Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir agus leis an gCathaoirleach agus cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. Is breá an rud é tuilleadh Gaillmhigh a fheiceáil thuas anseo i dTeach Laighean lá breá a bhíonn muid ag obair.

Ní bréag é a rá go bhfuil stair fada idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus cé Inis Mór. Tá go leor rudaí eile ann agus deireann daoine áirithe liom timpeall ar an rud ar fad go bhfuil beagánín spite feamainne, mar a deirtear i nGaeilge, idir an chomhairle contae agus rudaí atá ag tarlú ar an gcé, go bhfuil drochchaidreamh b'fhéidir idir an comhairle contae agus na comhlachtaí éagsúla, na hoibrithe bus agus mar sin de ar an gcé agus nach bhfuil sé sin ag cuidiú leis an gcás. Nílim ag rá go bhfuil sé sin fíor nó bréagach ach bhí standoff áirithe leis an gceist seo a réiteach go dtí an 11ú uair agus gur stop an tseirbhís. Sílim, áfach, go raibh sé brónach gur tharla sé sin agus nárbh fhéidir Roinn na Gaeltachta, muintir na n-oileán, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Island Ferries suí síos le réiteach a fháil ar an gcás seo agus nach mbeadh gá stop a chur leis an tseirbhís, ach tá muid san áit ina bhfuilimid agus tá roinnt ceisteanna le cur agam.

Luadh costais sa chur i láthair. Bhíodh sé ag cosnú €176,000 in aghaidh na bliana i gcás áirid ó thaobh na figiúirí maidir le riaradh na cé ach tá se sin imithe suas go dtí b'fhéidir €260,000 san fhigiúir eile a thug Mr. Kelly níos deireanaí. Sin ardú de €100,000 ar chostas riaradh na cé. Sin ardú uafásach mór. Cuireann daoine an cheist ormsa cá bhfuil an t-airgead sin ag dul. Cé mhéad a raibh sé ag cosaint an tsean-ché a riaradh? Cé mhéad a bhí á chaitheamh ar sin ag Comhairle Chontae na Gaillimhe? Cén fáth go bhfuil ardú chomh mór ann nuair atá muid ag caint ar píosa iomlán nua infreastruchtúr atá níos fearr? Ba cheart, ar bhealach, go mbeadh sé níos saoire.

Céard iad na h-áiseanna atá le fáil don 200,000 paisinéir seo atá ag teacht ar an gcé? An bhfuil leithreas ann? An bhfuil cithfholcadáin le fáil? An bhfuil fascadh le fáil acu? An bhfuil café ann ar an gcé? Ní dóigh liom go bhfuil ach b'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Caitheadh breis is suas le €50 milliún ar an gcé féin. Céard atá le fáil ag an duine atá ag íoc an 80 cent atá ag teacht isteach? Má tá duine ag íoc le dul isteach ar ceann de na marinas ar fud na tíre, tá sé nó sí ag fáil seirbhíse ar an airgead breise sin.

Cén polasaí atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis na hoileáin eile agus levies a bhaint amach ar Inis Oírr, Inis Meáin agus Inis Bó Finne? Níl mé ag iarraidh smaoineamh a chur isteach i gcloigne na bhfinnéithe go mbeadh levies ann ach an oiread, ach cén polasaí atá ag an gcomhairle ina leith sin? Cen polasaí atá ann sna contaetha eile ar fud na tíre a bhfuil oileáin acu? Céard é an polasaí, mar shampla, atá ag Comhairle Chontae an Chláir? Bíonn báid ag teacht amach go Inis Oírr agus Inis Meáin agus i dTír Chonaill agus mar sin de. An bhfuil córas levies acu sin? Cén chaoi a bhfuil an levy go hInis Mór i gcomparáid leis na levies áirithe sin?

Tuigim go gcaithfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe breathnú ar costaisí agus ar airgead agus mar sin de, ach cén chaoi a luíonn sé sin leis an bplean forbartha contae atá ag an gcomhairle maidir le cur chun cinn na hoileáin? Are we biting off our nose to spite our face? An bhfuilimid ag rá i bpolasaí amháin go bhfuilimid ag iarraidh na hoileáin a chur chun cinn, ach ag cur bac ar sin i bpolasaí eile?

Dá dtógfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe droichead in áit éigin in oirthear an chontae ina bhfuil droichead thar abhainn ag teastáil, cén fáth nach mbeadh aon levy i gceist? Níl a leithéid i gceist ar aon cheann de na habhainneacha atá againn sa taobh thoir den chontae, cé go raibh an airgead chaipitil leis na droichid a thógáil faighte ón ciste lárnach. Anois táimid ag caint ar levy a chur ar chéibh atá mar dhroichead, i ndáiríre, do mhuintir Inis Mór. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin cothrom. Má tá laghdú tagtha ar an méid airgid a thagann isteach os na levies, cén fáth gur gcaithfear méid ionann a thógáil as ciste bóithre Chonamara? Cén fáth nach dtagann sé amach as an gciste lárnach atá ag an gcomhairle chontae trí chéile?

Tá mé den tuairim le fada go bhfuil gá le comhchoiste iompair do na hoileáin. Tá mé ag rá le fada gur cheart go mbeadh na geallshealbhóirí éagsúla ar na hoileáin - na comhairlí chontae, na comhlachtaí iompair, muintir na n-oileáin agus Roinn na Gaeltachta - páirteach sa chomhchoiste sin leis na ceisteanna seo a phlé ar bhonn leanúnach. An mbeadh na finnéithe sásta glacadh le comhchoiste den tsórt sin? An gcuirfeadh lucht na n-oiléain fáilte roimhe sin? Nuair a d'ardaigh mé an moladh seo leis an Aire Stáit, an Teachta Kyne, le déanaí, dúirt sé nach bhfeicfeadh sé deacracht leis. Bhí deacrachtaí ag Airí Stáit roimhe seo leis an moladh seo, le bheith fírinneach. An mbeadh fáilte roimh a leithéid de chomhchoiste?

Dúirt iar-Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, go raibh níos mó airgid á chaitheamh per capitaar an gcóras iompair go dtí Oileáin Árainn ná go dtí na hoileáin eile. Cén chás a chuirfeadh muintir na n-oileáin ina choinne sin? An aontaíonn siad go bhfuil an iomarca á chaitheamh ar oileáin na Gaillimhe i gcomparáid le oileáin eile ar fud na tíre?

Aontaím go huile agus go hiomlán leis na héilimh atá leagtha amach ag Micheál Ó Cualáin. Mar eolas, tá éisteacht ar an gceist áirithe sin iarraithe againn ón gComhchoiste um Oideachas agus Scileanna sna Tithe seo. Tá súil agam go bhfaighfidh na hoileánaigh cuireadh tar éis an Nollaig leis an gceist shonrach sin a phlé.

Cé mhéad airgid atá caite ag an gcomhairle chontae ar chásanna cúirte agus ar chomhairle dlí i rith an phróisis seo ar fad? Cé mhéad airgid atá caite ag an gcomhairle chontae ar na cásanna atá tógtha i gcoinne na tiománaithe bus a bhíonn ag iarraidh páirceáil ar an gcéibh? An bhfuil an iomarca airgid á chaitheamh ar chásanna cúirte? Bheadh gach duine i bhfad níos fearr as dá mbeadh an t-airgead sin curtha isteach i soláthar na seirbhíse.

Aontaím le formhór den mhéid a bhí le rá ag an Teachta Ó Cuív maidir leis na táillí. Sa cheist seo, caithfimid aird a thabhairt do thuairimí muintir na n-oileáin agus an dream a thagann isteach iontu agus amach uathu go rialta. Nuair a bhí fadhb ann leis an mbád farantóireachta le déanaí, fuair mé glaoch ó thuismitheoir as Sligeach atá páiste léi ar scoil ar Inis Meáin. Dúirt sí go bhfuil sí thar a bheith sásta leis an scoil agus gach rud atá ann, ach go bhfuil an-imní uirthi go gcuirfí as don oideachas atá a hiníon ag fáil ar Inis Meáin. Aontaím leis an bpointe gur chóir go mbeadh na táillí de €10 agus €6 aontaithe mar chuid den socrú atá á aontú i láthair na huaire. Tá súil agam go n-éireoidh leis na rannpháirtithe uilig an socrú seo a dhéanamh go luath agus go mbeimid in ann bogadh ar aghaidh ansin agus an comhchoiste iompair seo a chur le chéile le rudaí a shocrú san fhadtéarma.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.