Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 December 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Ferry Services to Inis Mór: Discussion

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Mr. Joe Byrne, leas-chathaoirleach, Mr. Kevin Kelly, príomhfheidhmeannach, Mr. Kevin Finn, innealtóir sinsearach feidhmiúcháin, Mr. Robert Meehan, gníomhaire dlí, agus Ms Nuala Heffernan, oifigeach riaracháin, ar son Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus roimh Ms Cathy Ní Ghóill agus an tUasal Micheál Ó Cualáin ó Chomharchumann Forbartha Árainn agus Comhar na nOileán, an tUasal Enda Ó Conghaile ó Chomhar Chaomhán agus Comhar na nOileán agus Mr. Simon Murray ó Chomhar na nOileán. Tá céad fáilte rompu.

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó leis na hoifigigh ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Iarraim anois ar aíonna Chomhairle Chontae na Gaillimhe labhairt linn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.