Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 October 2015
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht
2:10 pm
Mr. Steve Ó Cúláin:
Glacaim go bhfuil mianta láidre ag an Seanadóir Ó Clochartaigh i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil sé dearfach, cosúil linne ar fad sa Ghaeltacht. Ba mhaith linn dul sa treo céanna. Ba mhaith linn rudaí a dhéanamh níos sciobtha ach ag an am céanna caithfear córas a bhreithniú ar dtús agus a leagan amach. Tógann sé am. Níor fhéad muid tosaigh as an áit a raibh muid i 2002. Ní raibh sé sách suas-chun-dáta agus sin an fáth gur iarr muid go dtabharfaí na staitisticí níos giorra chun dáta agus thóg sé sin roinnt ama. Tá sé sin uilig ann anois agus tá an córas á chur i bhfeidhm againn agus táimid ag caint ar 26 eagraíocht phobail ar fud na Gaeltachta, cinnirí pobail, a ainmniú agus beidh sé sin déanta againn roimh dheireadh na bliana seo. Ní cheapaim gur fheidhmiú à la cartea bheas ann. Beimid ag déanamh ár gcuid féin. Ní bheimid ag brath ar na pobail ná á fhágáil faoi na pobail an rud seo a dhéanamh iad féin - ní bheadh sé sin féaráilte - ach ní féidir é a dhéanamh gan an pobal. Is comhpháirtíocht atá i gceist. Tá cúrsaí maoiniú agus acmhainní luaite ag roinnt Teachtaí agus tiocfaidh mé chuige sin ar ball.
Ó thaobh an Teachta Ó Cuív, mhair an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith mar theanga náisiúnta agus sin mar a bhí agus aontódh muid uilig leis sin. Bheadh muid thar a bheith sásta go mbeadh sí go láidir go náisiúnta agus go mbeadh sí láidir sa nGaeltacht.
Is Éireannaigh uilig muid. Maireann cuid againn sa nGaeltacht ach ní shin le rá nach bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh an teanga á labhairt go forleathan ar fud na tíre, agus dá fheabhas atá sí agus dá réir is mó atá sí os comhair an phobail mar fhís náisiúnta, is amhlaidh is fearr, agus d'aontódh mé go huile is go hiomlán leis sin. Táimid ag cur an straitéis i bhfeidhm mar is é an ról atá ag an údarás ná an straitéis a chur i bhfeidhm. Níl sé de ról againne cinneadh a dhéanamh faoi chaitheamh i dtraipisí ná a thuilleadh. Ní fúinn atá sé sin. Caithfimid í a chur i bhfeidhm mar sin í polasaí an Rialtais. Tá sé i gceist againne í a chur i bhfeidhm. Tá tús déanta againn agus tá sé rud beag mall, ach ceapaimse nuair a bheas an bunchóras aontaithe agus na daoine a roghnaigh é agus na ceanneagraíochtaí i mbun oibre, gluaiseoidh sé ar aghaidh go mear. Faighimse an mothúchán láidir ar fud na Gaeltachta go bhfuil muintir na Gaeltachta taobh thiar den fheachtas seo agus go bhfeiceann siad go bhfuil fadhbanna ann, agus tá fadhbanna ann agus tá siad níos measa anois ná mar a bhí siad le fada, ach tá muintir na Gaeltachta sásta dul i mbun na cinniúna seo iad féin agus gníomh a ghlacadh. Beidh muide leo ar an mbealach chomh fada agus gur féidir linn.
Rinne an Teachta Dowds pointe maith. Bhí muide ag cruinniú inné leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus bhí plé fada ansin faoi pholasaí oideachas Gaeltachta. Ní dóigh liom gur féidir tada a tharlú ó thaobh athbheochan na teanga gan pholasaí láidir oideachas Gaeltachta a bheith aontaithe agus tá an t-uafás oibre déanta ag an Roinn sin agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le dó nó trí de bhlianta anuas. Tá siad dáiríre faoi agus tá polasaí an-láidir á chur le chéile. Ceann de na pointí a tháinig aníos ná daoine ag teacht isteach sa nGaeltacht gan Ghaeilge acu agus céard is féidir a dhéanamh faoi sin. Bhí muide ag rá go gcaithfidh feachtas mór láidir a bheith ann ar fud na Gaeltachta chun a mhíniú do dhaoine na buntáistí atá ann a bheith dátheangach. Ní aon mhíbhuntáiste é a bheith ag labhairt Gaeilge. Is buntáiste atá ann do na páistí. Beidh siad i bhfad níos éirimiúla amach anseo. B’fhéidir go gcoinneoidh sé siar ar feadh sé mhí iad nuair atá siad ag iarraidh an dá theanga a shealbhú, ach ansin nuair a thabharfaidh siad leo iad, beidh siad níos fearr. Nuair a thuigfeas muintir na Gaeltachta é sin, agus na tuismitheoirí, bídís taobh amuigh nó taobh istigh, is amhail is fearr é. Caithfidh feachtas láidir a bheith ann faoi sin.
Bhí an ceart ag an Seanadóir Mac Conghail maidir leis an rud a dúirt sé faoi thosaíocht. Is í an tosaíocht atá ann, dáiríre, ná na 26 ceanneagraíocht seo a aithint go luath, rud atá ar siúl againn, ach ansin beidh beagán airgid ag teastáil. Níl mé ag iarraidh a bheith ag caint ar chúrsaí airgid i gcónaí agus ní chúrsaí airgid an leigheas ar chuile scéal, ach tá beagán airgid ag teastáil. Chuir muide figiúr air agus chuir muid faoi bhráid é sin. Tá roinnt mhaith ama caite ag iarraidh é a oibriú amach. Tá go leor de na heagraíochtaí ag feidhmiú go deonach ach caithfidh siad roinnt saineolaithe a cheannach isteacht. Caithfimid féin roinnt saineolais a cheannach isteach. Tá roinnt airgid ag teastáil ansin. Níl ach airgead beag i gceist anseo - €500,000 sa bhliain - leis sin a dhéanamh. Sin an méid.
Mar fhreagra ar an Teachta Kyne, an rud atá i gceist ansin ná feabhsú taobh istigh agus taobh amuigh. Dá mó a thagann feabhas ar chúrsaí náisiúnta is amhail is fearr linne é. Dá mbeadh airgead ar fáil gan fadhb, is é an sprioc atá ann ná ardú 25% a theacht ar chainteoirí laethúil na Gaeilge. Táimid ag caint ar dhul ó 23,000 go dtí 30,000. Sin é an sprioc atá sa straitéis. Dá mbeadh an beagán airgid a luaigh muid níos luaithe ar fáil, sin é an sprioc a bheadh le baint amach againn agus bheadh muid sásta a bheith tomhaiste air sin.
No comments