Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá cúpla ceist ann agus freagróidh mé iad san ord a bhfuair mé iad. Fáiltím roimh caint an Teachta faoi cheist na leabharlannaithe. Táim ag faire ar an toradh a bheas air sin. Mar a luaigh mé, tá ceist ann ó thaobh na leabharlannaithe agus an bhfuil an dualgas ann ó thaobh na Gaeltachta fiú. Luaigh an Seanadóir Ó Céidigh an próiseas pleanála teanga. Bheadh sé thar a bheith aisteach dá mbeadh daoine ag cur plean teanga le chéile do na pobail Ghaeltachta agus ag an am céanna go mbeadh seans ann go siúlóidís isteach i leabharlann agus nach mbeadh aon dualgas go mbeadh duine le Gaeilge taobh thiar den deasc. Is ábhar é sin go mba chóir díriú air.

Cuireadh ceist faoi chomhlachtaí príobháideacha. Ní thagann siad faoi mo dhlínse faoi láthair ach is féidir le comhlachtaí príobháideacha ról ceannaireachta a ghlacadh. Tá samplaí feicthe agam. Go minic, feiceann muid gur féidir leo ról níos feiceálaí agus níos láidre a ghlacadh ná comhlachtaí poiblí. Is bocht an scéal é ar bhealach nach bhfuil na comhlachtaí poiblí ag seasamh ar chomhleibhéal leo sa gcás sin. Mar shampla, is féidir Google Gmail a dhéanamh as Gaeilge. Tá comharthaí leictreonacha i nGaeilge anois i McDonald's. Agus duine ag fáil chips agus burger, tá na comharthaí leictreonacha i nGaeilge. Tugann sé sin teachtaireacht do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge feiceálach. Tuigeann daoine atá ag labhairt na Gaeilge sa mbaile go bhfuil fáilte rompu in áit a bhfuil an Ghaeilge feiceálach. Ar a mhalairt ansin, nuair nach bhfuil sé feiceálach, is as sin go n-eascraíonn na fadhbanna.

Tagann sé sin don cheist faoi spiorad na reachtaíochta seachas an reachtaíocht féin. Ceann de na rudaí atá déanta againn le bliain anuas ná ról níos gníomhaí a ghlacadh ó thaobh comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí.

Bhí seimineár againn ag an Oireachtas i mbliana, mar shampla, agus bhí níos mó daoine ag iarraidh teacht ag an seimineár ná mar a raibh spás ann dóibh. Labhair muid faoi na dualgais atá san Acht agus dúramar go bhfuil muid ann chun cabhrú agus cuidiú leo. Táimid ann chun tuiscint a thabhairt dóibh freisin faoin gcúis go bhfuil an tAcht ann agus é sin ról níos lárnaí a thabhairt don Ghaeilge i tsochaí na tíre. Sin an ról go bhféadfadh a bheith agamsa ansin. D'fhéadfainn a bheith réamh-ghníomhach ó thaobh comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.