Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 October 2015

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht

2:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom i dtosach báire míle fáilte a chur roimh na finnéithe agus fáilte a chur roimh an éisteacht áirithe seo. Is é an feall ná gur thóg sé chomh fada an éisteacht seo a fháil. Tá amhras orm gur léiriú é ar an easpa tiomantais maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sna Tithe seo nár chas an fochoiste seo le chéile ó 22 Eanáir seo caite. Thóg sé cuid mhaith bhrú an cruinniú seo a tharraingt le chéile. Nílim ag cur locht ar aon duine faoi leith anseo. Baineann sé leis an gcóras atá againn anseo nach bhfuil tosaíocht mar is ceart á thabhairt do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Úsáidtear an focal "práinneach", caithfear rudaí a dhéanamh go luath agus caithfear rudaí a phlé ach fiú sna Tithe seo nílimid á dhéanamh sin agus tá súil agam go mbeidh níos mó plé ar na hábhair seo i bhfad níos rialta as seo go dtí deireadh tréimhse an fhochoiste seo.

Cuirim ceist freisin cá bhfuil Conchúr Ó Giollagáin. Is eisean a scríobh an tuarascáil. De ghnáth nuair a bhíonn tuarascáil á cur os comhair choiste den chineál seo, bíonn an t-údar i láthair. Sílim freisin go bhfuil ceist le cur maidir leis na moltaí a rinne Conchúr Ó Giollagáin. Tá an tuarascáil seo fíorthábhachtach. Léiríonn sí athrú ins an treocht ó thaobh cúrsaí go bhfuil athrú mór tagtha fiú ó rinneadh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch i 2007. Dúirt seisean in agallamh a rinne sé go raibh na moltaí mar chuid thábhachtach den tuairisc í féin ach níl na moltaí foilsithe mar chuid den tuarascáil agus tá go leor daoine tar éis locht a fháil leis sin mar go mbeadh sé tábhachtach na moltaí a bhí aige a phlé mar shaineolaí sa réimse. Cá bhfuil sé agus cén fáth nach bhfuil na moltaí againn?

Tá sé ar nós cluiche peile go bhfuilimid ag imirt go dona agus táimid ag fáil buailte go dona agus ag leathama táimid ag rá go gcoinneoidh muid ag imirt an bealach céanna agus b'fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar rudaí. Samhlaím gurb shin an chaoi go bhfuil an Státchóras ag breathnú ar an gceist seo i ndáiríre agus nuair nach bhfuilimid sásta na moltaí a rinne a leithéid de Chonchúr Ó Giollagáin a chur amach ansin, fiú mura n-aontaímid leo, agus iad a phlé agus b'fhéidir teacht suas le moltaí difriúla nó cur chuige difriúla ar a laghad ar bith, táimid ag cur an dallamullóg orainn féin, mar a dúirt Ms Ní Chéilleachar níos túisce.

Is cuimhin liom nuair a bhí mé féin ag dul ar scoil, bhí scéal againn faoin impire a bhí ag imeacht ina chraiceann dearg. Bhí an t-impire ag dul thart gan aon éadach air agus ní raibh éinne sásta é a rá leis mar gurb é a bhí i gceannas. Feictear dom ó thaobh na Gaeilge de go bhfuil an Státchóras tite isteach ins an ról sin. Tá na heagraíochtaí pobail ag dul leis an straitéis mar go bhfuil an Rialtas ag rá leo go gcaithfidh siad dul de réir na straitéise. Caithfidh siad glacadh leis an maoiniú a chuireann an Rialtas ar fáil agus na rialacha a leagtar síos, ach i ndáiríre níl aon "buy-in" ag an bpobal ó thaobh an cur chuige. Níl na pobail Ghaeltachta ag ceapadh go bhfuil an straitéis chun difríocht a dhéanamh. Más tada, tá sé ag cur bac ar an dul chun cinn agus ar an obair atá le déanamh. Níl an Státchóras ag glacadh leis sin agus níl an dream sna heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta Státbhunaithe go háirithe á rá sin sách láidir leis an Aire. Tá sé fíorthábhachtach é sin a rá. Mhol Conchúr Ó Giollagáin go poiblí taréis foilsiú na tuarascála go gcuirfí coimisiún éigeandála ar bun. Sin ceist a bheadh agam do chuile dhuine ar an bpainéal. An aontaíonn siad leis an moladh a rinne Conchúr Ó Giollagáin gur chóir don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunadh ag an bpointe seo le féachaint ar an ngéarchéim ina bhfuil rudaí agus, dá bhrí sin, an bhfuilimid ag glacadh leis go gcaithfear dearmad a dhéanamh ar an straitéis mar atá i láthair na huaire agus cur chuige nua a ghlacadh chugainn féin a bheadh i bhfad níos práinní agus ar a mbeadh gníomhaíochtaí praicticiúla a mbeadh maoiniú cinnte le dul leo á dhéanamh againn ar an talamh?

Bhí an straitéis bunaithe ar na moltaí ins an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Níor ghlacadh leis na moltaí ar fad sa staidéar sin ar bord ach dúradh - agus caithfear moladh a thabhairt leis an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí ina Aire ag an am - go gcaithfí an straitéis a chur i bhfeidhm ina iomlán. Nílimid ach ag feiceáil cineál àla cartecur i bhfeidhm ó thaobh na straitéise atá ann i láthair na huaire, píosaí beaga anseo agus ansiúd. Dá bhrí sin, nach bhfuil an cás ann, sa bhreis ar sin, dearmad a dhéanamh ar an straitéis agus teacht suas le cur chuige nua? Cén leagan amach a bheadh ag na finnéithe air sin?

Ceist mhór eile ná cúrsaí acmhainní, mar a luaigh siad. Tá na buiséid gearrtha go dona ó 2007 ar aghaidh. Fiú an tseachtain seo caite, nuair a chonaic muid ardú ag teacht ar bhuiséad eagraíochtaí eile agus foras Stáit eile, rinneadh gearradh praicticiúil eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta. Tá sé €1 milliún níos lú ná an méid a fuair sé ón Stát anuraidh. Tá sé sin scannallach. Cén chaoi a bhfuil na comharchumainn, na heagraíochta pobail, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta féin in ainm aon dul chun cinn a dhéanamh má tá siad gann ar an maoiniú atá ag teastáil?

Sílim go bhfuil neart ceisteanna ansin, ach, i gcead don Leas-Chathaoirleach, tá gá le cruinnithe níos rialta den fhochoiste áirithe seo agus ba chóir go mbeadh muid ag plé ceisteanna eile a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta níos rialta. Más ceist acmhainní daonna sna Tithe seo é, ba chóir go gcuirfeadh an Rialtas acmhainní breise ar fáil don rúnaíocht anseo le go mbeadh sí in ann freastal ar na cruinnithe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.