Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí caint ar na costaisí reatha sin agus cuireadh figiúirí os ár gcomhair inné. Nuair a bhí ceann de na cásanna cúirte ann, bhí meastachán de €176,000 in aghaidh na bliana mar chostas reatha don ché ach tá sé sin ardaithe le cúpla bliain. Sílim go bhfuil sé áit éigin idir €190,000 agus €260,000 in aghaidh na bliana. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil cruinneas ag baint leis na figiúirí sin agus go bhfuil an méid sin airgid dáiríre á chaitheamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar riaradh an ché sin nuair a bhí céatadán i bhfad níos lú ag baint le riaradh na cé sin sula ndearnadh an ché nua? Cinnte beidh tionchar aige sin ar an méid atá an Roinn sásta a thairiscint nuair a bheidh an Roinn ag cur tairiscint ar fáil ó thaobh conartha de.

Tá comhráití ar siúl agus tuigim nach féidir labhairt go mion faoi chomhráití atá fós ar siúl mar gheall ar chúinsí dlí agus mar sin de.

An bhfuil sé leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an Aire Stáit sa chineál comhréiteach atá á phlé go mbeidh táille de €10 do na hoileánaigh i gceist mar chuid den socrú? De réir mar a thuigeann muid, críochnóidh an socrú reatha ar an 4 Eanáir seo chugainn. Cé chomh fada is a bheidh an socrú nua i bhfeidhm, i dtuairim an Aire Stáit? An mairfidh sé go dtí go mbeidh socrú fadtéarmach déanta tar éis an phróisis comhairliúcháin atá á phlé faoi láthair? Tá sé ráite ag an Aire Stáit go bhfuil sé i gceist aige go mbeidh conradh nua a bheidh níos buaine agus níos fadtéarmaí i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.