Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Foilsíodh an straitéis i 2010 agus an uimhir a bhí ann ar an lá sin ná 83,000. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí faoi na huimhreacha. I mo thuairimse, is féidir linn suí anseo agus labhairt go laethúil mar gheall ar an rud seo agus an rud siúd, ach tá plean ag an Stát. Ceapaim go bhfuil an Rialtas ag obair ar chuid den phlean sin agus cuid de na spriocanna sin. An rud atá muid ag rá ná go bhfuil sé iontach soiléir ag an nóiméad seo nach bhfuil a fhios againn cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an méid duine atá ag labhairt Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Tá sprioc de 250,000 duine ann. Táimid i bhfad ón sprioc sin. Mar a deirtear as Béarla, táimid treading water. Nílimid ag dul i dtreo na sprice ar chor ar bith. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ag teipeadh ar an Rialtas leis an straitéis sin. I gceann ceithre bliana, beimid in ann an straitéis sin a sháinneadh ina liathróid bheag agus a chaitheamh sa bhosca bruscair. Beimid leath-slí tríd an straitéis gan aon dul chun cinn sna huimhreacha ar chor ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.