Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 October 2015

Joint Oireachtas Committee on Education and Social Protection

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnitheach

2:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Más féidir liom an ceann deireannach a thógaint ar dtús, an teagmháil leis an teanga nó an contact time a bhíonn ag duine leis an teanga sa bhunscoil agus sa mheánscoil is about 1,500 hours thar tréimhse 14 bliain. Ní faic é agus ní leor é. Bíonn 500 uair an chloig teagmháil acu leis an teanga i dtréimhse Gaeltachta. Sin an freagra. Bíonn 500 uair an chloig i dtréimhse trí seachtaine agus spraoi, spóirt, caoin, olagón, grá agus gach aon rud eile trí mheán na Gaeilge acu. Tá an teagmháil leis na mothúcháin ceangailte leis an teanga. Tá an ceart ag an Teachta Cannon go pointe áirithe nuair a deireann sé go bhfuil ag teip orainn é sin a dhéanamh in ár mbunscoileanna atá ag teagasc tré Bhéarla, ach níl an t-am tugtha dóibh. Faigheann dalta Gaelscoile a théann ag an naíonra agus ar an nGaelscoil 1,500 uair an chloig teagmháil leis an teanga tar éis bliana amháin sa scoil má bhí tréimhse sa naíonra deanta aige nó aici. Bíonn ar dhalta atá á dteagasc tré Bhéarla 14 bliain a dhéanamh chun an méid sin a fháíl. Tá an teagmháil scaipthe amach agus ró-bheag. Nuair a bhím á mhíniú do thuismitheoirí, deirim leo go bhfuil sé cosúil le bheith ag iarraidh a rá le Brian Cody liathróidí leathair O'Neill's, size 5, a úsáid chun foireann iománaíochta a thraenáil nó a rá le foireann Chiarraí camán agus sliotar a úsáid chun traenáil a dhéanamh don All-Ireland. Is teanga difriúil í. Is contact time agus an caighdeán a bhaineann leis an am teagmhála sin atá i gceist. Sin freagra an-tapaidh ar cheist an-ghinearálta.

Maidir leis an nGaeltacht, sna tríochaidí ní raibh ach aon trian de scoileanna a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht ag múineadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an daonra sna Gaeltachtaí titithe go mór. Tá deacrachtaí le seachadadh na teangan ó ghlúin go glúin, an rud is tábhachtaí ar fad, ach tá ról rí-thábhachtach ag na scoileanna tacú agus cabhrú le sin. Nuair a bheidh sainmhíniú ar scoil Gaeltachta faoi na moltaí nua oideachais agus pacáiste acmhainní agus airgead cuí ann chun iad a chur i bhfeidhm, bíodh sé sin tríd COGG nó eagrais eile, beidh deis ag na Gaeltachtaí an meath a bhain leis an teanga a stop ag an bpointe sin.

Ag teacht thar nais go dtí cuid de na ceisteanna a d'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, ba mhaith liom ar dtús aitheantas a thabhairt do Mhuireann Ní Mhóráin. Mura mbeadh í, ní bheadh COGG. Is í agus Breandán Mac Cormaic, an chéad chathaoirleach a bhí ag COGG, a thóg COGG ó thuas. Ba mhaith liom an obair iontach a dheineadar san le COGG sna chéad dhá tréimhse ach go háirithe a aithint. Chomh maith le san, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do John Carr, iar-chathaoirleach COGG, as an obair a rinne sé siúd le blianta anuas. Teastaíonn uaimse tógaint ar an obair sin. Tá an-chomhoibriú ar siúl thuaidh theas. Is sampla den chéad scoth í COGG ar luach ar airgead agus an luach a fhaightear ar bheagán airgid, dáiríre, nuair a fhéachann duine ar an bpictúir mór. Tá comhoibriú leanúnach leis an Council for the Curriculum, Examinations and Assessment ó thuaidh. Tá suíomh nua Séideán Sí díreach seolta agus tacaíocht thuaidh theas a bhí i gceist ansin. Bíonn tacaíocht leanúnach ar siúl ag COGG chun dúbláil de gach saghas a sheachaint agus chun an luach is fearr ar airgead a fháil do na euros atá againn. Leanfaidh sé sin cinnte.

Bhí coláiste lán-Ghaeilge luaite sa straitéis ag pointe éigin. Mura bhfuil géar-ghá le coláiste lán-Ghaeilge, cinnte tá géar-ghá le cúrsa lán-Ghaeilge do mhúinteoirí. B'fhéidir gur chóir dó a bheith i gceann de na coláistí oiliúna atá ann cheana nó b'fhéidir i gcoláiste nua nó ollscoil éagsúil - níl an chumhacht sin againne - ach tá géar-ghá ann anois tógaint ar an obair iontach atá déanta le roinnt mhaith blianta anuas agus dul chun cinn a dhéanamh. Maidir le múinteoirí, do luamar é leis an Aire ag an gcéad chruinniú a bhí againn don chomhairle. Bhíomar an-bhuíoch gur thug sí an stádas dúinn agus gur fhreastal sí ar an gcéad chruinniú a bhí againn don chomhairle i mí Iúil. Do luadh léi gur bocht an scéal dáiríre go mbíonn ar mhúinteoirí óga - ábhar oidí - teacht suas le €1,000 amach as a bpóca fein nó póca a dtuismitheoirí, chun a bheith níos cruinne fós b'fhéidir, chun dul agus tréimhsí a chaitheamh san Ghaeltacht. Bhí an tréimhse seo íoctha roimis seo ag an Stát. Tá scéimeanna Eorpacha ann do múinteoirí Fraincise agus Gearmáinise chun tréimhse a chaitheamh sna tíortha sin gan a bheith ag íoc airgid amach as a bpóca féinigh. Sin ceann de na rudaí gur gá dúinn breathnú air chun go mbeadh an dearcadh agus an blaiseadh ceart, fíor-dhearfach á fháil ag múinteoirí óga i dtús a saoil múinteoireachta agus gur féidir leo an dearcadh is dearfaí i leith na teangan a ghlacadh chucu féin agus a thabhairt do na daltaí a bheidh á mhúineadh acu amach anseo. Is infheistíocht iontach a bheadh ann i múinteoirí óga ar bheagán airgid.

Aontaím go hiomlán leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ní cheart go gcuirfí deireadh le Scoláireachtaí 1916. Iarraim ar bhaill an choiste seo é sin a chur san áireamh agus gach iarracht a dhéanamh iad a thabhairt thar nais don bhliain seo chugainn. Léiríodh sé sin go bhfuil ómós agus meas againn ar lucht 1916.

Bheadh sé go maith dá léireofaí an méid sin ach go háirithe, do chúrsaí oideachais, don Ghaeltacht agus do dhaoine atá ag staidéar trí mheán na Gaolainne. Bhíodar ann i gcónaí agus baineadh an-leas agus an-úsáid astu agus ba cheart go mbeadh an deis ag aos óg na linne seo dul ar aghaidh agus scoláireachtaí mar sin a ghnóthachtáil chomh maith.

Maidir leis na moltaí, na tosaíochtaí agus na cúrsaí airgid a luadh, gan dabht ní bheidh go leor airgid riamh ag COGG, fiú má dhéanfar an buiséad a dhúbláil agus a mhéadú fá ceathar nó fá cúig, má cuirtear san áireamh na freagrachtaí nua atá á luadh linn maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach. Tógfaidh mé an sampla beag bídeach sin amháin, forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Beimid ag comhoibriú leis na heagrais eile atá sa ghort sin. Cosnóidh sé sin airgead. Nuair a bhíonn múinteoirí á thógáil amach, tá ionadaithe le n-íoc, tá cúrsaí le dearadh agus le cur i bhfeidhm, tá an t-am luachmhar teagmhála sin ag teastáil agus tá saineolas ag teastáil. Tá COGG ag comhoibriú agus ag déanamh cuid den obair seo cheana féin ar bheagáin airgid ach is gá é a leathnú. Tógaimis Séideán Sí mar shampla. Is clár iontach teagaisc é, a dhearadh go speisialta do na scoileanna Gaeltachta agus do na Gaelscoileanna, ach tá forbairt ghairmiúil leanúnach ag teastáil ó ghlúin óg múinteoirí chun an leas is fearr a bhaint as an acmhainn iontach sin. Tá sé go maith acmhainní a bheith ag múinteoir ach tá sé níos fearr iad a úsáid faoi mar ba cheart iad a úsáid, ar an mbealach is éifeachtaí agus is fearr. Is gá dúinn díriú ar cuid de na nithe sin.

An tosaíocht a bheadh agamsa go pearsanta maidir le cúrsaí Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ná go mbeadh an deis ag gach tuismitheoir sa tír, ón naíonra go dtí an ollscoil, ardchaighdeán oideachais a fháil trí mheán na Gaolainne, más é sin a rogha. Nílimidne ag iarraidh an Ghaolainn a bhrú ar aon duine ach táimid ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh tuismitheoirí óga sa Ghalltacht in ann an Ghaeilge a roghnú mar mheán teagaisc dá bpáistí. Is iad siúd agus lucht na Gaeltachta - an slabhra neamhbhriste teangeolaíochta sin nach féidir a cheannach, agus nach féidir a chur ar ais má ligtear dó dul i léig níos faide - na daoine is tábhachtaí sa chóras. Is gá dúinne mar thír, má tá meas againn ar ár n-oidhreacht, ar ár sinsir agus orainn féin mar Phoblacht gach tacaíocht gur féidir a thabhairt ón Stát don oideachas Gaeltachta ag gach leibhéal. Samhlaím amach anseo, nuair a dhéanfar sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta ar lámh amháin, go mba cheart go rachadh, ar an lámh eile leis sin, na tacaíochtaí agus na seirbhísí cuí atá ag teastáil chun cur ar chumas na scoile Gaeltachta an jab atá acu a dhéanamh go snasta agus i gceart.

Luadh cúrsaí múineadh na Gaolainne sna gnáthscoileanna chomh maith. Ní raibh an deis, ceal acmhainní, ag COGG díriú go sonrach ar an gceist sin go fóill. Is eagraíocht óg í COGG nuair a bhreathnaítear ar shaolré na heagraíochta. Tá sé i gceist, le hacmhainní, go mbeadh an deis againn díriú ar mhúineadh na Gaolainne agus tacú le cláracha teagaisc speisialta do mhúineadh na Gaolainne ins na blianta atá romhainn do bhunscoileanna uilig na tíre mar ba cheart go mbeadh an deis, mar a dúirt an tUasal Cannon, ag gach dalta sa tír caighdeán réasúnta cumarsáide sa Ghaeilge a bhaint amach agus gan iad a bheith buartha nach n-éireoidh leo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an teagmháil teanga agus deis sealbhaithe teangain acu ach na hacmhainní cuí chuige sin. Is féidir úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta agus eile chun é sin a dhéanamh chomh maith ach tá géarghá le buiséad chun é sin a chur i bhfeidhm. Ní tharlóidh sé sin thar oíche.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.