Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 September 2016

Joint Oireachtas Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016: Vote 33 - Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

2:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá soláthar de thart ar €51.2 milliún ar fáil sa bhliain 2016 don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus oileán. Tá suim reatha de €34.3 milliún san áireamh anseo, mar aon le suim €16.87 milliún do chaiteachas caipitil . Bhí ollchaiteachas de €16.1 milliún san iomlán do chlár C go dtí 30 Meitheamh 2016, sé sin 40% den soláthar don bhliain. Faoi 31 Lúnasa 2016, bhí sé seo méadaithe go €23.314 milliún, nó 50% den soláthar don bhliain.

Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar dhúshraith do chur chuige mo Roinne sna réimsí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá os cionn €11 milliún le caitheamh i mbliana ar na scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta a fhorbairt, an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil digiteach agus an plean chun deireadh a chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach a chur i gcríoch. Anuas ar sin, tháinig méadú de bheagnach dhá oiread ar an méid a leithdháileadh don straitéis féin, ó €551,000 sa bhliain 2015 go €1 milliún i mbliana. Cabhraíonn an buiséad seo le dul chun cinn níos fearr a dhéanamh ar na réimsí leathan beart agus tionscnamh a bhaineann le tacaíocht a chur faoin straitéis agus faoin bpróiseas pleanála teanga.

Tá soláthar méadaithe de €18.51 milliún ar fáil i mbliana chun cabhrú le Údarás na Gaeltachta a gcuid spriocanna fostaíochta agus teangacha a bhaint amach sa Ghaeltacht. Mar is eol don choiste, d’éirigh linn trid an bpróiseas Meastachán Athbhreithnithe cistiú breise de €1 milliún a fháil i mbuiséad caipitil an údaráis níos luaithe sa bhliain. Anuas ar sin, tá áthas orm a rá go bhfuil cead faighte agam €1 milliún breise eile a chur ar fail don údarás i mbliana i bhfoirm caipitil. D'fhógair mé an nuacht sin ag bord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha Dé hAoine seo caite. Is cinnte go gcuirfidh sé seo ar chumas na heagraíochta dul chun cinn a dhéanamh ar roinnt tograí caipitil atá ar na bacáin acu, rud a chiallaíonn go ndéanfar na poist atá ann cheana féin a chosaint agus, ar an dul céanna, a chabhróidh le poist nua a chruthú. Táthar ag súiI le 500 post úr a chruthú sa Ghaeltacht i mbliana. Tá cúpla togra le dul ar aghaidh ansin i mbliana. Mar shampla, tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta dabhacha séarachais nua a chur isteach in ionad tionsclaíochta an Tulach.

Maidir leis na hoileáin amach ón chósta, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil idir reatha agus chaipiteal; ina measc sin, maoiniú do sheirbhísí iompar do 19 oileán, idir sheirbhísí farantóireachta paisinéirí agus lastas agus seirbhísí aeir. Ar ndóigh, tá seirbhís aeir Oileáin Árann go mór sa nuacht le tamall anois. Tá próiseas tairisceana ar siúl faoi láthair faoi stiúir an Oifig urn Sholáthar Rialtais d’fhonn conradh ceithre bliana a shocrú do na hoileáin sin. Tá mé sásta go raibh sé ar mo chumas fógra a dhéanamh i rith na seachtaine se go bhfuil síneadh tri mhí suas go deireadh na bliana curtha leis an gconradh reatha. Ar an taobh caipitil, tá mé sásta go mbeidh ciste ar fáil sna blianta romhainn d’fhorbairt Cé Inis Oírr. Is tionscadal tábhachtach é sin do phobal an oileáin. Tá mé sásta chomh maith go raibh sé ar mo chumas i rith na seachtaine tairiscint €6 mhilliún a dhéanamh chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe mar réiteach iomián agus críochnúil ar éilimh ar chaiteachas breise i dtaobh forbairtí a rinneadh roinnt blianta ó shin ar chéanna an Chaladh Mhóir agus Chill Rónáin. Lean mo Roinn i mbliana ag cur maoiniú ar fáil do na húdaráis áitiúla ábhartha chun tabhairt faoi thionscadail infreastruchtúr ar na hoileáin; sé sin, obair ar nós feabhsúchán ar bhóithre agus céanna. Tá €6.644 mhilliún ar fáil faoin mbuiséad caipitil in 2016 agus is ardú suntasach é sin ar an méid a bhí ar fáil sa bhliain 2015.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.