Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion (Resumed)

2:15 pm

Mr. Steve Ó Cúláin:

Tá ráiteas tosaigh eisithe againn go cléireach an choiste agus piocfaidh mé roinnt pointí anuas a rinne na cainteoirí a chuaigh romham agus ansin freagróidh mé na ceisteanna.

Go bunúsach, ní féidir breathnú sa nGaeltacht ná sa bpobal ar an teanga, an eacnamaíocht, an pobal ná an timpeallacht mar nithe aonaracha nó comheisiacha. Ceapann muid san údarás go bhfuil muid ag plé le cúrsaí forbartha pobail ó 1957 agus sin an rud a dhéanann muid gach lá agus sin an obair atá againn. Tá sé riachtanach sa lá atá inniu go mbíonn caighdeán ard bonneagar agus seirbhísí ar fáil sa nGaeltacht. Tá sé riachtanach go mbeadh oideachas tríú leibhéal ag ard-chaighdeán agus go mbeadh fáil ag daoine ar saol na healaíne.

Is dúshlán mór é clann a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann agus an teanga a bhronnadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Is é taithí an údaráis go bhfuil sé i bhfad níos éasca infheistíocht a mhealladh nuair a bhíonn fáil ar fhoirgnimh nua-aimseartha, d'ard-chaighdéan atá réidh le húsáid. Beidh muid ag obair leis na comhlachtaí agus le hinstitiúidí oideachais chun a chinntiú go mbeidh na cáilíochtaí cuí ag muintir na Gaeltachta amach anseo chun na postanna a bheidh muid á gcruthú agus á nginiúint a chur ar fáil. Beimid ag díriú ar earnáil na turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta agus beidh muid ag baint leas as brandáil cosúil le Slí an Atlantaigh Fhiáin - Wild Atlantic Way. Sníonn 25% den Wild Atlantic Way tríd an Ghaeltacht. Beidh muid ag cur tograí straitéiseacha chun cinn. Beidh muid ag comhoibriú go seasta le dreamanna cosúil le Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, SEAI, chun an earnáil fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh Ghaeltachta.

Tá béim faoi leith á chur againn ar forbairt acmhainní nádúrtha atá flúirseach thart ar an gcósta cosúil leis an feamainn, dobharshaothrú agus próiseáil éisc. Chun gur féidir na cinntí seo a chur i bhfeidhm amach anseo, ní mór go mbeadh rialú ceart déanta ar an soláthar amhábhair. I gConamara an bhliain seo chugainn, beidh muid ag díriú ar fhorbairt Pháirc na Mara thiar i gCill Chiaráin. Beidh go leor eagraíochtaí Stáit, ina measc muid féin, BIM, Foras na Mara agus an chomhairle contae, ag obair as lámh a chéile chun é seo a chur i gcrích. Cuireann an t-údarás béim an-láidir ar chúrsaí forbartha pobail. Tá go leor comharchumainn Ghaeltachta againn agus oibríonn muid go dlúth agus go dícheallach leo seo ar fud na Gaeltachta.

Tá muid ag obair leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun na scéimeanna forbartha tuaithe agus pobail a chur ar fáil sa nGaeltacht agus tá 1,000 duine fostaithe sna scéimeanna seo. Bíonn láimhdeachas go suas le €16 milliún acu sin chuile bhliain. Tá súil mór againn oibriú le Leader 2016 go 2020. Tá ballraíocht againn ar na coistí forbartha pobail áitiúla sna contaetha Gaeltachta i leith chun an clár Leader a chur i bhfeidhm.

Amanta, bíonn contrárthacht bhréageach idir chúrsaí uirbeacha agus tuaithe. Ba cheart breathnú ar an dá rud le chéile agus an continuum atá idir na polasaithe uirbeacha, forbairt uirbeach agus forbairt tuaithe a thógáil le chéile. Is féidir leo maireachtáil taobh le taobh agus is amhail is fearr é sin. Sin an chaoi ba cheart go mbeadh an polasaí.

In summary, for a region like the Gaeltacht, the competitive disadvantages of peripherality, which is one of the principal causes of the underdevelopment of rural communities, needs to be reduced by good infrastructure.

In order to address the potential dearth in rural employment opportunities, policies must be innovative and like any other sector be flexible and adaptable to change. The research and development of the media industry in Gaeltacht areas supported by Údarás na Gaeltachta for the past 20 years has proved to be an innovative step in introducing compatible new-age industries to rural areas. Similar strategies need to be replicated so as to ensure that rural areas can keep in step with similar developments, albeit on a smaller scale, in urban areas. New sectors, which are now ripe for development, are being explored at present and include tourism, new forms of aquaculture, nutraceuticals and biopharma products, to name but a few.

Sin é mo thuairim. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste as eisteacht liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.