Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 October 2015

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht

2:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal nach raibh mé anseo don chéad chuid den chruinniú ach tá cruinniú an Choiste Thalmhaíocht, Bia agus Muir ar bun ag an am céanna. Tá mise mar urlabhraí Fhianna Fáil ar an gcoiste sin agus, mar a deirtear, ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal. D'fhág mé an cruinniú sin, atá fós ar bun, agus tháinig mé anseo. Níl aon cheist ach go dtuigeann éinne atá ina chónaí sa nGaeltacht go bhfuil dúshlán ollmhór romhainn. Tá go leor cúiseanna leis sin agus ní mór gníomhú. Is dóigh go n-aontódh muid ar fad leis sin.

Is é mo bharúilse nach mairfeadh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga náisiúnta sa tír uilig. Thug mé caint air seo in Ollscoil Cambridge os cionn bliain ó shin agus má bhreathnaítear siar ar staid na Gaeilge ag deireadh na 19ú haois, agus an patrún a bhí ann ag an am, is léir nach mairfeadh an Ghaeltacht fiú chomh láidir agus atá sí go dtí an lá atá inniu ann, os cionn 100 bliain ina dhiaidh sin, murach gur tharla an t-athbheochan náisiúnta agus murach obair ghluaiseacht na Gaeilge. Mar sin, tá mise go diongbháilte, mar dhuine a fáisceadh as an athbheochan, gurb é an todhchaí don Ghaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht ná i gcomhthéacs í a bheith mar fhíorthobar na Gaeilge i gcomhthéacs náisiúnta agus í a bheith i gcónaí mar theanga náisiúnta. Nuair a bhreathnaím thart sa nGaeltacht agus ar go leor de na cinnirí Gaeltachta a tháinig ó taobh amuigh den Ghaeltacht agus go leor daoine a bhog isteach go dtí an Ghaeltacht agus atá an-dlúth anois mar chuid den phobal Gaeltachta, creidim sin.

Creidim sa bhfís maidir le hathbheochan na Gaeilge. Cá dtiocfaidh sé? Cá bhfios? Theip ar rudaí áiride le 100 bliain anuas agus b'fhéidir go raibh rudaí ann i bhfad ró-uaillmhianach. Níl aon amhras nuair a dhéantar staidéar sochtheangeolaíoch agus socheolaíoch ar stádas lucht labhartha na Gaeilge le hais mar a bheadh sé ag deireadh na 19ú haois, go bhfuil éirithe leis an gcuid sin den chothromóid sa méid is gur dream iad lucht labhartha na Gaeilge go bhfuil fíormheas orthu i measc an phobail i gcoitinne agus tá tábhacht ag baint leis sin. Tá sé spéisiúil sna staidéir sin gurb í an áit is láidre go bhfuil meas ar an nGaeilge ná sa meánaicme i mBaile Átha Cliath, agus an áit is laige, aisteach go leor, ná i measc feilméaraí. Mar sin, ó thús mo shaoil ag plé le cúrsaí Gaeilge nuair a bhí mé 18 bliain d'aois, chreid mé nach mairfeadh an Ghaeltacht gan spéis agus dul chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ach nach mairfeadh an teanga taobh amuigh den Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaeltacht, go raibh an dá thaobh den scéal ag teastáil agus an dá thaobh ag brath go hiomlán ar a chéile.

Céard le déanamh? Is dóigh liomsa gurb é an trua nár cuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm agus go ginearálta níor cuireadh i bhfeidhm é. An méid den straitéis a chuireadh i bhfeidhm, is beag sin agus, mar a dúirt mé ag an am a foilsíodh é, an fáth gur thóg sé an méid sin ama ná go ndeachaigh muid chuig gach Roinn lena gcomhaontú a fháil d' iomlán an mhéid a bhí sa straitéis sin. Ní rud é a réitigh daoine neamhspleácha agus go bhféadfadh an Rialtas a rá nach dtaitin sé seo nó sé siúd leo. Chuaigh muid go dtí an trioblóid - cur sé sin tuilleadh moille air - dul ag an Oireachtas agus tacaíocht chuile pháirtí a fháil don straitéis. Caithfidh mé a rá go gcreidim go mba cheart an straitéis a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán. Dúirt muid é sin ag an am. Istigh sa straitéis bhí ráiteas ann go gcuirfí na ráitis a bhí sa staidéar teangeolaíoch i bhfeidhm. Seasaim leis sin fós. Dá mbeadh rudaí sa bhreis air sin le déanamh, phléadh muid iad agus dhéanfadh muid iad. Ach idir an dá linn, níl aon chiall a bheith ag cur moille leis na rudaí ar fad atá istigh sa straitéis agus a aontaíodh le chuile pháirtí in Oireachtas Éireann. An dtiocfadh na cainteoirí linn go ginearálta - má tá lánstad áit éicint go mba cheart a bhaint as, dhéanfadh muid sin - go mba cheart an straitéis a chur i bhfeidhm, agus mar chuid de sin go mba cheart na moltaí agus an cur chuige ginearálta a bhí sa staidéar teangeolaíoch a chur i bhfeidhm agus go mba cheart scrúdú a dhéanamh ar rudaí breise a cheart a dhéanamh ach gan aon mhoill a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rudaí a aontaíodh?

Más gá dream a cheapadh le breathnú ar na rudaí breise ar cheart a dhéanamh, go mórmhór i gcomhthéacs na Gaeltachta, bíodh sin mar atá sé, ach ná cuirfeadh sé tuilleadh moille mar tá cúig bliana moille cheana féin ann. Is é an mhoill an rud is mó atá á marú seo. Is dóigh go gcaithfimid cuimhniú, dá dtiocfaí ag rá, "Bhuel, cuirfimid chuile shórt sa reoiteoir go dtí go ndéanfaimid athscríobh ar chuile shórt", díreach chomh fada agus a thógann sé cáipéisí a scríobh í gcomhthéacs an Stáit, mar chaithfidh comhairliúchán poiblí a bheith ann. Caithfear an dréacht a réiteach agus é a chur thart ag na Ranna ar fad - agus tá Ranna níos sciobtha ná a chéile - caithfear an dréacht a fhoilsiú, caithfear deis a thabhairt do dhaoine a dtuairim a chur ar fáil faoi sin, caithfidh sé dul ag an Rialtas agus caithfidh sé dul roimh choiste Oireachtais. Tuigeann na finnéithe féin cé chomh fada agus a thógann an próiseas sin ar fad agus idir an dá linn, gan aon ghá, bheadh moill curtha ar na rudaí ar fad a aontaíodh agus a bhféadfaí dul ar aghaidh leo. An dtiocfadh na finnéithe leis gurb é an rud is práinní le déanamh ná na rudaí atá aontaithe a chur i bhfeidhm trasna an bhoird, i ngach réimse den saol, cuid acu a bhaineann leis an tír uilig agus cuid eile a bhaineann go sainiúil leis an nGaeltacht agus ansin scrúdú a dhéanamh ar na rudaí breise ar cheart a dhéanamh de thoradh an staidéir seo nach raibh sa staidéar teangeolaíoch agus a mholtaí ná sa straitéis 20 bliain agus iad sin a dhéanamh sa bhreis ar na rudaí a bhí ann, seachas stop a chur le chuile shórt go dtí go mbeadh tuarascáil eile réitithe agus b'fhéidir cúpla bliain eile caite agus idir an dá linn meath ag teacht ar an nGaeilge?

Mar a deirim, tá tuartha dóchais ann taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá go leor eile a d'fhéadfaí a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá dúshláin do na pobail láidre labhartha Gaeilge taobh istigh den Ghaeltacht ar go leor cúiseanna agus leanfaidh an dúshlán ar aghaidh. Níl aon amhras ormsa nach bhfuil aon bata draíocht ag éinne mar tá an pobal ag síorathrú, daoine ag bogadh isteach agus ag bogadh amach agus mar sin de. Leanann an dúshlán sin ach ní mór dúinn gníomhú go práinneach air sin agus más gá beartanna breise a chur leis an straitéis, ba cheart iad sin a phlé agus é sin a dhéanamh comhthreomhar le cur i bhfeidhm na straitéise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.