Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 December 2016
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Ferry Services to Inis Mór: Discussion
2:15 pm
Mr. Micheál Ó Cualáin:
Go díreach. Rinne an t-innealtóir Kevin Finn pointe an-suimiúil. Dúirt sé go bhfuil an costas 40% níos airde nuair atá infreastruchtúr ar nós an céibh á thógáil ar oileán. Transnaíonn sé sin go dtí chuile rud ar an oileán, mar shampla, nuair atá foirgneamh ar bith á thógáil. Labhair mé níos luaithe faoi cothabháil scoile. Bhí mé ag iarraidh an phointe sin a dhéanamh.
Ba mhaith liom a rá leis an Seanadóir Ó Clochartaigh go molfaimid agus glacfaimid le haon iarrachtaí ón gcomhchoiste. Bheimid fíorbhuíoch dá mbeimid in ann suí síos agus ceist an oideachais a phlé go sonrach. Tá mé cinnte go mbeadh ionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin fíorshásta é sin a chloisteáil.
No comments