Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Mr. Steve Ó Cúláin:

Thosaigh an Cathaoirleach na ceisteanna trí labhairt maidir lena chuairt ar Telegael agus "Ros na Rún". Tá sé tráthúil ag an stáitse seo comhbhrón a dhéanamh le muintir Mháire Ní Thuathail a bhí ag reachtáil "Ros na Rún" ar feadh 20 bliain. Bhí an Teachta Cannon ag cur ceiste maidir leis an gcúis, what the reason is or what the active ingredient is. In many cases, it is the people who run these companies. We have been lucky to have attracted and retained high-calibre, passionate and driven individuals who have had a lot to do with the development of this, especially in the creative industries.

Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil dúshlán eacnamaíochta agus láidriú teanga ann agus go bhfuil deich mbliana fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Ní bheinnse chomh héadóchasach sin, ach muna ndéanann muid rud ar bith agus muna dtarlaíonn aon rud anois, measaim go bhfuil contúirt mhór ann go dtiocfaidh teip mhór ar an teanga. Ach níl muid chun suí síos agus gan rud ar bith a dhéanamh. Bhí dúshláin ag an nGaeltacht cheana go minic agus tháinig muid tharstu. Bhí easpa fostaíochta sa nGaeltacht, easpa deiseanna sa nGaeltacht agus bhí na daoine ar fad ag imeacht ar an mbád bán nó on the beat. Tá rudaí i bhfad níos fearr anois agus tá cúrsaí eacnamaíochta i bhfad níos fearr anois. Tá cúrsaí teanga níos laige anois ná nuair a bhí mise ag éirí aníos, ach tá mise dóchasach leis na pleananna atá muide ag obair ar faoi láthair na huaire go dtiocfaidh feabhas. Beidh gá go leor oibre a dhéanamh.

Fágfaidh mé an buiséad ag mo chomhghleacaí, an tUasal Gearóid Breathnach. Míneoimid é sin, ach tógfaidh mé pointe amháin anois. Bhí an pointe céanna ag an Teachta Connolly. Tá trí bhuiséad ag Údarás na Gaeltachta - buiséad caipitil, buiséad forbartha reatha agus buiséad reatha. Nuair a shocraíodh buiséad 2015, lonnaíodh an buiséad caipitil ag thart ar €6 mhilliún. Le linn na revs nó na revisions, an buiséad athbhreithnithe, cuireadh €1 mhilliún breise leis. Effectively, bhí sé ag €7 milliún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.