Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Ms Anna Ní Ghallachair:
Tá dhá pointe beaga le déanamh agamsa. Go ginearálta maidir le bás na Gaeilge, caithfimid a bheith cúramach gan an Ghaeilge a chur i gcré na cille sula mbíonn sí básaithe. Tá contúirt ann go dtarlódh sé sin leis an chaint uilig seo faoi bhás na Gaeilge. Tá daoine óga agus tuismitheoirí óga atá ag toiseacht ag labhairt Gaeilge lena gcuid páistí inniu agus beidh amárach agus an lá ina dhiaidh sin. Nílimid ag tabhairt cuidiú ar bith dóibhsean mura bhfuilimid ag caint de shíor ach ar bhás na Gaeilge mar déarfaidh siad leo féin céard is fiú a bheith ag labhairt Gaeilge lena bpáistí mura bhfuil an Ghaeilge chun a bheith ann faoi cheann deich mbliana nó faoi cheann 20 bliain.
Baineann mo dhara phointe leis an phleanáil teangain agus caint ar shaineolas sa phleanáil teangain. Sé an chéad phleanálaí teangain ná an tuismitheoir a shocraíonn an Ghaeilge a thabhairt dá chuid páistí nó dá pháiste. Chuige sin, sé an rud atá de dhíth le bheith cinnte go nglacfaidh an tuismitheoir an cinneadh sin ná ardú feasachta agus tá ról againn uilig sa phróiseas sin agus taobh istigh den Ghaeltacht tá ról ag an údarás sa phróiseas sin. An darna rud atá de dhíth ná go mbeadh córas oideachais sásúil go hiomlán trí mheán na Gaeilge ann. Táimid ag obair air seo faoi láthair agus tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhí mé féin ag an gcruinniú sin inné agus tá na moltaí atá déanta maidir le cúrsaí Gaeilge ar na moltaí is fearr atá feicthe agamsa maidir le teagasc na Gaeilge agus maidir le cúrsaí oideachais trí Ghaeilge ó thosaigh mé ag plé le teanga os cionn 30 bliain ó shin. An rud eile atá ag teastáil ó dhaoine má tá siad ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht agus a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge ná go mbeifí cinnte go mbeadh fostaíocht ann dóibhsean. Muna mbeidh an obair ar fáil do na daoine agus iad ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht, ní dhéanfaidh siad é. Mar sin, caithfidh ardú feasachta a bheith ann, caithfidh na struchtúir a bheith ann agus na hacmhainní a bheith ann. Faoi láthair, is oth liom a rá nach bhfuil na hacmhainní go léir atá ag teastáil uainne in Údarás na Gaeltachta againn leis an obair atáimid in ann a dhéanamh agus a bhfuil fonn orainn a dhéanamh ar bhealach sásúil agus a chinnteoidh todhchaí na Gaeilge amach anseo.
No comments