Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 12 October 2016

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Sustaining Viable Rural Communities: Discussion

10:00 am

Ms Máire Uí Mhaoláin:

I will be speaking as Gaeilge, if anyone wishes to take the opportunity to put on their headphones.

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a theacht ar an gcruinniú seo agus ár dtuairimí a thabhairt faoi céard a dteastaíonn muid maidir le forbairtí inmharthanactha a bhaint amach ar na hoileáin. Tá oileáin mhara na hÉireann an-chosúil lena chéile ar go leor bealaí ach an-éagsúil ag an am ceánna. Tá muid ag déileáil le hoileáin ó chósta Dhún na nGall síos go dtí chósta Chorcaí. Tá siad ar fad lonnaithe i gceantair atá iargúlta agus i réigiúin imeallacha oileánda. Tá dúshláin forbartha iomadúla ag muintir na n-oileán agus dúshlán níos géire fós acu i gcoinne na hiomaíochta domhanda agus an gá atá le féiniúlachtaí áitiúla a gcaomhnú ar na hoileáin.

Airíonn oileánaigh go minic go bhfuil siad uaireanta do-fheicthe ó thaobh dearadh agus seachadhadh pholasaithe Rialtais de. Is é taithí atá ag oileánaigh ná go bhfuil faillí á dhéanamh ar na beartais a gheall an Rialtas anuas na mblianta na polasaithe éagsúla a leagadh amach agus nár leanadh de réir mar a chuaigh blianta ar aghaidh. Tá sé sin léirithe sa ráiteas tosaigh a scaipeadh ar an gcoiste. Is léir é go mór mór sa bpróiseas ailínithe leis na gcomhairlí contae agus na comhlachtaí Leader faoi láthair agus na riachtanais go mbeadh na hoileáin faoi cheithre réigiún difriúil sa tír. Labróidh mé níos mó faoi sin ar ball ach is dúshlán mór millteanach é sin agus tá sé beagnach do-dhéanta a bheith freagrach do cheithre chomhairle contae agus muid an t-aon ghrúpa sa tír ina bhfuil sé seo ag baint leis.

Gabhfaidh mé tríd na rudaí éagsúla an-scioptha agus coinneoidh mé mo chuid cainte taobh istigh de na cúig nó sé nóiméad a dúradh liom a dhéanamh.

Maidir le cúrsaí rochtain agus taistil, cé go bhfuil feabhas suntasach ar an soláthar iompair chuig an mórthír le 20 bliain anuas, beidh iompar i gcónaí ar cheann de na saincheisteanna lárnacha ar a bhfuil éifeacht aige ar chaighdeán saoil na n-áitritheoirí sa bhfad téarma ar na hoileáin. Maidir leis na céibheanna, na báid, na heitleáin, ár mbóithre agus ár ndroichid, tá chuile sheirbhís eile ar na hoileáin ag brath ar an infreastruchtúr lárnach seo. Cuirim naisc dhigiteacha san áireamh anseo freisin. Is féidir a theacht aníos le cur chuige núálacha i réimsí eile forbairtí má bhíonn an infreastruchtúr ó thaobh leathanbhanda agus cumarsáide de ar an gcaighdeán ceart ag muintir na n-oileán.

I gcúrsaí oideachais, fáiltím roimh an bhfógra inné go mbeadh múinteoir breise ar fáil sna scoileanna aon-oide ar na hoileáin. Is iontach an rud é agus molaimid go mór é. Tá na hinstitiúidí oideachais ar na hoileáin mar cheann de na rudaí is tábhachtaí atá againn. Arís is arís eile, táimid ag rá nach bhfeileann rialacha an mhórphobail leis na mionphobail ar na hoileáin. Mar shampla, ní féidir le oileánach a chuid gasúr a chur chuig an gcéad oileán eile. Bhí an riail ann freisin nach bhfaigheadh siad múinteoir breise mar gheall go raibh siad faoi bhun 45 nóiméad go dtí an chéad scoil eile. An rud a bhí ann le sin ná go bhféadfadh sunda nó píosa mór fada chontúirteach bheith i gceist. Níor tógadh é sin ariamh san áireamh. Bhí sé sin an-amaideach. Baineann sé leis an gcaoi a n-oibríonn polasaí in áiteanna éagsúla. Tá constaicí speisialta go deimhin ag pobal na n-oileán. Ní mór iad sin a chosaint i reachtaíocht na tíre. An pointe tábhachtach atáimid ag iarraidh a dhéanamh ná nach dóigh linn gur féidir an slat tomhais céanna a úsáid i gcás oileáin agus a úsáidtear ar an mórthír. Ar ndóigh, tá cúrsaí taistil agus rochtana an-bhainteach le sin chomh maith. Tagann chuile shórt ar ais chuig an bpointe céanna. Tá cúrsaí taistil agus rochtana an-thábhachtach mar go minic táimid ag brath ar mhúinteoirí a theacht chugainn ón mórthír le cúrsaí breise ar chur ar fáil.

Ní féidir liom béim sách mór a chur ar chúrsaí sláinte na hoileán. Le cúpla bliain anuas, níl feicthe againn ach gearradh siar i ndiaidh gearradh siar. Má tá sé de ádh ar oileán anois banaltra a bheith ann, tá chuile sheans go bhfuileadar ag gearradh siar go dtí trí leath-lá sa tseachtain. Smaoinigh nach bhfuil aon dhochtúir ar an gcuid is mó de oileán na hÉireann. Is é sin an t-aon seirbhís sláinte atá acu, gan trácht ar an réimse leathan eile. Má bhíonn droch-aimsir i rith an trí lá sin, go bhfóire Dia ar aon duine a bhfuil ailse orthu, atá tinn, a bhfuil páiste acu nó a bhfuil rud eile orthu. Níl na seirbhísí ann dóibh. Tá banaltraí ar na hoileáin mar bhunsheirbhís thar a bheith tábhachtach.

Tá sé feicthe againn le go leor blianta anuas nach bhfuil na polasaí feirmeoireachta in oiriúnt do na hoileáin. Teastaíonn tuilleadh scéim áitiúil feirmeoireachta agus comhshaoil. Níl uimhreacha móra stoic nó táirgiúlachta ag na hoileáin. Go minic, tá costas agus deacrachtaí le hainmhithe a thabhairt go dtí an margadh, mar shampla. Is rud beag simplí é, ach níl tuairim ag an bhfeirmeoir ar an oileán cén meáchan atá ag an ainmhí a thógann sé amach chuig an mórthír go dtí go sroicheann sé an áit sin. Go minic, tá feirmeoirí na n-oileán ag brath ar chomhlachtaí ó laismuigh chun praghasanna agus rudaí a shocrú. Mar sin, níl an cothromaíocht acu a bheadh ag daoine eile. Chomh maith le sin, ba mhaith linn infheistíocht a fheiceáil i bhfeirmeoireacht órgánach ar na hoileáin.

Níl ach rud amháin le rá agam faoi chúrsaí iascaireachta agus d'aontódh oileánach ar bith ar fud na tíre nó duine ar bith atá ag maireachtáil ar an gcósta liom. Tá an t-iascaireacht ag dul i léig agus i mbaol agus níl uainn ach na moltaí a tháinig ón gcoiste idir-Rannach Rialtais ar chur chun cinn pobail chósta agus tuaithe a chur i bhfeidhm. Is é sin the Joint sub-Committee on Fisheries report. We are just asking that that be taken on board as it pertains to rural and coastal island communities.

I gcúrsaí turasóireachta, tá infheistíocht substaintiúil ag teastáil le cur ar fáil do thurasóireacht cultúrtha ar ard-chaighdeán. Is gá forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht eachtraíochta nó mara chun a chinntiú gur turasóireacht ar ard-chaighdeán atá ag teacht chun na n-oileán agus nach bhfuilimid ag brath ar na comhlachtaí farraigeoireachta chun daoine a thabhairt isteach ar feadh dhá uair an chloig agus iad imithe arís ar nós na gaoithe gan búntáiste do éinne againn ann.

Tá na hoileáin in áit mhaith chun cúrsaí fuinnimhe agus an earnáil in-athnuaite a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag go leor de na hoileáin anois a bheith neamhspleách ó thaobh fuinnimhe de mar gheall ar an gcostas ard breosla atá i gceist agus, chomh maith le sin, toisc go bhfuil siad ag íoc cáin bhreisluacha, CBL, faoi dhó ar chúrsaí lastais agus mar sin de. Ar ndóigh, ní gá dom bainistíocht dramhaíle a lua. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Tá timpeallacht an-speisialta againn ar na hoileáin.

Is acmhainn shaibhir í an Ghaeilge ar na hoileáin ar a bhfuil sé. Tá gá leis na tacaíochtaí chuí a chur in áit, luach a chur ar an acmhainn sin - rud nach bhfuil á dhéanamh - agus na tacaíochtaí chearta chultúrtha a chur in áit. Níl aon tacaíocht ar fáil don ghné seo de shaol na n-oileán Gaeltachta. Faoi láthair, an cloch is airde ar an bpaidrín ag an Roinn ná an pleanáil teanga agus an Ghaeilge a chaomhnú sna pobail Gaeltachta. Ach, in áit acmhainní a chur ina dtreo sin, is éard atá ag tarlú ná go bhfuil an obair sin ar fad á chur trasna go dtí na comharchumainn Gaeltachta. Is leo an obair sin a dhéanamh iad féin.

Is é an pleanáil teanga an beartas is tábhachtaí. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Aontaíonn muid ar fad leis mar go dtuigimid an saibhreas atá ag baint leis. Ba mhaith liom a rá nach bhfuil aon bheartas i dtaobh tacaíochtaí a thabhairt do na pobail Gaeltachta, go mórmhór i nGaillimh, faoi straitéis Leader atá roghnaithe le haghaidh Gaeltacht na Gaillimhe agus na hoileáin. Tá sé an-thábhachtach go mbeadh chuile infheistíocht Stáit, bíodh sé Leader, SICAP, an scéim sóisialta tuaithe nó aon cheann eile de na beartais sin a bhfógraíodh inné, ag tógáil san áireamh na tacaíochtaí speisialta atá ag teastáil uaidh na hoileáin agus Gaeltachtaí na tíre.

Is minic a thástáltar ceantar faoin gcóras GDP. Is fadhb é seo. Tástálann Ranna Rialtais, an Rialtas go ginearálta, an Eoraip agus grúpaí eile ná ceantair faoin gcóras GDP. Ní fheileann sé seo ar chor ar bith do na hoileáin. Mar shampla amháin, tá oileáin iarthar Chorcaí istigh le ceantair atá níos forbartha ar an mórthír, rud a chiallaíonn go mbíonn léamh difriúil agus ráta mhíbhuntáiste níos ísle ann ná mar atá ar na hoileáin. Níl sé sin feiliúnach in aon chor. Ba cheart a theacht aníos le bealach nua ina dtástaltar cúrsaí eacnamaíochta, míbhuntáistí agus na rudaí sin ar fad ar na hoileáin. Feicimid ar fad ó thaobh i gclár SICAP gurb iad na figiúirí náisiúnta a úsáidtear.

Beidh mé sciobtha ag críochnú. I gcúrsaí cánach, tá an costas maireachtála an-tábhachtach agus caithfidh mé é seo a lua. Tá sé idir 25% agus 30% níos airde ar na hoileáin. Muna bhfuilimid á íoc i mbealach amháin, táimid á íoc i gcostas lastais i mbealaí eile. Tá CBL ar an lastas. Is minic gurb an costas céanna é ar an Stát má tá, abair, 50 duine ar an oileán nó 250 duine. Dá mbeadh laghdú nó díolúine cánach ar fhiontar agus ealaín na n-oileán i bhfianaise go bhfuilimid ag íoc cáin níos airde ar bhealaí eile, mheallfadh sé i bhfad níos mó daoine le cónaí ann agus chuirfeadh sé leis an bpobal.

Tá mé beagnach críochnaithe anois. Mar a léirimid sa ráiteas tosaigh, is gá do pholasaí Rialtas na hÉireann leathnú a dhéanamh ar réimse leathan de pholasaithe sonracha oileán chun a chinntiú go mbeidh rath ar oileáin na hÉireann agus go mairfidh siad. Ní bheidh ann ach go mbeidh siad ag teacht leis an bpolasaí atá ag an Rialtas féin agus polasaí na hEorpa. Gabhaim buíochas le baill an choiste. Má tá aon cheist acu, tá mé féin agus Simon Murray anseo chun iad a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.