Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an gcoimisinéir os comhair an choiste nua seo, cé go rabhamar ag deileáil leis faoin gcomhchoiste eile a bhain le maoirsiú poiblí agus mar sin de. Bhí an coimisinéir agus an coimisinéir a tháinig roimhe thar barr ar fad ag cur cás na Gaeilge i láthair. Is maith an rud é go bhfuil comhchoiste buan againn anseo atá in ann díriú ar na ceisteanna seo go sonrach. Ardaíonn an coimisinéir cuid de na bun-cheisteanna atá ann ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de sa tír seo.

Tá roinnt ceisteanna gur mhaith liom a chur. Luaigh an coimisinéir rud maidir le Eircode sa tuairisc a thug sé don choiste agus an deacracht a bhí ann le sin. B'fhéidir go bhféadfadh sé beagáinín eile a rá faoi sin agus a mhíniú dúinn cén chaoi gur féidir cásanna den chineál sin a sheachaint amach anseo, ina thuairim. Aontaím go huile is go hiomlán leis maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil géar-ghá ag an bpointe seo le Acht na dteangacha nua nach gcuireann bac ná srian ar rudaí ach a bhreathnaíonn ar bhealach leis an nGaeilge a chosaint. Bheinn ag moladh don choiste seo go gcaithfimid breathnú ar sin mar cheann de na priarachtaí móra atá againn. Bheadh aon mholadh ag an gcoimisinéir ina leith sin iontach maith.

Sílim gur chóir dúinn dul trí chomhairliúchán. Ba chóir dúinn an comhairliúchán poiblí ar fad a fháil ó Roinn na Gaeltachta ionas go bhfoilseofar gach rud a bhí ann. Ba chóir dúinn scríobh chuig an Roinn ag iarraidh air an t-eolas sin a chur ar fáil maidir leis na sonraí sin. Bheadh muid in ann plé a dhéanamh ansin ar na hathruithe cuimsitheacha a deir an comisinéir atá ag teastáil.

Is léir nach bhfuil cás na scéimeanna ag obair. Tá teanga beag an choimisinéara caite aige, agus bhí sé caite ag Seán Ó Curreáin roimhe, ag caint faoi na scéimeanna teanga agus an gá atá ann iad a leasú. Is údar uafásach tromchúiseach é cás na leabharlann sin agus ról Chomhairle Contae na hIarmhí. Ní hamháin nach bhfuil siad ag feidhmiú scéimeanna teanga, ach tá siad ag cúlú ar na dualgais sa dara sraith de scéimeanna teanga. An bhféadfadh an coimisinéir labhairt linn maidir le daingniú na scéimeanna? De réir mar a thuigimse, is é Roinn na Gaeltachta a dhaingníonn na scéimeanna agus níl aon ról ag an gcoimisinéir ón taobh sin de. Dá bhrí sin, an é atá á rá ag an gcoimisinéir ná go bhfuil Roinn na Gaeltachta féin ag ceadú do eagraíochtaí pobail agus Stáit cúlú ar na scéimeanna nuair atá siad ag dréachtú an dara sraith de scéimeanna? An pátrún é sin atá le feiceáil i scéimeanna eile? Más ea, is ceist uafásach tromchúiseach é sin do Roinn na Gaeltachta, an tAire agus na feidhmeannaigh atá ag pléigh le daingniú scéimeanna. Ní hamháin go bhfuil na riaráistí agus eile ann, ach má táthar ag tabhairt cead do dhaoine cúlú ón dualgas atá orthu, is ceist uafásach tromchúiseach é sin. Sílim gur ábhar é gur cheart dúinn feidhmeannaigh na Roinne agus an tAire a cheistiú go dian faoi.

Go dtí seo bhíomar ag bualadh leis an gcoimisinéir b'fhéidir uair nó dhó sa bhliain. Ach i ndáiríre, os rud é go bhfuil an ról againne ag díriú ina iomlán ar cheisteanna mar seo, b'fhéidir go bhfuil gá go mbeadh tuilleadh eolais againn ón gcoimisinéir maidir le céard a chuireadh muid in áit na scéimeanna. Cén chaoi a n-oibreodh na rialacháin? Céard a bheadh i gceist leo? Tuigim go bhfuil an córas rialacháin bunaithe ar mhúnla na Breataine Bige. Cén chaoi a bhfeidhmeodh sé dá mbeadh muid ag cumadh Achta nua? An bhfuil aon deis ag an gcoimisinéir breis eolais a thabhairt dúinn faoina leithéid sin?

Tá cúrsaí earcaíochta fíor-thromchúiseach arís eile. Bhí mé ag glaoch ar cheann de na húdaráis áitiúla inniu. Ní chuirfidh mé ainm orthu ach beidh barúil mhaith ag na baill cad é fhéin. Tá sé aitheanta mar cheann de na comhairlí contae is fearr ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla de. Chuir mé glaoch air ag lorg eolais maidir le rud áirithe a bhain le cúrsaí pleanála. Fiafraíodh dom an raibh mé ag iarraidh seirbhís trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Dúirt mé go dtriallfainn uimhir a 2 go bhfeicfinn cén chaoi a n-éireodh liom. Cuireadh tríd mé go dtí an oifigeach a bhíonn ag pléigh le cúrsaí Gaeilge agus ansin chuala mé, "Tá tú tríd go dtí an tseirbhís. Fág teachtaireacht má tá tú ag iarraidh an cheist a bheith freagartha". Níor fhág mé teachtaireacht mar tá sé tarlaithe dom chomh mhinic cheana go bhfuil a fhios agam go dtógann sé lá nó dhó nó trí cinn sula bhfaighim freagra. Ghlaoigh mé ar an tseirbhís Béarla agus fuair mé an duine a bhí ag teastáil uaim ar an bpointe sin. Bhí barúil agam go dtarlódh sé sin. Cé chomh fhorleathan is atá sé sin? Dar liomsa, is é sin ceann de na comhairlí contae is fearr atá ag deileáil leis an Acht. Ar a laghad ar bith, faigheann tú tríd go dtí seirbhís freagartha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.