mar stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn. Tá fear agus státseirbhíseach an-mhaith ceaptha sa ról sin. Tá súil agam go n-éireoidh go breá leis ina chuid oibre.

Iarraim ar an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dom sa chomhthéacs seo. Glacaim leis nach féidir linn dul isteach sna mionchomhráití agus go mb'fhearr iad a fhágáil idir an Aire Stáit, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an farantóir. Is dóigh liom go bhfuil cúpla rud a bheidh á n-iarraidh ag na hoileánaigh. An mbeidh na huastáillí céanna i gceist in aon socrú a dhéanfar - má bhíonn airgead na Roinne i gceist - agus atá i gceist leis na hoileáin eile? Is iad na táillí sin ná €10 fillte do dhaoine fásta agus €6 fillte do ghasúir. Mar a míníodh anseo inné, má tá tuismitheoirí agus beirt ghasúir ag dul isteach is amach, tá difríocht de €22 - €32 in éadan €54 - i gceist.

Bíonn ar oileánaigh dul isteach is amach go minic. Bíonn cuid acu gafa le spórt. Go deimhin féin, tháinig lánchúlaí ar fhoireann mionúir na Gaillimhe i mbliana - ceann de na réalta peile is fearr a fhacthas ag an aois seo - as Oileáin Árann. Chuile uair a théann sé isteach, bíonn air €12 a íoc. Ní smaoineodh daoine ar an mórthír go gcaithfidís an méid sin a íoc ag an aois sin le peil a imirt dá gcontae. Mar sin, tá sé riachtanach go mbeidh uastáillí i gceist. Dar liom, ní bheidh aon ghlacadh ag na hoileánaigh leis mura mbeidh a leithéid ann. Is é sin atá ráite acu. Ní hamháin an tréimhse ón 4 Eanáir go dtí an 17 Márta, ach an bliain uilig, atá i gceist anseo.

Cén socrú atá déanta don tréimhse amach anseo? Glacaim leis gur thagair an tAire Stáit don bhliain 2017. Tuigim go dtosóidh an conradh fadtéarmach ar 1 Eanáir 2018. Glacaim leis go dtógfaidh sé beagnach bliain. Sílim go bhfuil an conradh d'Inis Meáin agus d'Inis Oírr ag rith amach ag deireadh na bliana seo chugainn. An bhfuil cinnteacht ann don tréimhse idir Dheireadh Fómhair agus Nollaig 2017? Ní bheimid in ann an méid seo ama a chaitheamh ar an ábhar seo arís, agus an oiread sin éiginnteacht ann ó thaobh na n-oileánaigh de agus an oiread sin útamáil i gceist. Dar liom, caithfidh pé socrú atá le déanamh an tréimhse iomlán idir inniu agus cibé cén lá a thiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm a chlúdach.

Mar a thuigeann an tAire Stáit agus an státseirbhíseach sinsearach lena ais, is cuma cad a déarfar leis an Aire Stáit faoi cé chomh sciobhtha agus is féidir tairiscint a lorg agus conradh a bhronnadh. Go minic, tarlaíonn rudaí a chuireann moill ar na próisis sin. Caithfidh an tAire Stáit glacadh leis go dtógfaidh sé níos faide an socrú seo a dhéanamh ná mar atá sé ag rá i láthair na huaire. Más féidir leis é seo a dhéanamh níos sciobthaí, beidh sé sin togha. Bíonn moill go mion minic nuair a théann ceisteanna anonn is anall. Is féidir é sin a fheiceáil i láthair na huaire leis an gconradh don tseirbhís aeir. Creidim go bhfuil an tAire Stáit beagnach réidh leis an gconradh sin a fhógairt. Is léir go dtógann na rudaí seo i bhfad níos faide ná mar a bhíonn súil. Is fearr réiteach a dhéanamh anois a chinnteoidh as seo go dtí cibé cén uair go bhfuil conradh fadtéarmach i gceist agus go bhfuil cinnteacht ann.

Tá dhá cheist á n-ardú agam. Is í ceist na dtáillí an chéad cheist. Glacaim leis go mbeidh comhréiteach ann. Tá an-dul chun cinn déanta ag an Aire Stáit agus bail ó Dhia air. Glacaim lena fhocal go bhfuil solúbthacht taispeáinte ag an Roinn. Tá súil agam go dtaispeánfaidh an chomhairle chontae an solúbthacht chéanna agus go mórmhór go dtaispeánfaidh an farantóir an solúbthacht chéanna. Fágfaidh mé é sin fúthu. Ní dóigh liom go mbeadh sé caoi, ceart nó cothrom níos mó a rá faoi sin ag an bpointe seo. Tá mé ag iarraidh deimhneacht a fháil faoi dhá bhunrud inniu. Tá ceist na dtáillí luaite agam. Ina theannta sin, an bhfuil socrú á dhéanamh a sheasfaidh go dtí go mbeidh conradh buan in áit?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.