Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Ms Cathy Ní Ghóill:

Aontaím leis an Seanadóir gur cinnte go mbeadh coiste iompair ann. Tá leathnú amach ar an smaoineamh sin ag teastáil. Bhí an cheart ag an Teachta Connolly nuair a dúirt sí gur chóir go mbeadh polasaí oileánda ann do na hoileáin uilig. Is é tuairim Comhar na nOileán agus Comhdháil Oileáin na hÉireann ná nach bhfuil aon pholasaí Rialtais ann do na hoileáin faoi láthair. Níl sé ann. Má tá an Rialtas agus an tír dáiríre faoi na hoileáin, caithfidh siad polasaí a chur i bhfeidhm. Ba cheart dóibh suí síos le ionadaithe na n-oileánaigh agus muid a tharraingt isteach sa phróiseas agus gan muid a bheith fágtha taobh amuigh den doras i gcónaí, mar atá ag tarlú faoi láthair.

D'iarr an Seanadóir O'Donnell cén fáth ar stopadh an conradh ceithre bliana ó shin. Mar a dúradh níos luaithe, bhí sé fógraithe ag an gcomhlacht ag an am nach raibh mórán airgead curtha ar leataobh ag an Roinn leis an gconradh sin. Ceapaim gur €36,000 in aghaidh na bliana a bhí ann. Bhí an comhlacht ag rá ag an am nár theastaigh an conradh uaidh. Bhí sé ag iarraidh dul ar aghaidh gan chonradh. Ní cheart go n-éisteódh Rialtas nó Roinn le comhlacht nó gnó príobháideach. Bhí sé de cheart acu éisteacht linne. Chuir siad amach ar tairiscint é. Níor chuir an comhlacht isteach air agus ní raibh aon chomhlacht eile san áireamh. D'iarr muid ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist ionas go mbeadh sí in ann teacht timpeall ar i mbealach eile, mar shampla, tríd an airgead a ardú, ach níor rinneadh é sin. Dhá bhliain ó shin, nuair a bhí bagairt ann go raibh an comhlacht chun an tseirbhís a stopadh sa gheimhreadh arís, rinne an Roinn iarracht. Bíonn sé níos socaire idir mí Dheireadh Fómhair agus mí an Mhárta. Teastaíonn seirbhís i rith na bliana ar fad, ach gan dabht teastaíonn seirbhís an-mhaith i lár an gheimhridh nuair a bhíonn an aimsir an-dona. D'fhógair sí é arís. Cheap muid go raibh an airgead íseal, ach níor chuir an comhlacht isteach air. Bhí an cumhacht ag an comhlacht príobháideach. Ba cheart don Stáit agus don Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar sin agus a chinntiú go mbeidh conradh buan ann dúinn.

Tá sé mícheart agus caithfidh na Teachtaí é a athrú láithreach.

Bhí ceist maidir le Roinn na Gaeltachta. Cloiseann muid, "All the money is being spent on the Aran Islands", i gcónaí nuair a théann muid isteach go dtí an Roinn. Luaigh mé go bhfuil an daonra is airde againne ar na trí oileán Árann. Leis na trí oileán le chéile, táimid timpeall ar 50% de dhaonra iomlán na n-oileán. Ó thaobh na Roinne de, tá súil againn go bhfuil an meon sin athraithe le píosa anuas. Tá aithne mhaith ag an Aire Stáit, an Teachta Kyne, ar na hoileáin agus ceapaim go bhfuil tuiscint níos fearr aige ná mar a bhí ag an dá Aire roimhe sin. Tá súil againn go dtuigeann sé cás na dtrí oileán Árann agus na hoileáin go ginearálta agus go mbeidh athrú meoin sa Roinn ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.