Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Gabhaim comhghairdeas leat as ucht do phost nua. Go n-éirí an t-ádh leat. Is mór agam an deis seo a fháil Meastúcháin 2016 sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán a phlé leis an gcoiste. Tá os cionn €51 milliún le caitheamh ag mo Roinn sna réimsí seo i mbliana. Tá os cionn €11 milliún le caitheamh ag mo Roinn i mbliana ar na scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuirfidh an méadú atá tagtha ar an tsuim atá ar fáil don straitéis, ó €551,000 anuraidh go €1 milliún i mbliana, ar chumas na Roinne dul chun cinn a dhéanamh ar réimsí na straitéise agus tacaíocht a thabhairt don straitéis agus don phróiseas pleanála teanga.

Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as na heagraíochtaí a roghnú chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir pleanála teanga chun cabhrú le cur i bhfeidhm an phróisis. Tá deontas de €400,000 curtha ar fáil ag an Roinn don údarás sa bhliain reatha don phleanáil teanga.

Maidir leis na hoileáin, tá €6.631 milliún ar fáil faoin mbuiséad reatha sa bhliain 2016, agus ardú suntasach atá i gceist ar an méid a bhí ar fáil sa bhliain 2015. Tá €644,000 ar fáil i mbliana faoi bhuiséad caipitil na Roinne do na hoileáin amach ón gcósta. Tá breis airgid ar fáil ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil do chaladh Inis Oírr agus is féidir é sin a chur leis an airgead atá luaite agam.

Tá áthas orm a rá go bhfuil soláthar méadaithe de €18.51 milliún ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cabhrú leis an údarás a chuid spriocanna fostaíochta agus teangacha a bhaint amach sa Ghaeltacht. Sna Meastacháin Athbhreithnithe, cuireadh €1 milliún breise ar fáil do bhuiséad chaipitil an údaráis, maoiniú a chuirfidh ar chumas an údaráis 500 post úr a chruthú sa Ghaeltacht i mbliana.

Is gné thábhachtach í d'obair mo Roinne tacú leis an chomhoibriú Thuaidh-Theas i gcomhthéacs an Fhorais Teanga. Tá os cionn €13.2 milliún ar fáil don Fhoras Teanga i mbliana. Tá soláthar méadaithe de €670,000 ar fáil i mbliana d'Oifig an Choimisinéara Teanga chun a cuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.