Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Le críochnú leis an Aire Stáit, tá mé an-shásta gur éirigh leis comh-mhaoiniú a chur ar fáil do na comhairlí contae ar na hoileáin ó thaobh bunstruchtúr a chur ar fáil. Bhí sé sin ag teastáil. Tuigtear dom, agus bhí an ceart ag an Aire Stáit mar bhí sé deireanach sa bhliain, gur 75% ón Roinn agus 25% ón gcomhairle contae atá i gceist. Má dhéanann sé é an bhliain seo chugainn, tá súil agam go ndéanann sé é luath sa bhliain agus ar bhonn 50:50, mar a bhí á ghearradh agamsa. Ní dóigh liom go mba ceart dúinn scaoileadh le dualgas an chomhairle contae a gcuid airgid féin a chur isteach sna hoileáin. Molaim an tAire Stáit agus is iontach an scéal é go bhfuil an t-airgead beag sin curtha ar fáil. Le cúnamh Dé, tógfaidh ar ais scéim na mbóithre áise an bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.