Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gCathaoirleach mar níl mé ar an gcoiste seo ach tháinig mé isteach mar tá suim agam i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Sin an fáth go bhfuil mé anseo. Tá cúpla ceist agam maidir leis an mbuiséad. An bhfuil sé thíos nó an bhfuil sé thuas? Is ceist dhíreach é agus ba mhaith liom freagra macánta - ní freagra "macánta" ach freagra dhíreach. Tá a fhios againn go raibh éileamh ón údarás agus ó Chonradh na Gaeilge maidir le €18 milliún. Airgead suarach i ndáiríre é agus an tréimhse ama a bhí i gceist. Cé mhéad airgead a fuair an t-údarás?

Tá an t-údarás i mbun oibre agus ag obair go dlúth le muintir na Gaeltachta ar na scéimeanna teanga. Tá an straitéis Gaeilge againn le fada anois. Táimid leath-bhealach tríd? Cá bhfuilimid maidir leis seo?

An bhfuil na figiúirí nó an ráta dífhostaíochta sna Gaeltachtaí ag na hionadaithe?

Tá ceist sonrach agam maidir leis na scéimeanna fostaíochta pobail agus tuaithe. Dúradh go raibh 1,000 duine sna ceantair Ghaeltachta páirteach sna scéimeanna sin. Is iontach an scéal é ach, de réir mar a thuigim é, tá deacrachtaí ann anois agus daoine á stiúradh i dtreo an chórais príobhaidaigh. Is é Seetac an comhlacht atá fostaithe ag An Roinn Coimirce Sóisialaí agus míl rogha ag duine anois dul ar an scéim seo cé go bhfuil ag an duine maidir le scéim eile. An bhfuil mé ceart nó mí cheart maidir leis sin. Sin mar a thuigim é, ach bheadh an t-eolas ag na hionadaithe. An bhfuil réiteach ar an scéal seo? Bheadh sé dona go leor dá mba rud é nach bhfuil deis ag duine obair ar an scéim seo sa Ghaeltacht.

Tá a fhios ag na finnéithe go raibh an tOllamh Ó Giollagáin agus an Dr. Brian Ó Curnáin os ár gcomhair coicíos ó shin agus cur i láthair iontach acu. Cuireadh os ár gcomhair arís go bhfuil an Gaeilge i sáinn. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann nach bhfuil ag iarraidh é sin a chloisteáil ach tá muid i sáinn ó thaobh na Gaeilge de agus é sin ráite ag a lán daoine. Cad atá ag teastáíl?

Dúirt na finnéithe gur féidir tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil ach an t-airgead cuí a bheith acu.

An bhfuil sé agaibh nó nach bhfuil? Cé mhéad airgid atá ag teastáil? Is sábháil airgid é i ndáiríre i ndeireadh na dála mar ní féidir leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge mar theanga bheo gan postanna a bheith ann.

Maidir leis an Western Development Commission, I am not on this committee but I have a particular interest in this. I thank the witnesses. The whole presentation has been very helpful to me. In a sense, it is a pity that ISME and Enterprise Ireland are not here because it is all interrelated. There was an extraordinary sentence from ISME in its saying that it is limited only by its imagination in terms of employment. The witnesses present are saying something similar. It is a pity that ISME is not here. The Western Development Commission representatives might comment on where it is on the issue of the western railway project.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.