Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as an gcur i láthair. Tá tuairisc an-láidir curtha aige ar réimse ábhair tábhachtach. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith díriú isteach más féidir ar na scéimeanna teanga. Tá a lán den mhéid a bhí in aigne agam a rá ráite cheana féin ag an Seanadóir. Is é an tuiscint a bhí agam agus ag a lán daoine i gcónaí ar na scéimeanna teanga ná go dtógtar an chéad scéim eile ar an gceann a bhí ann roimhe agus gur saghas ratcheting suas a bheadh ann. Tá sé soiléir nach é sin atá ag tarlú. An é go bhfuil b'fhéidir cut and paste ón sean-scéim i gceist nuair a bheadh ceann nua ag teacht? Tá sampla an-aisteach ansin i gContae na hIarmhí agus an cúlú atá ann. Cé chomh forleathan is a bhfuil sé sin? An é sin an scéal i ngach aon áit, b'fhéidir? Conas a bhféadfadh aon údarás plean a aontú le na heagrais sin? Más rud é go rabhadar le bheith ag tógáil na scéimeanna in airde ar an sean-cheann, caithfeadh sé a bheith aontaithe le Roinn na Gaeltachta. Bheadh aon chúlú nó easpa dul chun cinn sa phlean sofheicthe láithreach ag an Roinn. Cén fáth nach bhfuil aon fhuinneamh ansin? An raibh deis ag oifig an choimisinéara é sin a phléigh le na húdaráis sa Roinn? Is fadhb ollmhór é dá má rud é go bhfuil a leithéid ar siúl ann.

Luaigh an coimisinéir an Eircode chomh maith. Táim ag iarraidh díriú ar sin ar feadh nóiméid. Tuigim go raibh ualach ollmhór agaibh ó thaobh na gearráin a tháinig as sin. Ní fheadar in aon chor an raibh aon chóras ag An Post chun pléigh le na gearráin a bhí ag teacht chuige féin. Tuigim go raibh conraitheoir ag pléigh leis an ábhar. An bhfuil a fhios ag na finnéithe ar chuir an conraitheoir na gearráin ar aghaidh chuig An Post chun réitigh a chur i bhfeidhm? An bhfuil réiteach tagtha orthu sin go léir? Shamhlófaí go mbeidís réitithe faoin tráth seo ag aon duine a bhí ag tarraingt na gearráin chuig An Post nó chuig an conraitheoir i dtosach. Cuireadh cúpla cheann os comhair na húdaráis i mí Iúil anuraidh. Ach fós i mbliana, ní rabhadar réitithe. Ní fheadar an bhfuil aon eolas ag na finnéithe ar an dul chun cinn atá ann nó an bhfuil córas curtha i bhfeidhm ionas nach dtarlódh a leithéid arís?

Maidir leis an Acht nua, tá cúpla pointe léirithe ag an gcoimisinéir go bhfuil sé ag iarraidh a fheiceáil ann. An bhfuil rudaí san Acht atá ann faoi láthair nach bhfuil ag feidhmiú nó curtha i gcrích ach go bhféadfaí breis a dhéanamh leo chun iad a chur chun cinn? Sna bearnaí ar fad atá feicthe, an bhfuil aon rud úsáideach gur féidir a tharraingt amach as?

Tá ardmholadh agam don obair atá ar siúl ag oifig an choimisinéara. An bhféadfadh na finnéithe soiléiriú a dhéanamh ar na pointí sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.