Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirfidh mé mar seo é - má choinnítear an t-airgead seo siar go dtí an bhliain seo chugainn, beidh an tAire Stáit in ann a rá leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go bhfuil go leor tacaíocht aige ón taobh seo den Teach. Tá an maoiniú seo ann anois. Mar is eol don Aire Stáit, ní chaithfear é ar Inis Oírr. Mar sin, dá mbeadh muid in ann na fiacha seo a ghlanadh agus fáil réidh leo, b'fhéidir go dtabharfadh an Roinn an €1 milliún eile atá i gceist. Tá €6 mhilliún ag an Aire Stáit. Dá mbeadh €1 milliún eile aige, bheadh muid glan leis na fiacha seo. Bheadh muid in ann tosú as an nua, agus dul ar aghaidh agus Cé Inis Oírr, Cé Inis Méáin agus na céanna ar fad eile a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.