Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Tóibín as a chuid cainte. Labhair sé faoi bheith ag glaoch ar an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag fanacht ar an nguthán go rialta agus faoin OPW agus na deacrachtaí céanna ag ardú a gcloigne an t-am ar fad. Goileann sé ormsa freisin go bhfuil na deacrachtaí céanna ag teacht chun cinn. Caithfimid cuimhneamh go bhfuil go leor de na dualgais tagtha i bhfeidhm ó thosú an Achta in 2004 agus go bhfuil rialacháin ann agus mar sin de ó bhí 2006 ann. Ní cheart go mbeadh na fadhbanna ceannann céanna ag tarlú. Léiríonn sé dearcadh faoi leith ag leibhéal ginearálta go mbeadh an rud céanna ag tarlú arís agus arís eile.

Chuir an Teachta Tóibín ceist shonrach faoi fhoireann na hoifige agus buiséad na hoifige. Tá seachtar ceadaithe don oifig faoi láthair agus mé féin an t-ochtú duine san oifig. Is státseirbhísigh de chuid Roinn na Gaeltachta atá iontu. Tá siad ar secondment go dtí m'oifig. Nuair a thosaigh mise, ní riabh stiúrthóir ceadaithe don oifig ach tá stiúrthóir ceadaithe agus ceaptha ó shin. Tá duine sa bhreis anois ceadaithe chomh maith chun e a thabhairt ó seisear mar a bhí ceadaithe ar dtús go seachtar. Is dul chun cinn é sin ach táimid ag fós ag fanacht mar tá an próiseas earcaíochta sin fós ar bun. Ó thaobh bhuiséad na hoifige, €670,000 an buiséad iomlán a bhí ann anuraidh. Is muid ceann de na heagraíochtaí Stáit is lú sa tír ó thaobh foirne agus bhuiséid.

Ar cheart go mbeadh níos mó ann? Cinnte, d'fhailteoinn é; d'fháilteodh chuile eagrais é. Cuideodh sé go mór. Mar shampla, mar a bhí mé ag labhairt leis an Teachta O'Dowd ó thaobh comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí, cuideodh sé go mór linn dá mbeadh breis daoine againn chun tuilleadh dó sin a dhéanamh. Cuideodh sé linn a bheith réamh-ghníomhach. Féadfaidh muide a bheith ag déanamh an tairisceana gníomhaí agus ag dul amach do chomhlachtaí níos minice ná mar is féidir linn faoi láthair. Cuireann sé an-bhrú ar an acmhainn daonna atá againn nuair a théann muid amach ag casadh le comhlachtaí poiblí. Bíonn duine as láthair ón oifig ar feadh b'fhéidir dhá nó trí lá. Dá mbeadh níos mó foirne againn, sin an áit go bhfeicfinn go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh sa gcás sin.

Cuireadh ceist chomh maith faoi cén fáth a shocraíonn Ranna Stáit ar dhuine nó beirt le Gaeilge a shainaithint as 700 nó 800 duine agus cén próiseas atá acu. I ndáiríre, chaithfí an cheist a chur ar na Ranna Stáit iad féin. Agus muid ag déileáil le Ranna Stáit go hiondúil, má bhíonn, bíonn oifigeach Gaeilge acu nó bíonn duine le Gaeilge sainaithinte, b'fhéidir, in oifig an Aire nó in oifig na preasa. Sin an méid a bhíonn ann go minic, ach tá eisceachtaí ann, dar ndóigh. Tá Roinn na Gaeltachta - mar a bheifí ar súil leis - ach tá líon áirid atá ard go maith ó thaobh poist agus daoine atá in ann feidhmiú trí Ghaeilge sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádala. Is léir, áfach, go bhfuil mí-thuiscint ann faoin 6%. Níl 6% d'earcuithe nua ag teacht isteach sa Státseirbhís le Gaeilge. Ní sin atá ag tarlú. Tá liosta ann le 6% ach an rud atá ag tarlú ná go bhfuil Ranna Rialtais ag rá nach teastaíonn uathu ach duine amháin nó beirt. Mar eagraíochtaí móra, níl sé sin realaíoch ar aon bhealach.

Ó thaobh plean gnímh don Ghaeilge, ó mo thaobh-se de, sílim go bhfuil gníomh ag teastáil ó thaobh Acht na dTeangacha. Sin mo réimse. Ó thaobh Acht na dTeangacha, tá gníomh ag teastáil le dul i ngleic le laigeachtaí ata san Acht. Tá an straitéis 20 bliain ann, mar a luaigh an Seanadóir Ó Céidigh. Is faoin gcoiste é cinneadh a dhéanamh air sin. An t-aon bhaint atá agamsa leis an straitéis ná ó thaobh na hearcaíochta de. Deirtear sa straitéis go ndéarfaidh Ranna Rialtais sna scéimeanna teanga an méid daoine le Gaeilge atá ag teastáil uathu agus cá mbeidh na postanna á shainaithint - chun an téarma sin a úsáid. An rud atá muide ag feiceáil sna scéimeanna teanga ata ag teacht ar ais chugainne ná go bhfuil siad ag rá nach bhfuil éinne le Gaeilge ag teastáil nó nach bhfuil ach duine amháin nó beirt le Gaeilge ag teastáil. Is iad san eagraíochtaí le 700, 800 nó, b'fhéidir, 2,000 duine. Sin atáimid ag feiceáil sna scéimeanna teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.