Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: An Coimisinéir Teanga

5:00 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Tá mé an-bhuíoch as an gcuireadh labhairt leis an gcomhchoiste. Ba mhaith liom a rá ar dtús go bhfáiltím go mór roimh bhunú an bhuan-choiste seo agus an stádas a bhronnann sé ar chursaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán i gnóthaí an Oireachtais. Guím gach rath ar an gcoiste ina chuid oibre.

Tá mo ráiteas tosaigh curtha faoi bhráid an chomhchoiste agam ina ndéanaim cur síos ar ról na hoifige, ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, ar chóras na scéimeanna teanga agus ar an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Is ábhair iad seo go bhfuilim tar éis labhairt faoi roimhe seo le coistí agus comhchoistí de chuid an Oireachtais agus téann siad go dtí croí-lár na hoibre atá ar siúl ag m'oifig. Ba mhaith liom mar sin díriú ar na príomhphointí a ndéanaim tagairt dóibh i mo ráiteas tosaigh.

Ní shásaíonn na ceannteidil a fhoilsíodh do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreán 2014 na hathruithe atá ag teastáil san Acht reatha. Ní thugann na ceannteidil aird ar an méid atá á lorg agamsa agus ní thugann siad aird ar na moltaí a tháinig chun cinn ón gcomhairliúchán poiblí. Is deacair mar sin a rá cé a bheadh sásta le na ceannteidil mar atá siad. Rinne comhchoiste traspháirtí Oireachtais 33 moladh ar na 13 ceannteideal agus is dócha go n-insíonn sé sin a scéal féin. Go deimhin, bhí sé le rá ag an Aire Stáit le deanaí, agus an tAire Stáit roimhe sin, nach bhfuil na ceannteidil mar atá siad sásúil.

An cheist mar sin ná céard í an chéad chéim eile. Mar Choimisinéir Teanga atá ag obair leis an reachtaíocht chuile lá, ní miste liom a thabhairt le fios don chomhchoiste Oireachtais seo go dteastaíonn athruithe cuimsitheacha ar struchtúr agus ar fhorálacha an Achta a théann i ngleic le riachtanais praiticiúla lucht labhartha na Gaeilge. Mura ndéanfar é sin, is faillí a bhéas ann mar beidh muid ag leanúint orainn bliain i ndiaidh bliana ag trácht ar na fadhbanna cheannann céanna. Níl aon amhras orm faoi sin.

Creidim gurb é an ról gur chóir go mbeadh ag an reachtaíocht ná éascú a dhéanamh ar na cuspóirí a theastaíonn uainn a bhaint amach. I gcás Acht na dTeangacha Oifigiúla, ba chóir go mbeadh sé mar chuspóir againn go mbeadh teacht níos éasca ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus go mbeadh caighdeán na seirbhísí sin ar aon dul leis an tseirbhís i mBéarla. Tá sé mhór-leasú curtha i láthair an choiste agam i mo ráiteas tosaigh, agus ní shin ag áireamh leasuithe teicniúla a theastaítear chomh maith dár ndóigh. Díreoidh mé ar an dá leasú is tábhachtaí mar a fheicimse iad.

Ar dtús, táim ag moladh go mbeadh ar chumas an Stáit a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá próiseas pleanála teanga ar siúl sna ceantair Gaeltachta faoi láthair agus measaim go bhfuil go leor dúshláin roimh an bpróiseas sin ina chuid iarrachtaí úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chothú sna limistéir Gaeltachta. Táimse den tuairim go gcaillfidh an próiseas pleanála teanga a dhlisteanacht má bhíonn teip ar an Stát a chuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sna limistéir céanna ina bhfuil i gceist iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge a choinneáil chun cinn ag leibhéal an phobail. Bheadh sé thar a bheith íorónach dá dtarlódh sé gurb é soláthar na seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht an lúb is laige sa slabhra phleanáil teanga. Creidimse gur le cúl-taca na reachtaíochta is fearr a thabharfar aghaidh ar an ábhar seo agus gur féidir é a thabhairt chun cinn ar bhealach praiticiúil i bhfoirm rialacháin ag leanúint ó bhun-chuspóirí an Achta.

Táim ag díriú aird an chomhchoiste chomh maith ar chóras na scéimeanna teanga atá go maith i dteoiric, ach nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart le blianta fada anois. I mo ráiteas tosaigh, léirím go mbíonn scéim teanga i bhfeidhm ar an meán sé bliana sula n-aontaítear scéim nua. Is é sin dhá oiread ama agus ba chóir. Ach níl ansin ach cuid den scéal mar tá líon suntasach comhlachtaí nár aontaíodh an dara scéim teanga go fóill leo. I gcás 19 de chomhlachtaí poiblí, tá sa bhreis ar chúig bliana caite anois ó tháinig deireadh le tréimhse feidhme na chéad scéime agus gan an dara scéim daingnithe. Tá sé seo uilig ag tarlú ag tráth go bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Roinn dlús a chur le haontú scéimeanna teanga. Ag breathnú ar an líon méadaithe scéimeanna atá aontaithe sa tréimhse sin, thógfadh sé sé bliana breith suas ar an riaráiste atá carnaithe, sin gan aon iarratas nua ná gan aon iarratas ar athnuachan a bheith déanta sa tréimhse sin.

Is léir mar sin go bhfuil na fíricí lom. Ach, mar is dual d’fhíricí, ní thugann siad léargas ar chaighdeán ghealltanais na scéimeanna. Is ábhar mór imní é an méid sin dom mar, in ainneoin roinnt scéimeanna maithe, is beag a bhíonn i gcuid mhaith scéimeanna teanga go bhféadfaí a rá go ndéanfaidh sé mórán de dhifir ó thaobh seirbhísí úsáideacha a bheith ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Mar léiriú ar na laigí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga, tá sampla tugtha agam i mo ráiteas tosaigh don dara scéim teanga a aontaíodh le Comhairle Contae na hIarmhí i mbliana. Sa scéim sin déanadh cúlú ar ghealltanas a bhí sa chéad scéim teanga go mbeadh an t-ábhar statach ar an suíomh gréasáin ar fáil go dátheangach. Theip ar an gcomhairle contae an méid sin a bhaint amach agus i ndiaidh próiseas faireacháin agus imscrúdaithe de chuid m'oifige, leagadh tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an ábhar. Is gníomh é sin atá tromchúiseach agus neamhghnách. Sa dara scéim teanga, leasaíodh agus lagaíodh an gealltanas sin go suntasach. Ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga gurb é an freagra a bhí ar neamhchomhlíonadh gealltanas ná an riachtanas sin a laghdú ag an gcéad dheis eile.

Le bheith neamhbhalbh faoi seo, caithfear córas nua a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. An moladh atá agamsa ná go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí de réir a dtábhacht agus a gcumarsáid leis an bpobal, agus trí chóras rialacháin go leagfaí amach go soiléir na seirbhísí, go háirithe na seirbhísí sin nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna, a chuirfear ar fáil i nGaeilge. Na buntáistí a bhaineadh le sin ná nach mbeadh aon phróiseas idirbheartaíochta ar siúl mar atá i gceist le córas na scéimeanna teanga, nach mbeadh aon chúlú ar ghealltanais ó scéim go scéim, go mbeadh sruthlíniú déanta ar an bpróiseas riaracháin agus, an rud is tábhachtaí, b'fhéidir, go mbeadh sé soiléir don phobal céard gur féidir leo súil le ó gach earnáil. Níl aon amhras orm ach gur athrú suntasach é seo, ach leis an bpleanáil cheart creidim gur féidir é a dhéanamh agus, níos tábhachtaí ná sin, go dteastaíonn é a dhéanamh.

Gan dóthan daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa tseirbhís phoiblí, ní bheidh mórán rath le brath ar sheirbhísí poiblí a bheith ar fáil go sásúil i nGaeilge. Chuige seo caithfear aghaidh a thabhairt ar cheist na hearcaíochta. Tá cuid mhaith eolais curtha ar fáil roimhe seo a léiríonn gur líon an-íseal poist atá le haithint a bhfuil riachtanas Gaeilge luaite leo. Is léir go bhfuil drogall ar eagraíochtaí Stáit ceangal a chur orthu féin, mar a fheiceann siadsan é, go mbeadh riachtanas Gaeilge luaite le líon áirithe poist.

Fágann sin go bhfuil painéil d’iarrthóirí le Gaeilge á gcruthú agus gur beag post atá aitheanta dóibh. Bhí mí-thuiscint nó mí-bhrí ann ón tús go gcaitheadh Gaeilge a bheith ag 6% d'earcaigh nua a bheadh ag teacht isteach sa Státseirbhís de thoradh cinneadh Rialtais sa bhliain 2013. Dar ndóigh, ní hé sin atá i gceist. Is éard a bhí sa gcinneadh sin ná go gcruthófaí painéil de dhaoine le Gaeilge a bheadh cothrom le 6% den phainéal ginearálta. Ach, mura bhfuil poist le riachtanas Gaeilge á sainaithint, fágtar nach bhfuil daoine le Gaeilge ag teacht ó na painéil sin ag gach leibhéal sa Státseirbhís. Mar atá léirithe ag freagraí ar cheisteanna Dála, is oiread na fríde den chéatadán d'earcaigh nua atá ag teacht ó na painéil Gaeilge.

Go deimhin, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil cúlú ar siúl san áit go mbíodh riachtanas Gaeilge luaite le poist roimhe seo. Tá m'oifig faoi láthair ag scrúdú an tsonraíocht atá leagtha síos ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil do phoist sa tseirbhís leabharlainne poiblí. De réir an eolais atá ar fáil dúinn go dtí seo, táthar tar éis deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhíodh ann roimhe seo toisc moladh ó ghrúpa oibre a bunaíodh sa bhliain 2015. Ba é dearcadh an ghrúpa oibre sin ná gur chruthaigh an riachtanas seo bac iontrála neamhriachtanach dóibh siúd gan Gaeilge labhartha nó dóibh siúd nach raibh an deis acu an teanga a fhoghlaim.

Táthar anois ag tabhairt feidhme do na socraithe seo le sonraíocht poist nua de chuid na Roinne. Níl aon riachtanas Gaeilge luaite leis an tsonraíocht atá feicthe againn i gcás leabharlannaí cathrach agus contae, leas-leabharlannaí cathrach, leabharlannaí chathair Bhaile Átha Cliath, leabharlannaí feidhmiúcháin, leabharlannaí roinne ná leabharlannaí cúnta. Ní heol dom ach an oiread go bhfuil aon socraithe faoi leith i gceist do cheapacháin i leabharlanna Gaeltachta. Tá an cheist shonrach sin ardaithe agam leis an Roinn agus táimid ag fanacht ar fhreagra.

Tá sé ráite i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go "sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh". Ní chreidimse go bhfuiltear ag tabhairt faoi chúrsaí earcaíochta le haon dáiríreacht agus gur sop in áit na scuaibe atá i gceist dóibh siúd le Gaeilge atá ag iarraidh a bheith ag obair sa tseirbhís phoiblí.

Táim an-bhuíoch as an gcuireadh teacht i láthair an choiste inniu agus fáiltím roimh aon cheist atá ag na baill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.