Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 December 2016
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Ferry Services to Inis Mór: Discussion
2:15 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ach tá rud spéisiúil anseo. Nuair a bhíomar ag iarraidh síneadh a chur le céibh Inis Oírr, dúradh nach raibh aon ghá le céibh in Inis Oírr mar go raibh ceann tógtha in Inis Mór cheana féin. Á thógail sin san áireamh, má cheapann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é sin, is dóigh liom go mbaineann Inis Oírr le hInis Mór. Cén uair a cheapann an comhairle chontae go mbeidh sé réidh le dul ag tógáil?
An dtógfaidh sé bliain eile go dtí go mbeidh gach cead agus conradh curtha amach, tairiscintí faighte ar ais agus gach rud eile réitithe? Cén fhad a thógfaidh sé go mbeidh conraitheoir ar shuíomh in Inis Oírr?
No comments