Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnitheach

2:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gCathaoirleach. Tá an-shásamh orm an deis a bheith agam labhairt leis an gcoiste inniu mar chuid den phroiséas a bhaineann le m'ainmniúcháin mar chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Le beagán cúlra a thabhairt don choiste fúm féin ar dtús, is Ciarraíoch mé a saolaíodh fé bhun An Stricín i Lios Deargáin, Lios Póil, ar imeall Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus an-bhródúil as mo dhúchas, muintir agus paróiste dúchais. Táim ar deoraíocht i gContae an Chláir le breis agus 25 bliain anois ach fuaireas mo bhunscolaíocht tré mhéan na Gaolainne go háitiúil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i Scoil na mBráthair sa Daingean ina dhiaidh sin. Ansan nuair a tháinig sé go dtí cúrsaí tríú leibhéal, bhog mé ar aghaidh go dtí Coláiste Mhuire gan Smál i lár na hochtóidí. Bhaineas amach mo chéim múinteoireachta ansin. Le linn dom bheith ag staidéar ansin, chuireas céad-aithne ar chúrsaí tumoideachais nuair a bhí turas chun na Breataine Bige againn mar chuid dár gcúrsa ansin. Bhí mé ag foghlaim ó mhuintir na Breataine Bige faoin gcur chuige a bhí acusan maidir le cúrsaí dátheangachais agus múineadh trí mheán an dara teanga agus mar sin de.

Go luath ina dhiaidh sin, bhogas mar mhúinteoir óg go Baile Átha Cliath agus bhíos i mo spailpín fánach ag ionadaíocht thart i scoileanna in 1989 agus go deimhin féin gan fostaíocht buan ar bith. Ach go luath ina dhiaidh sin, fuaireas post sealadach i Scoil Neasáin, Gaelscoil iomráiteach i dtuaisceart na cathrach. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, in 1992, ceapadh mé mar phríomhoide i nGaelscoil Sairséal i Luimneach, áit a d'fhanas ar feadh14 bliain. Bhaineas an-taitneamh as mo thréimhse i gcathair ársa álainn Luimní. Bhí cónaí orm i gContae an Chláír, in Inis, an t-am ar fad agus bhí baint agam sa tréimhse sin le cúrsaí Gaelscolaíochta. Bhíos im' uachtarán ar Gaelscoileanna Teoranta ar feadh tréimhse agus bhí baint agam le bunú Gaelscoileanna i gcathair Luimní agus le bunú Gaelcholáiste Luimní ina dhiaidh sin in 2006. Caithfidh mé bheith macánta leis an gcoiste agus a rá gur bhaineas an-taitneamh agus an-chraic as a bheith bainteach le cúrsaí Gaelscolaíochta. Bhuaileas leis na daoine ba bhreátha agus ba phaiseanta go bhféadfá bualadh leo. In 2006, bhogas ar aghaidh go Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Inis i gContae an Chláir agus táim sa scoil sin fós. Tá 404 dalta ar na rollaí againn agus tá an scoil ag méadú is ag fás. Tá Gaelscoil áitiúil againn.

Tá triúr clainne agam: Conall a thosnaigh ar an ollscoil i mbliana agus Fiachra agus Neasa atá ag baile fós. Táim pósta le Nóirín, múinteoir iontach agus bean chéile atá foighneach agus tuisceanach, bail ó Dhia is ó Mhuire uirthi.

Tá mo chuid spéise sa Ghaelscolaíochta ag dul siar ón uair a saolaíodh mé agus mo chuid spéise sa Ghaeltacht amhlaidh. Tá an-spéis agam i gcúrsaí caide chomh maith céanna agus bím bainteach le foirne caide agus mar sin de chomh maith, lasmuigh de chúrsaí oideachais, nuair a bhíonn an deis agam. Toghadh mé mar ionadaí na dtuismitheoirí ar an gcéad Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta nuair a bunaíodh an chomhairle sin. Bhí baint againn le bunú na comhairle sin go deimhin féin. Don tarna tréimhse, toghadh mé mar ionadaí na múinteoirí ar an gcomhairle chéanna. Chaith mé tamall mar leas-chathaoirleach. Ansan thóg mé sos beag ón gcomhairle agus tá an-shásamh orm a bheith thar nais agus bainteach leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta toisc an obair iontach atá déanta ag an gcomhairle ó bunaíodh í agus toisc gur am fíor-dhúshlánach atá ann don oideachas Gaeltachta agus don Ghaelscolaíocht agus am thar a bheith spéisiúil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge i gcoitinne sa tír. Tá súil agam gur féidir liom tacú le Muireann Ní Mhóráin agus leis an bhfoireann iontach atá ag COGG fé stiúir Mhuireann an obair atá le déanamh againn a chur i bhfeidhm sna blianta atá romhainn. Tá ról cuíosach lárnach leagtha amach sna dréachtmholtaí don Ghaeltacht le haghaidh COGG do na blianta atá romhainn. Cinnte beidh dúshlán ann agus beidh obair throm le déanamh. Táim dóchasach, má thugtar an deis agus na hachmhainní dúinn, go bhfuilimid ábalta don dúshlán sin.

Tá mórán rudaí gur gá dúinn a rá mar gheall ar na dúshláin atá bainteach le cúrsaí oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ina measc tá oiliúint mhúinteoirí mar cheann do na príomh-dhúshláin atá romhainn. Bhí an deis agam féin dul ar aghaidh agus tuilleadh staidéir a dhéanamh in Acadamh na hOllscolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus máistreacht a bhaint amach i múineadh teangacha ansin. Is breá liom i gcónaí a bheith ag cur le mo chuid taithí agus le mo chuid oideachais féin. Ba bhreá liom go mbeadh an deis sin ann do gach uile mhúinteoir, go háirithe do mhúinteoirí Gaeltachta agus Gaelscoile. Ar deireadh thiar thall, is iad na múinteoirí na hacmhainní is mó agus is luachmhaire atá againn in ár scoileanna. Cé go raibh ráiteas againn ar maidin atá dearfach faoi chúrsaí teicneolaíochta agus go n-aithním go bhfuil tábhacht ag baint leis an teicneolaíocht, samhlaím gurb é an múinteoir an t-acmhainn is luachmhaire in aon seomra ranga. Tá oiliúint mhúinteoirí ar cheann do na clocha is mó ar ár bpaidrín.

Chomh maith le sin, ó thaobh na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta i gcoitinne faoi láthair le bánú na tuaithe, titim uimhreacha agus mar sin de, is dúshlán ollmhór atá ann dúinn chun féachaint ar na ceisteanna sin agus chun freastal ar na héilimh atá ag na pobail Ghaeltachta. Tá an Ghaeltacht ag athrú. Tá an tír ag athrú. Tá cursaí teangan agus cúrsaí teicneolaíochta ag athrú ag ráta fíor-thapaidh. Bhíos ar an Luas ar maidin ag teacht anseo. Ní raibh éinne ag labhairt le chéile. Bhí gach aon duine ar fóin chliste ag caint le daoine eile nó ag éisteacht le rudaí. Ní raibh cumarsáid ar bith ann. Tá sé sin ag tarlú i dtithe ar fud na tíre agus tá an Ghaeltacht mar a chéile. Tá dúshlán ollmhór ó thaobh an oideachais bainteach leis an ngné sin.

Maidir le múinteoirí agus múinteoirí a oiliúint go dtí ard-chaighdeán, tá oiliúint tosaigh mhúinteoirí an-tábhachtach ach, i gcomhthéacs COGG, beidh forbairt ghairmiúil leanúnach na múinteoirí sin thar a bheith tábhachtach. Tá an ról sin luaite le haghaidh COGG cheana féin sna dréachtmholtaí atá á bplé.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun mo bhuíochas a chur in iúl d'ard-oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna as an obair iontach atá déanta acu leis na moltaí don oideachas Gaeltachta agus as an gcur chuige atá léirithe acu.

Tá ceannródaíocht léirithe le bliain anuas nó mar sin ag ardchigireacht na Roinne maidir leis an gceist seo. Tá sí sin imithe amach chun chomhairliúcháin poiblí agus tá an próiseas ag leanúint ar aghaidh. Beidh cruinniú ann arís ar 19 Deireadh Fómhair agus le cúnamh Dé tiocfaidh pacáiste agus polasaí amach as an obair sin go léir a bheidh chun leasa na Gaeltachta. Ba mhaith liom é a chur ar an taifead go bhfuilimid thar a bheith buíoch d'ardoifigigh na Roinne as an obair atá ar siúl acu.

An uair dheireanach go raibh mise istigh anseo, b'fhéidir le hata Gaelscoileanna orm, bhí ceist an tumoideachais an-te. Thóg sé deich mbliana orainne, ar phobal na Gaeltacha agus ar phobal na Gaelscolaíochta, dul i bhfeidhm ar an Roinn maidir leis an gcur chuige a shíleamarna a bhí oiriúnach don Ghaelscolaíocht agus don Ghaeltacht. Tá sé go hiontach anois go bhfuilimid ar fad ag tarrac sa treo céanna agus le cúnamh Dé rachaidh sé sin chun leasa dhaltaí Gaeltachta agus dhaltaí Gaelscolaíochta na tíre amach anseo. Tá mórán dúshlán gur féidir liom a lua maidir leis an obair a bhaineann le COGG, ina measc dúshláin foirne dúinn féin. Táimid buíoch go bhfuil deis faighte againn beirt oifigeach a cheapadh chomh luath agus is féidir, oifigeach oideachais bunscoile agus oifigeach oideachais iar-bhunscoile. Beimid ag iarraidh iadsan a cheapadh chomh luath agus is féidir linn faoi na coinníollacha is fearr chun cabhrú le Muireann Ní Mhóráin leanúint leis an obair iontach atá ar siúl aici féin agus ag buíon an-bheag daoine. Gan dabht beidh tacaíochtaí cuí á lorg againn chuige sin chomh maith, mar ní leor beirt, ach b'fhéidir go mbeidh lá eile ann gur féidir liom labhairt faoi na nithe sin.

Tá cloch amháin eile ar mo phaidrín a bhaineann le polasaí na Roinne gur mhaith liom a lua, i gcead don Leas-Chathaoirleach. Is é sin an polasaí leanúnach atá ag an Rialtas maidir le haonaid lán-Ghaeilge a bhunú timpeall na tíre ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta. Is maith ann iad aonaid in éagmais aon rud eile ach ar deireadh thiar thall ní scoil atá in aonad. Ba mhaith linn go mbeadh deis againn sna blianta atá romhainn polasaí a fhorbairt leis an Roinn chun aonaid a bhunaítear a fhorbairt isteach ina scoileanna neamhspleácha dara leibhéal lán-Ghaeilge, mar is dóigh liom gurb é sin an cur chuige is éifeachtaí, is fearr agus is mó fiúntais agus luach ar airgead chomh maith do phobal na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta amach anseo. Smaoinímid i gcónaí ar na daltaí, gur féidir leo agus go dtugtar an deis dóibh an teanga a shealbhú ins an suíomh lán-Ghaeilge go nádúrtha.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh leanúnachas ón naíonra, ón réamhscoil, go dtí an bhunscoil, an iar-bhunscoil agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus go mbeadh an rogha sin ar fáil do phobal uilig na tíre, timpeall na tíre go léir, i ngach aon chontae, ar an gcaighdeán is airde. Sin an dúshlán atá romhainn, cabhrú leis sin a chur i bhfeidhm agus le cúnamh Dé beidh buíon an choiste seo agus buíon eile nach bhfuil i láthair ag tacú agus ag cabhrú linn ins an obair ríthábhachtach sin ins na blianta atá romhainn.

Sin a bhfuil le rá agam ag an bpointe seo. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom teacht ina láthair agus as éisteacht bhreá a thabhairt dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.