Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 21 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions

Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid tar éis déileáil le fir an phobail, nó Ombudsmen, difriúla. Tá an sórt cleasaíocht céanna - agus an frustrachas céanna, b'fhéidir - orainn. Tuigimid an leigheas nó an moladh atá curtha chun cinn, ach ní féidir linn é a chur i bhfeidhm. I mo thuairim, tá sé níos measa sa chás seo. Dá mbeadh sé i Roinn, nó faoi gné eile den saol, bheadh fuadar faoin Rialtas déileáil leis. Bheadh náire orthu gan déileáil leis. I gcás na Gaeilge, measaim uaireanta go bhfuil siad sásta moill a chur air nó neamhaird a dhéanamh air.

Is rud spéisiúil é go raibh cás cúirte ann le déanaí a bhain leis an Ombudsman Pinsean ina ndúirt an breitheamh nach féidir leis neamhaird a bheith aige don dualgas reachtúil. Sin an píosa atá in easnamh go fóill maidir leis an reachtaíocht. Nuair atáimid ag déileáil leis an reachtaíocht nua, caithfimid déanamh cinnte go bhfuil an dualgas reachtúil níos láidre nó níos práinní. Sin an dúshlán atá ann dúinn. Má tá sé á lorg ag an gcoimisinéir, an coiste seo nó an pobal i gcoitinne maidir le comhlacht atá ag iarraidh a bheith glic le daoine, caithfimid déanamh cinnte go bhfuil an comhlacht sin ag déanamh beart de réir an briathar atá ina scéim teanga nó de réir pé dualgas reachtúil eile atá ann.

Sin an méid atá le rá agamsa. Gabhaim mo bhuíochas leis an mbeirt fhinné. Tá súil agam go mbeimid in ann obair ar an méid atá sa tuarascáil. Má smaoiníonn an coimisinéir ar rud nár fhreagair sé nó má tá aon eolas breise aige, is féidir leis é a chur ar aghaidh chugainn, déileálfaidh muid leis agus tiocfaidh muid thar nais chuige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.