Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Ms Cathy Ní Ghóill:

Tosóidh mé leis an Teachta Ó Cuív a chuir ceist ó thaobh an chonartha dó. Níl conradh againn agus seo an fáth go bhfuil an fhadhb seo againn. Dá mbeadh conradh Stáit ann, ní bheadh muid sa phonc is atáimid. An rud a theastaíonn ó Inis Mór, mar atá ag go leor oileáin eile, ná conradh Stáit a bheith i bhfeidhm mar déanann sé sin cinnte de go mbeidh an tseirbhís báid ann go laethúil. Mar gheall nach raibh sé seo i bhfeidhm ar Inis Mór le ceithre bliana anuas - freagróidh sé seo ceist an Chathaoirligh freisin - bhí an comhlacht príobháideach seo in ann stopadh am ar bith. Bhí an comhlacht ag rá go raibh siad, mar gheall ar chostaisí, chun stopadh coicíos ó shin. Ó thaobh Inis Mór, an rud a theastaíonn uainn anois ná conradh a bheith curtha i bhfeidhm láithreach agus praghas réasúnta.

Faoi láthair, tá an rud atá ag tarlú mícheart. Mar gheall nach bhfuil conradh ann, íocann muide níos mó ar táille fillte ná aon oileán eile atá conradh i bhfeidhm ann. Mar shampla, íocfaidh cúpla le beirt gasúr ag dul amach as Inis Mór €54. Íocfaidh beirt daoine fásta agus beirt gasúr ag fágáil Inis Meáin €32. Sin difríocht de €22 chuile uair a théann an chlann sin amach. Tá sé sin mícheart agus tá sé ann mar gheall nach bhfuil conradh i bhfeidhm. Teastaíonn é sin a bheith athraithe láithreach. Teastaíonn go mbeadh conradh buan curtha i bhfeidhm ag an Rialtas. Déanfaidh sé sin cinnte ansin go mbeidh costas an ticéid laghdaithe. Tá imní orainn le bliain anuas nach dtarlódh sé agus níl a fhios againn céard a tharlóidh amach romhainn. Teastaíonn é sin a athrú agus a athrú láithreach agus teastaíonn conradh a chur i bhfeidhm.

Chuir an Cathaoirleach ceist cén fáth nach raibh conradh ann. Bhí conradh i bhfeidhm go dtí Inis Mór go dtí thart ar ceithre bliana ó shin. Bhí an méid airgid a bhí ceadaithe ag an Rialtas do chonradh Inis Mór an-íseal. Bhí sé íseal mar bhí an comhlacht ag an am - an comhlacht céanna atá ag feidhmiú faoi láthair - ag rá nach dteastaíonn conradh le hInis Mór. Bhí comórtas ann ag an am. Bhí comhlacht eile ann. Seo gnó. Seo an rud a tharla. Níor theastaigh conradh ón comhlacht atá ann faoi láthair. D'éist an Roinn leis an gcomhlacht. Tiocfaidh mé ar ais agus ar ais arís leis seo. Níl an Roinn an éisteacht linn. Freagróidh mé ceist Mr. Kevin Kelly ar ball ó thaobh dialogue agus a bheith ag éisteacht linn, ach sin an fhadhb atá ann. Níor éisteadh linn. Ag an am, chuaigh muid isteach ag an Roinn agus dúirt muid go dteastaíonn conradh d'Inis Mór. Dúradh linn nach dteastaíonn agus go raibh an comhlacht ag rá nach dteastaíonn. Ach ag deireadh an lae, tá an Stáit ann agus bhí an Roinn ann le cinntiú go mbeadh seirbhís ann ach ní raibh siad ann le bheith ag faire amach d'aon chomhlacht príobháideach. Níor éisteadh linn agus tá muid tagtha anois ag an bpointe seo. Sin an fáth go raibh an comhlacht in ann an tseirbhís a tharraingt. Ní raibh conradh i bhfeidhm.

Dhá bhliain ó shin, bhí bagairt deireadh a chur leis an tseirbhís. Rinne an Roinn iarracht an conradh a fhógairt arís. Chuir siad amach ar tairiscint é. Níor chuir an comhlacht isteach air ach níor chuir aon chomhlacht eile isteach air. Níor chuir siad isteach air. Is dóigh go raibh fáthanna gnó ann ach, ag deireadh an lae, ní rinne an Stát cinnte go raibh seirbhís bhuan ann do mhuintir Inis Mór agus tá muid fágtha sa chaoi atáimid. Tá an comhlacht in ann an tseirbhís a tharraingt amárach. Tá an ceart sin aige mar is comhlacht príobháideach é.

Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist ó thaobh an iar-Aire agus é ag rá go rinneadh níos mó airgid a chaitheamh ar phobal an thrí oileán Árann. Chuile uair a bhíodh muid ag dul isteach ag cruinnithe Roinn na Gaeltachta, faraor, bhí sé seo i gcónaí caite in éadan na n-ionadaithe ón trí oileán Árann go raibh an oiread airgid á chaitheamh ar phobal Inis Mór. Níl sé sin fíor. Tá airgead á chaitheamh cinnte ach, má dhéantar suas an daonra idir an trí oileán Árann, tá sé leath den daonra iomlán timpall an chósta ar chuile oileán. Tá an daonra is airde ar Árainn. Déanann an trí oileán Árann os cionn 50% den dhaonra iomlán oileán ar fud na tíre. Nuair a bhris muid síos é agus nuair a rinne muid staidéar ar na deontaisí agus na conarthaí atá ar fáil agus ag dul d'oileáin eile, bhí níos mó á chaitheamh ar oileáin eile - níl mé ag iarraidh na hoileáin a ainmniú - de réir capitaná mar a bhí á chaitheamh ar an trí oileán Árann. Bhí sé mícheart. Níl mé chun ainm a chur ar an Aire ach tá a fhios againn uilig cé é féin. Bhí sé mícheart agus níl sé sin cruinn ar chor ar bith.

In relation to dialogue, i mo thuairimse agus i dtuairim phobal Inis Mór, tá briseadh síos caidrimh idir ionadaithe an oileáin, na n-oileán agus an comhairle contae. Is mór an peaca é ach caithfidh muid a rá go bhfuil an fhadhb sin ann. Ag deireadh an lae, tá muide mar pháirt de Chontae na Gaillimhe. We are a part of Galway county. I cannot speak for the three islands, but the representatives from the island of Inis Mór and I feel that in recent years there has been a breakdown in dialogue-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.