Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Ms Cathy Ní Ghóill:

D'iarr an Teachta Ó Cuív an bhfuil muid sásta leis an gcéibh nua. Bhí mé mar bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Árann nuair a bhunaíodh an choiste calafoirt 15 bliana ó shin, is dócha. Bunaíodh fochoiste den chomharchumann an t-am sin chun stocaireacht a dhéanamh le forbairt a dhéanamh ar chalafort Chill Rónáin. Mar a luaigh mé níos luaithe, tháinig sé seo ó phobal Árainn agus ó phobal Inis Mór. Níor tháinig sé ón Roinn ná ón gcomhairle chontae. D'éist an Roinn, agus an Aire a bhí ann ag an am, linn. Táimid thar a bheith sásta leis an gcéibh atá againn anois. Theastaigh sé uainn 50 bliain ó shin. Is cuimhin linn an drochstoirm a bhí againn ceithre bliana ó shin. Bhí go leor d'Árainn scriosta an t-am sin. Bhí bóithre scriosta. Ní chreidfeadh baill an choiste cé chomh dona is a bhí sé. Murach an forbairt a bhí déanta ar an gcalafort, bheadh Cill Rónáin scriosta. Is féidir liom a rá mar fhreagra ar an gceist go bhfuilimid sásta leis.

Ó thaobh an chonartha agus na costais a bhaineann leis na ticéid, tá sé i gceist againn go mbeidh réiteach ar an fhadhb seo, agus go mbeidh an táille tugtha anuas, ó inniu ar aghaidh. Tá sé mícheart go bhfuil orainn airgead breise a íoc. Tá sé á n-íoc againn le ceithre bliana anuas. Luaigh Mr. Micheál Ó Cualáin an costas a bhíonn ar ghasúir agus ar chlanna agus iad ag dul isteach is amach. Bíonn ar dhaoine smaoineamh an féidir leo dul anseo is ansiúd mar gheall go bhfuil an costas an-daor. Nuair a bhí an praghas níos ísle, bhí oileánaigh ag taisteal i bhfad níos minicí. Tá na figiúirí ag Island Ferries leis sin a chruthú. Nuair a chuaigh an praghas suas, laghdaigh líon na bpaisnéirí go mór. Ba cheart é sin a réiteach láithreach. Ní chóir go mbeadh orainn é seo a íoc ar feadh bliain eile. Táimid tar éis ceithre bliana a chaitheamh ag íoc táille i bhfad níos airde ná aon oileán eile. Is dóigh liom gur labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin choiste iompair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.