Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Mr. Steve Ó Cúláin:

The revised budget was taken as the baseline for 2017. Is é sin an áit a raibh na hathruithe sna figiúirí ó thaobh bhuiséad caipitil de. Maidir leis an mbuiséad reatha forbartha, úsáideann muid an t-airgead sin le haghaidh airgead a chur ar fáil do na naíonraí, na comharchumainn, Ealaín na Gaeltachta, Muintearas agus na dreamanna sin ar fad atá ag plé le forbairt pobail. Bíonn sé sin ag €3 mhilliún. Tá sé sin ardaithe i mbliana ag an Aire go dtí €3.25 milliún. Tá €250,000 breise ansin i mbliana. Beidh sé sin le roinnt amach an bhliain seo chugainn. Mar sin, tá airgead breise ann.

Ó thaobh airgead na teanga do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, bhí €1 mhilliún anuraidh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Thug an Roinn 40% d'Údarás na Gaeltachta anuraidh, is é sin €400,000. Táimid ag plé leo i mbliana le breis a fháil mar tá an buiséad sin ardaithe €250,000 freisin go dtí €1.25 milliún. Is é sin an áit ina bhfuil na buiséid faoi láthair.

Úsáideann Údarás na Gaeltachta an t-airgead reatha le haghaidh pá a íoc agus mar sin de. Bhí ardú beag ansin. Tá na figiúirí cruinn ag an Uasal Breathnach má tá an coiste ag iarraidh dul isteach ann níos mine ná sin.

There is language shift. I agree with that. An dúshlán atá ann ná an teanga a thabhairt ó ghlúin go glúin. Measaim go bhfuil dúshlán mór ann ó thaobh na ndéagóirí de. Sílim go bhfuil brú mór ar na déagóirí ón domhandú, nó globalisation, ón teilifís agus ó na hearnálacha seo ar fad. Tá siad sníomhtha isteach i chuile theach anois. Ní raibh siad ann fadó. Caithfear tabhairt faoi siúd ar bhealach eile.

An cheist an bhí ag an Teachta Connolly agus an Cathaoirleach ná faoin méid atá Údarás na Gaeltachta ag déanamh. Tá an Ghaeltacht roinnte suas againn i 26 ceantar. Beidh 26 plean Gaeilge á chur le chéile bunaithe ar na riachtanais sna ceantair faoi leith. Tá 18 de na pleananna sin á scríobh faoi láthair. Beidh 22 ann faoi cheann mí eile. Tá súil agam go mbeidh siad ar fad i mbun oibre ag deireadh na bliana seo. Bíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nó ná bíodh, is é an próiseas phleanáil teanga atá tábhachtach anseo agus táimid chun brú ar aghaidh leis agus feidhm a thabhairt air. Beimid ag úsáid saineolas. Tá coiste inmheánach ag bord an údaráis ar a bhfuil teangeolaithe saineolacha, cosúil leis na teangeolaithe a bhí istigh anseo i dTithe an Oireachtais an lá faoi dheireadh. Tá coiste inmheánach againne freisin agus tá saineolas acu siúd san ábhar seo freisin. Tagann siad le chéile ag gach cruinniú boird.

Maidir le cúrsaí oideachais, tá an polasaí oideachas Gaeltachta á sheoladh Dé hAoine seo chugainn sa nGaeltacht. Cuirfidh sé sin go mór le cúrsaí.

I mo thuairim féin, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh polasaí ceart oideachas Gaeltachta. Má bhíonn polasaí láidir oideachas Gaeltachta ar fáil, is féidir ansin an teanga a mhúineadh d'aon duine. Bíodh siad ón nGaeltacht nó ón nGalltacht, is féidir leo an teanga a fhoghlaim. Níl aon fhadhb ag páistí cúig teanga a fhoghlaim. Sin é an fáth go bhfuil mé dóchasach. Má bhíonn an polasaí ceart oideachais i bhfeidhm, agus beidh sé á sheoladh Dé hAoine seo chugainn, beidh sé mar an rud is tábhachtaí a tharlóidh sa nGaeltacht le fada fada an lá. Tá ómós ag dul don Roinn Oideachais agus Scileanna a tháinig aníos leis an bpróiseas sin. Rinne Údarás na Gaeltachta éascú ar an bpróiseas ar fud na Gaeltachta. Tháinig 500 aighneacht isteach ó phobal na Gaeltachta. Beidh mé dóchasach go mbeidh guth an phobail sa pholasaí. Má chuirtear i bhfeidhm é, beidh rath ar chúrsaí amach anseo i mo thuairim.

Maidir le Brexit, táimid ag caint le Enterprise Ireland an t-am ar fad. Polasaí náisiúnta a bheidh ansin. Déanfaimid dove-tailing le Enterprise Ireland ar sin.

Labhair an Teachta Ó Cuív maidir le féidireachtaí in earnáil na Gaeilge. An rud stairiúil a bhí ann ná go rabhamar ag úsáid 20% de thograí teanga-bhunaithe sa nGaeltacht. Tá tograí teanga-bhunaithe agus tá tograí teanga-lárnaithe. In Údarás na Gaeltachta, an Roinn agus Raidió na Gaeltachta, úsáidtear an Ghaeilge mar theanga urlabhra ó lá go lá. Tá comhlachtaí eile cosúil le Telegael agus "Ros na Rún" atá teanga-bhunaithe. Úsáideann siad an Ghaeilge mar áis ina bhfuil a gcuid oibre. Tá ar a laghad 20% ansin. Tá sprioc againne 1,000 post nua a chruthú sa nGaeltacht, má bhíonn an maoiniú againn. Bheadh muid ag rá go bhféadfaí ar a laghad 20% dóibh sin a chur isteach go díreach mar thograí teanga-bhunaithe.

Tá easpa buneagair pléite ag gach duine. Tá plean aontaithe againn. Tá suirbhé déanta againn ar ár gcuid clients faoi chúrsaí leathanbhanda. Tá gá le comhlacht leathanbhanda nua-aimseartha d'ard-luas. Tá plean againne chun é a chur i bhfeidhm. Táimid ag lorg cead chun é a chur i bhfeidhm. Táimid ag glacadh comhairle faoi láthair ó thaobh rialacha chúnamh Stáit agus rialacha soláthair poiblí de, ach tá mé an-dóchasach go mbeimid á chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn. Bealach amháin nó bealach eile, caithfimid é a chur i bhfeidhm. Ní féidir linn fanacht go dtí 2022. Tá sé sin i bhfad ró-mhall. Beidh luas 30 Mbps i bhfad ró-mhall faoi 2022. D'fhéadfadh sé a bheith 300 Mbps faoin am sin. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus le na daoine a deireann go dteastaíonn fibre. Má tá fibre ann, is féidir é a chasadh suas de réir mar atá riachtanais na gcomhlachtaí ag teacht leis agus de réir mar atá siad sásta íoc as.

Táimid i gcónaí ag déanamh aighneachtaí ó thaobh bhóithre na Gaeltachta de. Mar a dúirt an Teachta Cannon, tá comhlachtaí ann ar an gcósta thiar. Caithfimid an stuif a chur amach ar an mbóthar mar nach bhfuil aon bhealach eile amach. Caithfidh bealach a bheith ann, cuarbhóthar, thart ar chathair na Gaillimhe. Táimid ag tacú le sin, mar a bhí i gcónaí ón tús. Cuireann muid aighneachtaí isteach go dtí na comhairlí contae maidir le na ceantair Gaeltachta ar nós Chorca Dhuibhne, Dún na nGall agus Gaillimh thiar an t-am ar fad.

Luaigh mé an buiséad. Deputy Cannon asked about driving employment in the western region. As I mentioned earlier, we were fortunate in that we had very good promoters of companies. We also have big companies recently, but they were very small when they started. They grew organically. They were not planted there and we did not actually bring them in from overseas. I would say that nearly 90% of them started very small, were taken over or expanded and over a period became the fairly large and substantial SMEs we have today. How do we attract these types of industries? In many cases, we proactively develop the sectors ourselves, such as the creative sectors. We still support one, two or three-person operations in the craft art field, as we have been doing since 1980. Before that, our predecessor Gaeltarra Éireann supported very traditional crafts and arts all throughout the Gaeltacht, be it Donegal linen crafts or something else. In the media sector, we set up a training programme 25 years ago. Many of the people who went through those programmes initially, such as Ms Lelia Doolin and people like that, are proficient and experts in their field. The people working as producers in Telegael or "Ros na Rún" today probably came through that process. We did the same with the agriculture sector in the 1980s. We have trials, failures and successes, but it is coming together now. Sometimes, we took those initiatives ourselves.

We have made a submission on the merging of the two authorities in Galway. We see both points of views. We work very closely with Galway City Council and Galway County Council. We find them both quite good. We work more so with the county council than the city council because we are county-based. We would not like to see anything jeopardise the relationship that the county council enjoys with the hinterland. We feel it is quite good, that the local representation is good and that it is aware of what the needs are. If they were to amalgamate and most of the income was to come from one major city, there could be a question down the road of where the services would be directed. That would be our fear.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.