Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 September 2016
Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht
Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
2:15 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Beidh sé ar fáil. Bhí cruinniú againn leis an stiúrthóir seirbhísí, Mr. Liam Gavin, i nGaillimh an Aoine seo caite maidir leis an togra agus tá sé sásta dul ar aghaidh leis. Ag cruinniú na comhairle contae inniu, chuir comhghleacaí an Teachta, Seán Ó Tuairisg, ceist faoi agus tá an chomhairle sásta go mbeidh airgead ar fáil don togra. Tá innealtóir na Roinne chun teacht ar ais agus beidh sé ag obair ar an togra sin.
Ó thaobh breis infhestíochta de agus an gealltanas a bhí sa deal idir Fhianna Fáil agus an Rialtas, tá sé sin ráite agam leis an Aire sinsearach agus leis an Aire Caiteachtais Phoiblí agus Athchóirithe. Mar sin, beidh mé ag iarraidh roinnt airgid don Roinn mar gheall ar an ngealltanas sin, ach b'fhéidir go mbeidh an Teachta Ó Cuív in ann an cheist a chur ar an Aire sinsearach freisin.
No comments