Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion

10:00 am

Ms Máire Uí Mhaoláin:

Tosnóidh mise. An bhfuil aon duine ag iarraidh cluasán a chur air nó uirthi?

Aontaím go hiomlán leis an méid a dúirt na hionadaithe eile anseo. Tá praiseach iomlán déanta don chlár Leader agus tá sé seo uilig bunaithe ar doiciméad ar a dtugtar Putting People First air. Tá go leor againn titithe amach lena chéile. Labhraítear go minic ar subsidiarity ach an dearcadh atá ann ná go bhfuilimid uilig i gcochall a chéile agus ní dhéanann sé sin ciall ar bith. Beidh an tionchar sin fad-téarmach sna pobail tuaithe.

Maidir le cúrsaí rochtana, taistil, minicíochta agus praghais, nuair a bhí an Teachta Ó Cuív ina Aire, socraíodh an praghas ar €10. Chomh fada is atá a fhios agam, sin an praghas atá ar ghnáth-mhuintir na n-oileán taisteal go dtí an mhórthír ar fud na tíre. Is rud thar a bheith go maith é sin mar roimhe sin bhí muid ar thoil na comhlachtaí príobháideacha. D'fhéadfadh sé a bheith €15 i rith an gheimhridh agus €25 i lár an tsamhraidh, so bhí sé sin an-tábhachtach agus seasann sé. Tá muid i gcónaí ag rá go bhfuil minicíocht thar a bheith tábhachtach. Tugann sé deiseanna do dhaoine atá ar na hoileáin, b'fhéidir, post a thógáil ar an mórthír agus seirbhísí ar nós banaltraí, dochtúir, speech therapists agus iad sin ar fad a thabhairt isteach. Tá rudaí le plé maidir le minicíocht. Ba cheart é a chur ar an gclár an chéad uair eile a bheidh conradh á phlé leis na comhlachtaí farantóireachta ar a bhfuil muid ag brath orthu.

An bhfuil gá le polasaí áirithe oideachais ar leith do na hoileáin? Tá mé ag ceapadh go bhfuil. Mar a dúirt mé, ba chéim mhór inné é go bhfuil múinteoir breise ann anois. Sin céim mhór chun cinn do na bunscoileanna. Ach ceann de na hinstitiúidí is tábhachtaí atá ann ná na meánscoileanna ar na hoileáin Ghaeltachta. Ní hamháin go bhfuil siad tábhachtach do na hoiléanaigh féin ach tá an t-uafás do mhuintir na mórthíre a thagann isteach ann. Bíonn siad báite sa teanga sna scoileanna sin. Ciallaíonn sé sin go mbíonn muid in ann níos mó múinteoirí a chur ar fáil agus mar sin de. Tá polasaí ag teastáil agus tá mé ag ceapadh go bhfuil na meánmhúinteoirí agus na múinteoirí ar na hoileáin i gcónaí á rá.

Ó thaobh deiseanna fostaíochta de, is é an turasóireacht ceann de na rudaí is tábhachtaí ar na hoileáin ach tá muid den bharúil ar go leor oileán nach ceart dúinn a bheith ag brath ar thionchar ón taobh amuigh. Tá gá do straitéisí láidre turasóireachta ina mbeidh pobal lárnaithe ar na hoileáin go hardcaighdeán, ag tógáil an teanga agus an timpeallacht, rud atá an-tábhachtach, san áireamh.

Ó thaobh iascaireachta de, the question was about having a zone around the islands. Perhaps Mr. Murray might say a few words about that matter.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.