Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Mr. Micheál Ó Cualáin:

Is iontach an seans a fháil ár gcás a chuir os comhair an choiste agus éisteacht a fháil faoi na dúshláin atá againn ar oileán agus ar chónaí ar oileán. Is dócha nár thuig mé féin na dúshláin a bhaineann le cónaí ar oileán go dtí 1988 agus go ndeachaigh mé ag cónaí ar oileán agus gur shocraigh mé síos i mo mhúinteoir ansin. Mar mhúinteoir bhí na dúshláin amach romham dochreidte i gcomparáid le múineadh ar an mórthír. Mar phríomhoide scoile i gColáiste Naomh Éanna anois, tá na dúshláin sin dúbailte. Ní hé amháin go bhfuil orm cuimhneamh ar gasúir na scoile, tá orm cuimhneamh ar mhúinteoirí agus ar chlanna agus tá orainn cuimhneamh mar ghrúpa ar cá bhfuilimid ag dul. An bhfuil daoine ag dul a bheith ag cónaí ar na hoileáin nó an bhfuilimid ag dul dearmad a dhéanamh ar na hoileáin?

Mar a dúirt Cathy Ní Ghóill, is álainn go deo iad na hoileáin, ach ní beo aon áit gan daoine. Tá faitíos orm go bhfuilimid tagtha ag crosbhóthar agus nach mór dúinne, ní fiú mar oileánaigh, ach mar náisiún, breathnú ar na hoileáin agus ceist a chur orainn féin an bhfuilimid sásta an costas a bhaineann le daoine a choinneáil ar na hoileáin a íoc. An bhfuilimid sásta go mbeidh daoine ag cónaí ar ár gcuid oileán, nó an bhfuilimid chun iad a iompú isteach ina n-áiteanna ar nós na Blascaodaí, a mbeimid in ann cuairt a thabhairt orthu ach gan aon daoine i gcónaí ann?

Tá sé ceart go leor teacht anseo go dtí an coiste le dúshláin. Tá dúshláin ann agus is dúshlán oideachais atá mise chun labhairt faoi. Ní rachaidh mé níos faide le haon dúshlán eile. Tuigim go maith na dúshláin oideachais sin. Caithfidh go dtuigim iad mar tá siad scríofa os mo chomhair, ach rinne mé dearmad ar mo spéaclaí agus dá bharr nílim in ann iad a léamh amach don choiste. Tuigim go maith iad. Tuigim gurb é ceann de rudaí is tábhachtaí dúinne ná go mbeadh seirbhís cheart fharantóireacha agus seirbhís eitilte ag freastal ar na hoileáin.

Maidir leis an oideachas, tá múinteoirí i gcónaí ag taisteal amach is isteach ó na hoileáin. Tá múinteoirí ón mórthír ag múineadh ar na hoileáin. Tá clann ag cuid acu sin ar an mórthír. Bíonn orthu an clann sin a fhágáil ar feadh cúpla lá sa tseachtain. Is cruatan ann fhéin é sin, ach tá siad sásta cur suas leis fad is go bhfuil seirbhís ann. Tá muintir na n-oileán sásta a gcuid gásúr a chur chuig na scoileanna ar na hoileáin fad is go bhfuil seirbhísí farantóireachta nó eitilte ann agus go bhfuil scoláirí in ann taisteal chuig imeachtaí, ócáidí spóirt, coláistí agus ag na gnáthrudaí a dhéanann chuile scoláire eile ar an mórthír. Ba chóir go mbeadh muide in ann teacht ar na rudaí sin. Tá sé fíor-thábhachtach dúinn má tá scoileanna le bheith ar na hoileáin go mbeidh seirbhís farantóireachta agus seirbhís eitleáin againn agus nach dtógfar uainn é. Má thógfar, is é sin deireadh na scoileanna agus deireadh chroílár na n-oileán. Má tharlaíonn sin, ní fada nach mbeidh daoine ina gcónaí ar na hoileáin. Is é sin mo chéad phointe.

Ó thaobh riachtanais scoile go sonrach, d'fhéadfadh muid a rá go bhfuil dúshláin go leor ann, ar nós an leithroinnt múinteoirí a thugtar dúinn, an múnla ina ndéantar dáileadh ar mhúinteoirí agus an cóimheas de 19 scolaíre in aghaidh aon mhúinteoir amháin. Le bheith réalaíoch faoi, níl seans na ngrást go n-oibríonn sé sin ar scoileanna oileáin. Tá scoileanna oileáin beag. Ná bíodh aon bhréag faoi sin. Ní bheidh daonra mór millteach againn riamh. Dá bhrí sin, níl an cóimheas sin chun obair ar scoileanna oileáin. Teastaíonn córas nua agus caithfear breathnú go géar ar sin.

Mar a deirim, tá sé an-dheacair múinteoirí a earcú chuig na hoileáin. Tá sé sin ag éirí níos deacra i gcónaí. Gearradh an liúntas oileáin cúpla bliain ó shin agus ceapaim go dteastaíonn é a thabhairt ar ais. Tháinig mise go dtí an coiste chun na dúshláin a bhaineann le scoil oileáin a rith a léiriú. Freisin, tá mé tagtha chun freagra a thabhairt don choiste. Tá sé scríofa agam agus beidh mé sásta é a roinnt leis an gcoiste ina dhiaidh an chruinnithe.

Maidir le cothabháil scoile, má tá scoil ar oileán agus tá innealtóir, leictreoir, léachtóir nó aon duine le fáil acu ar feadh lá amháin, tá costas breise ag baint leis. Ní féidir le hinnealtóir teacht agus caoi a chur ar mheaisín nó rud éigin sa scoil agus imeacht arís. Caithfidh sé nó sí teacht ar maidin ar an mbád farantóireachta nó ar eitleán agus fanacht an lá iomlán go dtí gur féidir leis nó léi imeacht arís. Tá rudaí bunúsacha cosúil le ola, leictreachas agus cothabháil na scoile níos costasaí ná mar atá sé ar an mórthír. Ní cheapaim go bhfuil sé seo tuigthe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ní mór don Roinn breathnú ar na scoileanna oileáin.

Níl ach cúig scoil iarbhunoideachais ar oileáin amach ó chósta na hÉireann. Tá trí cinn acu sin faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin. Tá an péire eile faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Mar a deirim, táimid ag plé le seo le píosa fada agus ceapaimid go bhfuil freagra againn ar an gceist, freagra nach gcosnódh mórán airgid agus a bheadh teoranta do na hoileáin. Ní gá go mbeadh sé seo in ann do na scoileanna beaga ar fad nó do na scoileanna ar fad sa tír. Tá an freagra seo le haghaidh scoileanna na n-oileán amháin. An rud atá uainn ná 2.5 múinteoir ex-quota, in áit an múinteoir amháin ex-quota atá ann faoi láthair. Chosnódh sé €327,000. Táimid ag iarraidh go dtabharfar an liúntas oileáin ar ais. Leis an ardú sa líon múinteoirí, chosnódh sé sin €13,000. Tá mé in ann na caipéisí seo ar fad a thabhairt don choiste ina dhiaidh na cruinnithe. Táimid ag cuartú €10,000 sa mbreis i gcomparáid le scoileanna mórthíre ar an mbuiséad neamh-phá.

Bhí scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar scéim iontach a thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltactha isteach ag an am. Tá 30 scoláireacht in aghaidh na bliana ceadaithe le haghaidh na scoileanna le Gaeilge a fhoghlaim ar na hoileáin. Is tumoideachas den scoth atá sna scoláireachtaí seo. Níl siad ar nós na Gaeilgeoirí a bhíonn trí sheachtaine sa nGaeltacht ar saoire. Oideachas bliana atá ann. Tá sé thar cinn. Is í ceann de na scéimeanna is fearr a tugadh isteach, chomh fada is a bhaineann sé liomsa, ó bhunú an Stáit. Nílimid ach ag iarraidh dúbailt ar sin. Dhéanfadh sé sin fíor-dhifríocht do scoileanna oileáin. Mhéadódh sé an daonra sna scoileanna. Ceapaim gur rud simplí é agus rud a theastaíonn go géar.

Níl an costas iomlán a fheiceann muid ach €540,000. Dhéanfadh sé sin cinnte go mbeadh scoileanna beo ar chúig oileáin na tíre. Má tá na scoileanna beo, tá an pobal beo. Bheadh inmharthanacht ann. Bheadh muid beo agus bheadh cinnteacht ag muintir na n-oileán agus ag óige na n-oileán. Teastaíonn sé sin go géar. Ceapaim go bhfuil dúshlán ar an Rialtas agus ar gach polaiteoir breathnú go cruinn agus gníomh a dhéanamh ar an gceist seo. Stopfaidh mé ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.