Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim ag iarraidh go gcuirfimid go léir ár gcuid ceisteanna ar dtús agus go fanfaidh na finnéithe go dtí an deireadh lena bhfreagraí.

Tá aithne maith agam ar an mBlascaod, Inis Bó Finne sa tuaisceart i nDún na nGall agus ar Inis Airc. Is comharthaí iad na hoileáin sin gur theip an Rialtas ar na hoileáin fadó. Tá siad ar nós reiligí anois. Tá siad an-bhrónach agus bíonn sé chomh uaigneach cuairt a thabairt ar na háiteanna sin agus a bheith ag samhlaigh ar na pobail a bhí ann fadó. Ceapaim go bhfuil sé dochreidte go bhfuil na hoileánaigh ag fulaingt chomh fada is atá siad leis an mbagairt seo os a gcionn. Is rud bunúsach é a bheith ag bogadh amach agus isteach ón oileán agus tá sé dochreidte go bhfuil ar na hoileánaigh an méid troda sin a bheith acu. Nuair a théann daoine go Baile Átha Cliath, ní híocann siad níos mó as an "cé" sa stáisiún traenach. Ní bhíonn an costas sin dírithe ar phobal áirithe eile sa tír.

Cén fáth nár iarr an Rialtas conradh a chruthú leis an gcomhlacht? Cén fáth gur lig an Rialtas an rud seo a shleamhnú? Is é mo thuairimse ná go dtéann an fhadhb ar ais go dtí an pointe faoin Rialtas agus é gan a bheith sásta conradh a bhrú ar na heagraíochtaí.

Tá ceist agam ar thoscairí Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Cé mhéad a chosnaíonn sé an cé a bhainistiú gach bliain? Cé mhéad a chosnaíonn an ceadúnas foreshore? Tá sé deacair a thuiscint go mbíonn ar mhuintir Árann íoc as na rudaí seo, go háirithe an ceadúnas sin, mar tá an t-airgead ag dul ar ais go dtí an Stát i slí éigin eile. Nach bhfuil? Is saghas costas ciorclach atá i gceist, ach fós titeann an costas sin ar ghuaillí mhuintir Árann.

Sin é mo chuid. Glaoim ar an Seanadóir Ní Dhomhnaill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.