Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá rudaí ann cosúil le bailte seirbhíse, uirlis a bhí ag an iar-Aire Stáit, Dinny McGinley, ina Bhille lena mbeadh muid in ann an Ghaeilge a chur chun cinn. Táimid ag caint faoi Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Átha Bhuí díreach in aice leis agus a bheith in ann struchtúr a chur ann chun i bhfad níos mó Gaeilge a chur isteach sa bhaile sin. Níl pingin rua ann, áfach, chun an jab sin a dhéanamh ón am a d'imigh an iar-Aire Stáit McGinley ón bpost sin. An fhadhb atá ann ná go bhfuil cúpla céim agus uirlis ann chun an sprioc sin a bhaint amach ach, i ndáiríre, nílimid ag dreapadh na céimeanna sin ar chor ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.