Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Service to Inis Mór: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cinnte tá. Cuirim fáilte roimh gach éinne. Bhí plé an-mhaith againn anseo inné le muintir na n-oileán agus le toscairí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an tseirbhís fharantóireachta. Caithfidh mé aitheantas a thabhairt don Aire Stáit agus do na feidhmeannaigh as an gcomhréiteach sealadach atá déanta maidir leis an tseirbhís fharantóireachta go hInis Mór. Ardaíodh ceisteanna níos leithne inné maidir leis an bplean ó thaobh a bheith ag déanamh cinnte de nach dtarlódh a leithéid de rud arís. Is cosúil go raibh, mar a deir siad i mBéarla, standoff idir an comhlacht agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ar chúinsí éagsúla agus tuigim go mbaineann bunús an aighnis leis na táillí ag an gcalafort.

Ós rud é gur chaith rannóga de chuid na Roinne €49 milliún ar ché nua, an bhfuil an Roinn sásta go bhfuil an comhairle contae anois ag baint táillí de phaisinéirí le húsáid a bhaint as an gcalafort céanna? Dar le muintir na n-oileán anseo inné gur fhaca an comhairle contae cash cow sa chomhlacht farantóireachta a bhí ag tabhairt isteach 200,000 paisinéir go hÁrainn in aghaidh na bliana agus, mar gheall go raibh buiséad níos lú ag an gcomhairle, go raibh an comhairle chun cuid den bhrabach sin a bhaint den chomhlacht. Is é sin an sórt léamh a bhí agam air. Tá a fhios agam go bhfuil sé dleathach de réir an dlí, ach an bhfuil an Roinn sásta, tar éis €49 milliún a chaitheamh ar an gcé, go bhfuil sé ceart go mbeadh an comhairle ag baint amach an t-airgead seo? Ar chóir go mbeadh an Roinn tar éis labhairt leo roimh ré le comhréiteach a fháil sula mbeadh deireadh curtha leis an tseirbhís áirithe seo?

Maidir leis an mbearna atá sa mbuiséad ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbliana, dúradh gur thart ar 200,000 paisinéir atá ag dul isteach is amach go hÁrainn agus go raibh 80 cent in aghaidh an chloiginn mar tháille, rud a thabharfadh isteach thart ar €160,000 in aghaidh na bliana. Bhí caint anseo inné faoi fhordheontas a chur ar fáil ón Roinn leis an mbearna sin a dhéanamh suas agus an chóir é sin a dhéanamh nó an chóir go mbeadh comhréiteach áit éigin idir €160,000 agus an €40,000 a ghlacaim leis gur chuir an Roinn ar an mbord roimhe seo. In áit a bheith ag caint ar táillí calafoirt, ar chóir go mbeadh muid ag caint ar fhordheontas ón Roinn?

Bhí ceist mhór eile ag muintir na n-oileán inné. An aontaíonn an tAire gur chóir go mbeadh an táille mar a chéile ag daoine as Inis Mór atá ag taisteal is atá ar gach oileán eile amach ó chósta na hÉireann? Síleann gur €10 an táille a íocann gach duine eile ach go bhfuil táille €15 nó mar sin ar mhuintir Inis Mór agus go bhfuil táillí níos airde ar na daoine óga chomh maith.

An bhfuil i gceist comhchoiste iompair nó comhchoiste oileánda a athbhunú faoi scáth na Roinne le honadaithe ó na hoileáin rannpháirteach ann? Bhí caint go raibh a leithéid de chomhchoiste faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimhe seo, ach an bhfuil gá i ndáiríre le comhchoiste ina mbeadh na rannpháirtithe éagsúla - an Roinn, Comhairle Chontae na Gaillimhe, muintir na n-oileán agus na comhlachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil - le nach mbeidh muid ag titim ó ghéarchéim go géarchéim maidir leis an tseirbhís aeir, an tseirbhís fharantóireachta agus eile agus gur féidir teacht ar chomhréiteach ar na ceisteanna seo?

Ó thaobh luach airgid a fháil, cé gur chaith an Roinn €49 milliún ar an gcé agus go bhfuil táille 80 cent an duine á bhaint de na turarsóirí atá ag dul isteach agus amach, an bhfuil an Roinn sásta nach bhfuil leithreas nó shower ann agus gan ach fascadh iontach teoranta le fáil ar an gcé ? An bhfuil na hAirí sásta gur bhfuair an Roinn luach airgid as an togra sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.