Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus na focail láidre a bhí le rá ag an gcoimisinéir. Tá a fhios agam go bhfuil siad ag déanamh a seacht n-iarracht an dlí a chur i bhfeidhm thart timpeall na tíre. Tá géarchéim san earnáil seo. Ceapaim féin nach dtuigeann daoine cé chomh dona is atá rudaí don Ghaeilge sa Státseirbhís. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Teachta O'Dowd ar an earnáil príobháideach, ach táimid na mílte míle i bhfad ó sin. Ní féidir linn an Stát é féin a shocrú i gceart maidir leis an nGaeilge, gan trácht ar an earnáil príobháideach. Tá sé chomh dona san earnáil seo gur sheas an t-iar-chomisinéir síos. Tá mise anseo le sé bliana anuas agus i mo thuairimse níl aon rud athraithe i ndáiríre i ndearcadh an rialtais ar an rud seo.

Bhíomar ag pléigh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cúpla lá ó shin. Tá sé mar chuspóir don straitéis sin go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil sa tír seo taobh amuigh den chóras oideachais i 2030. Má táimid chun an cuspóir sin a bhaint amach, ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh 125,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil faoi láthair chun an trend sin a chomhlíonadh. Ach táimid fós 50,000 taobh amuigh den chuspóir sin a bhaint amach ag an nóiméad seo. Tá beagáinín dul chun cinn tagtha ar na figiúirí de réir an daonáirimh. Táimid ag fanacht ar an daonáireamh is déanaí freisin maidir le sin. I mo thuairimse féin, caithfidh an Rialtas a bheith i ndáiríre faoin rud seo.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin Stát agus an teip atá air.

Fiú seachtain ó shin, chuir mé glaoch ar an Roinn Oideachais agus Scileanna. Roghnaigh mé uimhir a 2 freisin, le haghaidh iarracht a bhaint amach as. Ní raibh éinne ar fáil ar an uimhir sin. B'fhéidir go raibh fear bréige ann, ach i ndáiríre ní raibh duine ar bith ann. Gach lá nuair a iarrann duine Gaeilge a úsáid leis an Státcóras deir an Státcóras, "Imigh leat." Ní déanann an córas faic don duine sin. Níl ann ach faux-facade. Níl aon rud taobh thiar den facade sin chun an tseirbhís a comhlíonadh. Sin an fáth nach bhfuil daoine atá ag tógáil a clainne le Gaeilge ag dul ar ais chuige.

Tá figiúr uafásach suimiúil ann. An tslí is fearr don Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile ná an ghlúin sin a thógáil le Gaeilge. Idir an Tuaisceart agus an Deisceart, tá buiséad €20,000 ann chun é sin a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht. Is é €20,000 an méid atá againn chun clanna taobh amuigh den Ghaeltacht thar timpeall na Tríocha Dó Contae a thógáil le Gaeilge. Is seafóid é a bheith ag caint faoi comharthaí ar taobh veain ar mhótarbhealach muna bhfuilimid sásta labhairt Gaeilge le páistí.

An fhadhb atá ann ná go ndéanann an chuid is mó de Státseirbhísigh neamh-aird ar Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá a fhios agam go bhfuil an OPW ag briseadh a chuid dualgas reachtúil agus go mbíonn Oifig an Choimisinéara Teanga i dteagmháil leis an OPW faoi sin. Réitíonn an OPW an fhadhb ach an chéad uair eile a chuirtear comhartha bóthair nó rud éigin eile suas déantar an rud céanna arís. Is cur amú ama don choimisinéir é agus is cur amú airgid é dá hoifig go bhfuil sé sin ag tarlú. Caithfidh píonós nó costas éigin a bheith ann don Státseirbhís nuair nach gcomhlíontar an dlí.

An bhfuil foireann iomlán ag Oifig an Choimisinéara Teanga fós? An bhfuil buiséad iomlán ag an oifig fós? Aontaím go huile is go hiomlán maidir leis an méid a dúradh faoin mBreatain Bheag agus an caighdeán. Sin an tslí is éasca é sin a dhéanamh.

Cad iad tuairimí an choimisinéara faoi saghas action plan for the Irish language? Bhí Action Plan for Jobs ag an Aire, an Teachta Richard Bruton, sa Dáil dheireanach. Bhí an Taoiseach mar chathaoirleach ar an tionscnamh idir-rannach sin. Gach ceathrú den bhliain bhí orthu gníomhartha a ainmniú don Státchóras agus ansan slat tomhais a chur ar na gníomhartha sin. Diaidh ar ndiaidh, d'éirigh leis. Chaith mise anuas air ag an am ach d'éirigh leis cúpla rud tábhachtach a bhaint amach. Dá mbeadh an Rialtas ag déileáil leis an earnáil seo sa tslí chuimsitheach sin, b'fhéidir go mbeimid in ann na fadhbanna atá ann a réiteach.

Conas a shocraíonn rannóg Stáit go bhfuil Gaeilge riachtanach le haghaidh post? Cad iad na slite ina ndéantar sin? Aontaím go bhfuil sé níos fearr a bheith réamhghníomhach. Chuala mé go bhfuil gá aird a bheith ann do thionchar Bhille nua ar an mBreatnais agus an Bille sin á dréachtú.

Sin an méid atá le rá agamsa.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.