Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Beimid in ann na figúirí sin a fháil. Den chéad uair, cuireadh €500,000 ar fáil don straitéis agus tá €1 milliún ar fáil i mbliana.

I gceann b'fhéidir coicís nó trí mhí, beidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag foilsiú an polasaí oideachais. Is plean é sin atá idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Roinn na Gaeltachta maidir le moltaí nua. Tá an polasaí sin lárnach sa straitéis ó thaobh an oideachais. Is aidhm é dul chun cinn a dhéanamh sna huimhreacha de dhaoine óga faoin straitéis agus sna huimhreacha de dhaoine a labhraíonn Gaeilge. Tá sé sin fíor-thábhachtach. Is dea-nuacht é. Teastaíonn airgead breise ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm ach beidh sé foilsithe go luath. Maidir le figiúirí an daonáirimh, dúirt 1.77 milliún duine go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt i 2011.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.