Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí an Teachta Ó Cuív ann mar Aire ag an am. Níl sé socraithe go fóill. Ní raibh Pat Carey, Dinny McGinley ná an Teachta Joe McHugh in ann socrú a fháil. Tá iarrachtaí chun socrú a fháil ar an mbord anois. Tá thart ar €1 milliún caite ag mo Roinn ón am a rinneadh an deal seo. Tá €307,000 sa bhuiséad i mbliana. Tá €276,000 curtha ar fáil chun obair a dhéanamh ar an héileapad ar Oileán Thoraí. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Tá €36,000 curtha ar fáil chun obair a dhéanamh ar na haerstráicí ar na hoileáin. Tá €22,000 curtha ar fáil chun obair a dhéanamh ar an infreastruchtúir ar na hoileáin i gContae Chorcaí.

Ní bheidh an t-airgead a fuair muid le déanaí le haghaidh na hoibreacha ar Inis Oírr caite. Níl seans ar laghad go mbeidh sé caite. Tá an t-ábhar seo pléite agam leis an Aire, an Teachta Donohoe. Tá Ardrúnaí na Roinne tar éis plé a dhéanamh freisin ar céard ba cheart a dhéanamh leis an maoiniú sin. Caithfimid cead a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa chomhthéacs sin. Tá a fhios agam go mbeadh Comhairle Contae na Gaillimhe an-sásta na hacmhainní sin a fháil. Tá billí acu ó thaobh calaí, bóithre agus an obair atá ar siul ar Inis Mór. Tá an cheist seo á plé againn faoi láthair leis an Ardrúnaí agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.