Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Mr. Steve Ó Cúláin:

Is éard a dhéanann muid le na scéimeanna forbartha pobail ná tógann muid an t-airgead ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus cuireann muid amach díreach é. Déanann muid an riarachán. Tá thart ar 1,000 duine ar na scéimeanna sin. Tá thart ar 50 saoiste ar na scéimeanna sin agus tá na saoistí sin fostaithe go díreach againn. Bhí fadhb ann le tamaill. Tá a fhios agam an rud atá an Teachta ag rá agus caithfidh mé an mionshonra a fháil di. Bhí cruinniú idir an feidhmeannach atá ag plé leis, an tUasal Tadhg Ó Conghaile, leis an bhfeidhmeannach ón Roinn, agus ó Tús agus SOLAS.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.