Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Tá sé deas casadh leis an gcoimisinéir arís. Cuireann sé díoma mór orm an easpa misnigh atá ar an gcoimisinéir agus é ag cur a chuid i láthair ansin. Ní raibh mé ag súil leis sin. Mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht, a oiread leis an gcoimisinéir féin, agus tá cónaí orm fós ann, lig na Ranna Stáit agus lig an Stát síos go mór muid agus tá muid ligthe síos fós. Má bhraithnítear ar mhuintir an Cheathrú Rua, muintir an Spidéil nó muintir Ros Muc, ní fheiceann siadsan buntáiste ar bith nó iarracht ar bith a dhéanamh ag an Stát le cabhrú leo. Dar liomsa, sin bun agus barr nó croílár an scéil seo. Aontaím leis an Teachta Tóibín maidir leis na hiarrachtaí atá an coimisinéir a dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfuil an t-airgead nó an tacaíocht aige agus is cinnte nach bhfuil na Ranna Stáit ag tabhairt tacaíocht dó le go bhféadfaí mar is cóir an Ghaeilge a úsáid i bhfad níos minicí agus úsáid i bhfad níos fearr a bhaint aisti.

Dar liomsa, an bunrud atá daoine as an nGaeltacht ag iarraidh ná jabanna. Má fhaigheann muintir na Gaeltachta jabanna, fanfaidh siad ann agus labhróidh siad Gaeilge.

Tá i bhfad níos mó suim san Ghaeilge anois ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht go háirid, ach tá daoine ag iarraidh Béarla a labhairt freisin. Is fada an lá é ó d'imigh m'athair go Sasana - b'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Seanadóir Ó Clochartaigh é seo mar rugadh agus tógadh é i Sasana - ach ní raibh aon Bhéarla aige nuair a d'imigh sé ann. Bhí air Béarla a fhoghlaim. Nuair a tháinig sé ar ais go Conamara, an rud a bhí sé ag iarraidh orainn a dhéanamh ná cúpla focal Béarla a bheith againn. Tá go leor daoine nach dtuigeann é seo ach bhí sé an-tábhachtach ag an am sin, agus tá sé tábhachtach fós, go mbeadh Béarla againn. Is dream dhá-theangach muid.

Is é bun agus barr an scéil leis an straitéis 20 bliain ná nach bhfuil ann ach box-ticking. Chaithfinn-se amach uilig é agus thosnóinn é nua as an bpíosa. Tá straitéis iomlán ag teastáil ó thaobh na Gaeltachta de agus ó thaobh na Gaeilge de. Tá páirt fíor-thábhachtach ag an gcoimisinéir ann. Tá mise agus chuile dhuine anseo ag tabhairt 100% tacaíocht dó. Tuigeann muid an tinneas atá air nach féidir leis an post atá aige agus rud atá sé ag iarraidh a dhéanamh a dhéanamh mar níl sé ag fáil an tacaíocht. Níl ann ach box-ticking. Is mór an náire é don Stát agus dúinn uilig é sin. Má bhíonn aon tionchar againn, faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh, dá bhféadfadh muid an cnaipe sin a bhrú ar aghaidh ar bheagánín, dhéanfadh sé difríocht an-mhór.

Níl aon cheangal idir muintir na Gaeilge agus an straitéis 20 bliain nó forbairt teanga. Luaigh an coimisinéir an próiseas pleanála teanga agus pleananna teanga. Níl ansin ach rud acadúil le go mbeadh plean ar phíosa pháipéir. Tá muid ag iarraidh go mbeadh seans againn dul amach ag obair agus go mbeadh clann ag daoine agus go mbeadh teach ag daoine agus go mbeidís in ann fanacht san áit gur rugadh agus tógadh iad. Níl siad in ann é sin a dhéanamh. Tá muid ligthe síos go láidir ag an Stát le blianta fada anuas ach b'fhéidir go bhfuil seans againne athrú beag a dhéanamh air sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.